Painéal cainte faoi ghluaiseacht na Gaeltachta i mBéal Feirste

Beidh an gníomhaí Gaeltachta Seosamh Ó Cuaig, ball de Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a bhí thar a bheith gníomhach i gcaitheamh a shaoil ar son cearta do mhuintir na Gaeltachta agus do chainteoirí Gaeilge trí chéile mar chuid de phainéal cainteoirí a chíorfaidh ceisteanna éagsúla a bhaineann le cearta sibhialta i mBéal Feirste tráthnóna amárach. 

Ar an bpainéal in éineacht le Seosamh beidh an craoltóir aitheanta Gormfhlaith Ní Thuairisg, an ceoltóir agus craoltóir Edel Ní Churraoin agus an gníomhaí teanga teanga Feargal Mac Ionnrachtaigh ón Dream Dearg. 

Is í an t-iriseoir mór le rá Póilín Ní Chiaráin, a bhfuil gradaim buaite aici as a tuairisceoireacht agus colúin i gcaitheamh na mblianta, go háirithe as an méid a scríobh sí faoi chúrsaí an Tuaiscirt le linn na dTrioblóidí, a bheidh sa gcathaoir i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál san oíche amárach. 

Sula mbeidh an plé painéil ann, taispeánfar an scannán faisnéise An Mar a Chéile Muid? a rinne an stiúrthóir Seán Ó Cualáin. Gearrscannán 25 nóiméad atá i gceist ina gcaitear súil ar an ngluaiseacht cearta sibhialta a bhí ann sa nGaeltacht leathchéad bliain ó shin, agus ar na saincheisteanna a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. 

Ag deireadh na 1960idí, tháinig grúpa daoine óga i gConamara le chéile le troid ar son cearta a bpobail féin. Bhí 8 n-aidhm acu a bhí de dhíth, dar leo, lena bpobal agus a dteanga dhúchais a thabhairt slán. Le scór blianta anuas, tá athrú as cuimse tagtha ar Chonamara. Pobal tuaithe bisiúil, nua-aimseartha atá ann anois agus tá glúin an lae inniu i ndiaidh tairbhe mór a bhaint as an athrú a tháinig ar chúrsaí.

I 1974, nuair a d’éirigh leo Oireachtas na Gaeilge a thógáil amach as Baile Átha Cliath agus a reáchtáil sa Ghaeltacht den chéad uair riamh, bhí an ghluaiseacht i mbarr a réime, agus iad fós ag iarraidh an pobal a mhisniú agus a spreagadh. Ag an Oireachtas sin, d’impigh Joe Steve Ó Neachtain ar phobal na Gaeltachta a ndroim a chur le rútaí a gcultúir aibí lena chosaint, ach is amhlaidh anois go bhfuil ár ndroim casta againn leis. 

Fiafraíonn An Mar a Chéile Muid? den lucht féachana céard a tharla ó bhí 1974 ann, agus cé na cuspóirí agus spriocanna atá ag na glúnta a lean ‘glúin na réabhlóide’. 

Taispeánfar an scannán ag 7pm tráthnóna amárach sa gCultúrlann agus leanfaidh an plé painéil díreach i ndiaidh an taispeántais. Ní mór áit a chur in áirithe le lucht a eagraithe. 

SCÉALTA EILE