Níor cheart go gcaillfinn an vóta toisc go raibh orm dul thar lear

Bhí dhá scéal go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas, agus an pholaitíocht ina geamaireacht. Ar an gcéad dul síos, tháinig Mike Pence ar cuairt chuig ár gceantar dúchais in iarthar na tíre (cé go raibh cruinnithe eagraithe aige i mBaile Átha Cliath, trí uair an chloig sa charr uaidh). 

Chuir an Dún Beag fáilte mhór roimh an eachtrannach (agus á cur, rinne Dún Beag ceap magaidh arís de féin) agus cuireadh ceisteanna faoi a chiallmhaire is a bhí an chuairt — cé mhéid a d’íoc rialtas Mheiriceá as turas eile go hostán Trump? Tháinig Mike aniar aduaidh orainn ar fad ansin nuair a d’impigh sé ar Éirinn dul i mbun idirbheartaíochta Breatimeachta leis an mBreatain arís, agus é ag tabhairt le fios nach gcreideann sé gur thug muid cothrom na Féinne don Bhreatain sa chéad bhabhta – rud a shéantar ó mhaidin go hoíche i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil. 

Tá na blianta caite againn ag déanamh amadán dínn féin os comhair na Meiriceánach, agus faoi dheireadh, d’fhill an feall ar an bhfeallaire. 

Ag caint ar an mBreatain, bhí seachtain dheacair ag Boris Johnston. Deirtear go mbíonn gach tús lag, ach is deacair a mheas conas a thiocfaidh BoJo (lena mojo caillte) ar ais chuige féin i ndiaidh na seachtaine seo. 

Le hachoimre beag a dhéanamh ar eachtraí na seachtaine: chaill sé a thromlach sa Pharlaimint, thug sé an bóthar do 21 MP atá “measartha coiméadach” (garmhac a laoich, Winston Churchill agus beirt iar-Aire airgeadais ina measc), d’fhógair a dheartháir féin go raibh sé ag éirí as (tréigeadh idir deartháireacha na bhfaca muid ó Cáin agus Áibil — nó muintir Milliband) agus ansin d’éirigh Amber Rudd, MP cumhachtach atá sa lár i bpáirtí na gCaomhach, as tar éis litir inar ith sí Boris gan salann a fhoilsiú. Teastaíonn toghchán ó Boris, ach níl an Pharlaimint sásta é a cheadú. 

Phew. Anáil. An oiread sin drámaíochta, cheapfá gur ar Love Island atá muid. Ach is dóigh liom go léiríonn eachtraí na seachtaine tábhacht na polaitíochta inár saol (rud a thuigeann muid i ré Trump níos fearr ná riamh), agus go deimhin, tábhacht an vóta. 

Dá vótálfadh daoine óga sna toghcháin/reifrinn is déanaí sa Bhreatain agus i Meiriceá, an mbeadh orainn éisteacht le clabaireacht Boris, nó bréagacha Pence? 

Fad is a bhí an tóin ag titim as rialtas na Breataine agus muintir Mheiriceá ag smaoineamh faoin méid mílte idir an Dún Beag agus an phríomhchathair, bhí an Taoiseach Leo Varadkar ag tabhairt léachta i Loch Garman faoi chearta votála na n-imirceach. 

Mhaígh sé gur ionann Éireannach i nGaillimh agus Éireannach i Chicago nó Éireannach i mBéal Feirste. D’admhaigh sé gur mór an dúshlán atá roimh an bhfeachtas a dteastaíonn uathu cearta vótála a thabhairt d’Éireannaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear. 

Tá an ceart aige (ar an dá ábhar). Is Éireannach bródúil mé, cé go bhfuil mé ag cur fúm sa Bhruiséil. Ní chaillim m’fhéiniúlacht agus mé ag Aerfort Bhaile Átha Cliath (is é Mike Pence an t-aon duine a úsáideann Aerfort na Sionainne, faraor). 

Féachaim ar chluichí na hÉireann agus mé thar lear. Tagaim abhaile le freastal ar bhainiseacha, ar bhaistí agus ar fhéilte in Éirinn le linn na bliana. Féachaim ar chláracha RTÉ ar an Player, éistim le Seán O’Rourke agus Tús Áite, chuir mé geall ar Rós Thrá Lí (ach níor éist mé le Ray Darcy ar an idirlíon, go fóill.) Cuirim spéis i gcúrsaí reatha na hÉireann agus, nuair a bhíonn rud éigin le rá agam, scríobhaim chuig mo TD nó an chuig an Aire in Éirinn.  

D’fhás mé aníos in Éirinn le linn an Tíogair Cheiltigh, agus bhain mé céim amach le linn na géarchéime eacnamaíochta. Tuigim tábhacht an daonlathais dá bharr — tuigim cad a dhéanann drochrialtas nó rialtas maith. Ní aontaím gur cheart go gcaillfinn an ceart vótála toisc go raibh orm dul thar lear le post a fháil (sula gcuireann tú an cheist, íocaim cáin in Éirinn, ach is dainséarach cearta duine a bhunú ar an méid cánach a íocann siad). 

Is ball mé den ghlúin Éireannach a chuir fáilte roimh athraithe sóisialta suntasacha agus a chaith vóta (inár mílte) ar son shaoirse na mban agus saoirse an ghrá. Ar cheart mé a bhalbhú má chaithim an iomarca ama (go leanúnach) thar lear?

Chuir mo thír bród orm nuair a vótáil muid ar son an chomhionannais pósta, agus ar son na ginmhillte. Mhothaigh mé go raibh cumhacht na hEaglaise á caitheamh uainn againn, agus táim níos bródúla arís nuair a fheicim Éire ag seasamh as a stuaim féin san Eoraip agus brú millteanach á chur uirthi ag an mBreatain géilleadh san idirbheartaíocht is déanaí. Go dtí seo, níor ghéill. 

Nuair a tháinig Mike Pence (fear atá I gcoinne na rudaí móra sin a luaigh mé, agus atá go mór faoi thionchar a chreidimh) ar cuairt, ritheadh liom go ndeachaigh a mhuintir ar an mbád bán blianta ó shin, ach go bhfuil muid níos ‘forbartha’ anois ná mar atá seisean.  

Feictear dom gur tír fásta anois muid, agus gur imir an glúin s’againne ról san fhorbairt sin. Níor cheart go mbainfí dúinn an ceart bunúsach sin; ba mhaith liom go gcloisfí ár nglór arís sna díospóireachtaí atá romhainn, fad is a mhéadaíonn tábhacht agus cumhacht na hÉireann ar fud an domhain — an áit ina bhfuil muid. 

SCÉALTA EILE