Ná géillimis don eagla

Mhúscail an Eoraip ar maidin agus nuacht uafásach ag teacht ón Bheilg go ndearnadh ionsaí eile marfach ar phríomhchathair de chuid na mór-roinne.

Agus seo á scríobh agam tá sé á thuairisciú gur maraíodh ar a laghad 31 duine sna pléascthaí ag aerphort idirnáisiúnta na Bruiséile agus ag stáisiún meitreo i lár na cathrach, agus gur gortaíodh breis agus 200 eile.

Tromluí scéine nach féidir a shamhlú agus a thagann sna sála ar na buamálacha a chroith Páras ceithre mhí ó shin.

Mar an gcéanna leis na hionsaithe sin, is é an Stát Ioslamach atá ag glacadh freagrachta as eachtraí an lae inniu agus d’fhógair an grúpa tráthnóna gur bhuamadóirí féinmharfacha dá gcuid a mharaigh na sibhialtaigh bhochta a bhí ar a mbealach chun na hoibre ar maidin.

Tá go leor cainte ann cheana féin faoi conas a tharla a leithéid d’uafás arís eile in Iarthar na hEorpa agus is cinnte go leanfaidh cúr agus cúiteamh fada faoi na beartais nua slándála ar gá a chur i bhfeidhm, sa Bheilg agus i dtíortha eile ar fud an Aontais Eorpaigh, chun dul i ngleic leis an “rabharta sceimhlitheoireachta” ón antoisceachas Ioslamach.

Is frása é sin thuas a chuala me ar an nuacht teilifíse anocht féin agus mhaithfí do dhuine ar bith a bhí ag amharc ar an tuairisciú ar fad sna meáin inniu dá sílfeadh siad go raibh rúidtrúpaí Ioslamacha ar imeall na hEorpa ag ullmhú leis an mhór-roinn a chur faoi léigear.

Ní féidir le haon duine a shéanadh nach bhfuil antoiscigh bhrúidiúla ann atá ag iarraidh cur isteach go mór ar shaol ghnáthmhuintir na hEorpa ach tá sé riachtanach gach feiniméan a chur i gcomhthéasc seachas freagra tobann gan smaoineamh a thabhairt air.

(Breathnaigh ar an aisfhreagra ó iarrathóirí uachtaránachta na bPoblachtánach i SAM inniu le fáil amach cad atá i gceist agam le ‘gan smaoineamh’).

An chéad chomhthéasc ná nach dtarlaíonn ionsaithe gránna den chineál seo i bhfolús ach gur siomptóim iad ar fhadhb i bhfad níos doimhne.

Tá croí na faidhbe sin le fáil sa dóigh ar chaith cumhachtaí an Iarthair le rialtais dhaonlathacha agus le sibhialtaigh sa Mheánoirthear le glúin anuas.

Is í lom na fírinne ná go bhfuil na hionsaithe sceimhle a tharla sa Bhruiséil inniu, agus i bPáras i mí na Samhna, ag tarlú le blianta in áiteanna eile ar fud na cruinne, agus ar an drochuair is iad rialtais atá gar don bhaile is cúis le cuid mhór den mharú.

Cogadh i ndiaidh cogaidh, ionsaí i ndiaidh ionsaí, dúnmharú i ndiaidh dúnmharaithe, “athrú réimis” i ndiaidh “athraithe réimis”, agus é ar fad curtha i gcrích ar mhaithe le leas polaitiúil agus eacnamúil an Iarthair gan smaoineamh ar an tionchar uafásach a bhí ag a gcluichí ar ghnáthmhuintir na hIaráice, na Siria agus tíortha eile nach iad.

“An Cogadh in aghaidh na Sceimhle” atá á thabhairt ar an pholasaí eachtrach fabhtach seo le 15 bliain anuas ach is léir don dall anois nach bhfuil mórán ratha ar an chur chuige.

Cad a dúirt Einstein (más fíor) faoina bheith ag déanamh na rudaí céanna arís agus arís eile ach a bheith ag súil le toradh éagsúil…?

Tá sé thar am go mbeadh díospóireacht oscailte san Iarthar faoi na fíricí míchompordacha taobh thiar d’ionsaithe na ngrúpaí éagsúla ar nós an Stáit Ioslamaigh.

Tá sé thar am go gcaitear súil ghéar ar an úsáid a bhaineann lucht na cumhachta anseo as na hionsaithe céanna, úsáid a théann chun sochair a leasa féin de ghnáth (slándáil bhreise nó ionsaí eile thar lear).

Agus tá sé thar am do gach ceannaire domhanda a thuiscint nach féidir síocháin a choinneáil (más sin an sprioc atá acu) i gcuid amháin den domhan trí dhaoine a mharú i gcuid eile de.

Fírinne eile sa scéal seo ar fad, in ainneoin na scanrálaithe ar fud na meán, ná go bhfuil titim shuntasach tagtha ar líon na n-ionsaithe sceimhle in Iarthar na hEorpa ó bhí tús na 1990í ann.

Léiríonn staitisticí ó Bhunachar Sonraí Sceimhlitheoireachta an Domhain (Global Terrorism Database) de chuid Oifig Slándála Dúiche SAM go bhfuil ardú beag ann le déanaí ach go bhfuil ár gcuidse den Eoraip i bhfad níos sábháilte anois ná mar a bhí 20 nó 30 bliain ó shin.

Anois, an mbeadh a fhios agat sin ónár seirbhísí nuachta?

Cosúil le gach dúshlán atá romhainn mar chine daonna, níl aon réiteach simplí ar na toscaí a chruthaigh an t-ár sa Bhruiséil inniu, nó sa Turc thar an deireadh seachtaine nó sa tSiria le blianta beaga anuas, ach is mór an cuidiú é nuair is féidir linn bheith oscailte ionraic faoi gach píosa den mheascán mearaí casta cráite seo.

Is mór an chabhair é chomh maith nuair nach ligeann muid don eagla greim a fháil orainn agus muid a dhalladh ar an chomhbhá, ar an ghrá, ar an mhaitheas agus ar an dóchas atá beo i gcroíthe thromlach mór dhaonra an domhain seo.

SCÉALTA EILE