Obama – Is féidir leis

Ar 20 Eanáir 2009, rinneadh stair.

Ar Chnoc an Chaipeatóil, Washington DC, ghlac Barack Hussein Obama mionn os comhair an Domhain le bheith ar 44ú Uachtarán na Stát Aontaithe. (Bhuel thiocfadh a rá gurb é an 43ú Uachtarán mar bhí Grover Cleveland sa Teach Bán faoi dhó, ar dtús in 1885 agus ansin 1893).

Ba lá é insealbhú Obama a chreid go leor, agus le fírinne a chreid mé féin, nach bhfeicfeadh siad choíche; fear gorm mar Uachtarán ar thír a streachail chomh fada le cearta sibhialta.

Thosaigh an bóthar fada chun an Tí Bháin dó fadó, nuair i mí Feabhra 2007, d’fhógair Obama go hoifigiúil go raibh sé le seasamh mar iarrthóir don pháirtí Daonlathach.

Ba chath fíochmhar é in éadan Hillary Clinton nach raibh gan chonspóid, ach d’éirigh leis an seanadóir as Illinois pobal SAM a spreagadh lena chuspóir, “Athrú”, “Dóchas”, agus dar ndóighe, a mhana cáiliúil, “Sea, Is féidir linn”.

Mheall sé na míllte chuig a chuid óráidí; tháinig aosta agus óg, geal agus gorm, leis an fear a thosaigh breis agus fiche bliain ó shin mar oibrí pobail a chluinstin.

D’éirigh leis an bua a bhreith taobh istigh dá pháirtí féin, ach anois bhí an dúshlán roimhe le croí an náisiúin a bhuachan.

Den chéad uair i mblianta d’éirigh Meiriceánaigh tógtha faoina gcuid polaitíochta arís agus fiú thacaigh réaltaí ar nós Bono agus Oprah Winfrey leis agus é i mbun feachtas.

San iomaíocht don phost mór, bhí John McCain, Poblachtánach ó Arizona.

Mar shaighdiúir agus príosúnach cogaidh a throid i Vítneam, cuireadh McCain i láthair mar laoch Meiriceánach, eilimint a bhí i gcónaí coitianta agus a thaitin le lucht vótála na mblianta a tharla thart – John F. Kennedy agus Dwight Eisenhower mar shampla – ach chaill sé vótálaithe mar gheall ar a dhearcadh ar an chogadh san Iaráic agus a rogha conspóideach don Leas-Uachtarántacht, Sarah Palin.

Mar sin chan amháin gur amharc muintir Mheiriceá ar Obama mar thús ré nua, ach d’amharc an Domhan ar fad air mar dhuine úr agus éagsúil ó cheannaireacht ‘Dubya’.

Sheas sé go dian in éadan an chogaidh ar an Afganastán agus an Iaráic, ag cur síos air mar chogadh “nár bunaíodh ar an réasún, ach ar an pholaitíocht ”.

Chuimhnigh sé ar an ghnáth-Mheiriceánach chomh maith áfach, ag gealladh go mbeadh cúram sláinte níos fearr do dhaoine bochta agus cothrom na féinne in ainneoin cine.

Is dócha go raibh sé fóirsteanach mar sin gurb é an lá roimh an insealbhú ná ‘Lá Martin Luther King’, nuair a dhéantar ceiliúradh gach bliain ar an laoch cearta sibhialta a maraíodh níos mó na 40 bliain ó shin.

I measc na sluaite i láthair in DC ar an lá stairiúil bhí gníomhaithe cearta sibhialta eile a throid taobh King; is cinnte nach ndéanfar dearmad ar na pictiúir de Jesse Jackson ag caoineadh agus Obama ag seasamh chun tosaigh lena óráid a thabhairt.

Rinne Obama féin trácht ar an athrú ón am sin a chuaigh thart san óráid, ag rá go bhfuil geall “tugtha ag Dia” go mbeidh gach aon Mheiriceánach saor agus comhionann.

Mar sin, le fear gorm anois mar “an fear is cumhachtaí ar an domhan”,  an bhfuil brionglóid MLK fíoraithe?

Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil go fóill, ach níl dabht ar bith ann go spreagfaidh bua Obama daoine eile chun gnímh.

Níl anseo ach an tús, agus is maith go bhfuil a fhios sin ag an Uachtarán úr.

Tá an cúlú eacnamaíochta le héirí níos measa, a deir saineolaithe, agus le géarchéim sa Mheánoirthear beidh bliain ghnóthach ag Obama.

Beidh le feiceáil cén tionchar, maith nó olc, a bheas ag Obama ar an Domhan sa 4 bliain amach romhainn, ach cheana féin tá ord sínithe aige le Bá Ghuantanamo, an campa príosúin i gCúba, a dhúnadh.

Creidtear fosta go bhfuil sé ag bualadh le taoisigh an airm le tarraingt amach as an Iaráic a phlé; is cosúil gur mhaith leis críoch a chur le cúpla ord de chuid Bush óig chomh luath agus is féidir.

An féidir linn muinín bheith againn as? Dar liomsa ar a laghad, “Sea, is féidir linn”.

SCÉALTA EILE