Tá cáil, nó droch-cháil, ar Google Translate as cuid de na leaganacha Gaeilge atá curtha ar fáil ag an inneall uathoibríoch aistriúcháin le tamall de bhlianta anuas, ach ar cheann de na ‘praistriúcháin’ is aistí le fada tá an leagan Béarla a thugtar ar ‘An Páirtí Náisiúnta’ — ‘The Nazi Party’.
Le linn taighde d’alt ar ábhar eile, tháinig sé chun solais d’fhoireann NÓS gur ‘the Nazi Party’ an leagan Béarla a cuireadh ar fáil in aistriúchán a sholáthraigh Google Translate ar théacs a bhain leis an bPáirtí Náisiúnta.
Cuireadh an téacs seo a leanas, a foilsíodh ar leathanach aitheanta Gaeilge ar na meáin shóisialta le deireanas, tríd an inneall aistriúcháin:
Tá ceart fíor againn chun gceist a chur orthu cen fáth agus stop a chur leis. Mar shampla, Irexit no an pairtí naisunta. Bhain t eolas faoi
Agus ba é an téacs Béarla a cuireadh ar fáil:
We have a real right to question them why and stop it. For example, Irexit or the Nazi Party. You knew about it.

Is páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis iad an Páirtí Náisiúnta a bhunaigh Justin Barrett in 2016. Tá Barrett fós ina cheannaire ar an bpáirtí agus James Reynolds ina leas-cheannaire. Cé gur sheas ionadaithe de chuid an pháirtí i dtoghcháin éagsúla le trí bliana anuas, níl aon ionadaí tofa acu i dTithe an Oireachtais ná sna húdaráis áitiúla.
Tá bunaitheoir an pháirtí i bhfách “Poblacht Caitliceach” a chur ar bun, agus í bunaithe ar an náisiúntacht, tá ráite aige cheana gur mhaith leis cosc, ach ní lánchosc, a chur ar Mhoslamaigh teacht go hÉirinn, tá sé in aghaidh an phósta comhionannais, agus bhí sé ag feachtasaíocht anuraidh in aghaidh lucht na hAisghairme.
Tá cáineadh déanta ag eagraíochtaí frith-chiníochais ar an bPáirtí Náisiúnta agus ar oifigigh shinsearacha san eagraíocht.
Tá ráiteas ar an gceist ón bPáirtí Náisiúnta iarrtha ag NÓS.