Is féidir dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir Charlie Hebdo agus, ag an am céanna, a gcur chuige eagarthóireachta a cheistiú. Is comhghleacaí Francach le NÓS í an t-údar ar fearr léi gan a hainm a fhoilsiú.
Mar bhean Fhrancach, mar ealaíontóir, mar dhuine a oibríonn le hirisí agus, thar aon ní eile, mar bhall den chine daonna, chuir an t-ionsaí gránna ar oifigí Charlie Hebdo inné samhnas agus brón ar mo chroí.
Antoiscigh gan meas ar bith ar an bheatha agus nach bhfuil aon spás ann dóibh in aon sochaí chuimsitheach a rinne an t-ár.
Ba chóir don mhórphobal ar fad iad a cháineadh go láidir – mar atá ag tarlú – agus ba chóir dlúthpháirtíocht a thaispeáint leis na híospartaigh, lena dteaghlaigh agus lena gcomhghleacaithe.
Ní chiallaíonn sé sin, áfach, gur ‘Mise Charlie’.
Shílfeá, óna bheith ag breathnú ar an dioscúrsa atá le léamh agus le cloisteáil go forleathan sna meáin lárshrutha, anseo sa Fhrainc agus ar fud an domhain, go dtacaíonn gach duine le cur chuige Charlie Hebdo, go n-amharcann cách orthu mar urgharda na saoirse cainte.
Ach ní thacaíonn, agus ní amharcann.
Is cinnte go raibh go leor de léaráidí Charlie Hebdo greannmhar agus glic, agus gur spoch siad as an eaglais Chaitliceach agus polaiteoirí an rachmais mar aon leis an phobal Moslamach.
Ach bhí cuid mhór dá gcuid oibre ciníoch, homafóbach agus Ioslámafóbach.
Le blianta beaga anuas ba mhinic gur léiríodh daoine den chreideamh Moslamach ar bhealach gránna, le sróna móra agus cuma ar mire orthu.
Chuirfeadh sé na scigphictiúir de Ghiúdaigh ón Ghearmáin sna 30í, nó d’Éireannaigh in iris Punch Shasana ó lár an 19ú aois, i gcuimhne duit.
Agus tá a fhios againn cén t-atmaisféar a cruthaíodh dá bharr sa dá chás sin.
Inniu sa Fhrainc tá an pobal mionlaithe Moslamach faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus tá an eite dheis ag méadú go scanrúil.
Dá bharr sin tá dualgas ar dhaoine forásacha – mar atá, creidim, i bhformhór oibrithe de chuid Charlie Hebdo – gan cur leis an teannas agus smaoineamh ar conas a théann a léaráidí aoire i bhfeidhm ar an tsochaí iomlán.
Tá sé brónach gur gá a rá nach leithscéal ar bith é an dearcadh seo as an méid a tharla inné ach le saoirse cainte, tagann freagracht.
Freagracht chun cur le tuiscint agus meas, freagracht chun cothromas a chothú, freagracht chun todhchaí shíochánta a chinntiú do chách.
Is ar na fáthanna seo a seasaim féin go daingean in éadan an fhoréigin seo agus ar son phobal uile na Fraince, is cuma cén dath craicinn, creideamh nó gnéas atá acu.
Seasaim le gach duine atá ag fulaingt de bharr ionsaí an lae inné, ach ní mise Charlie.
B’fhearr liom bheith beo i sochaí níos tuisceanaí.
Je ne suis pas Charlie.