Príomhchainteanna Brexit faoin teorainn “le tarlú trí mheán na Gaeilge”


Is as Gaeilge a reáchtálfar aon phlé faoi theorainn na hÉireann i gcainteanna Brexit idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, a dheimhnigh oifigeach de chuid an Aontais san oíche aréir.

Dé hAoine d’fhoilsigh oifigigh shinsearacha de chuid an AE a dtreoirlínte maidir leis an idirbheartaíocht a bheas ar siúl sa tréimhse amach romhainn idir an tAontas agus rialtas Westminister faoi imeacht na RA ón togra Eorpach.

Mar chuid den cháipéis luadh na trí thosaíocht ar a mbeidh an tAE ag díriú le linn na gcainteanna: cearta shaoránaigh an AE; an méid airgid a íocfaidh Londain mar chuid den phróiseas; agus ceist na hÉireann.

“Mar gheall ar na cúinsí ar leith a bhaineann le hoileán na hÉireann, beidh orainn réiteach solúbtha samhlaíoch a aimsiú nach gcuireann teorainn chrua i bhfeidhm sa tír ach a aithníonn sláine an Aontais ag an am céanna,” arsa oifigeach ón AE.

“Agus ag deireadh an lae tá sé tábhachtach a thuiscint gurb í an Ríocht Aontaithe, ní aon tír eile, a chruthaigh an staid ina bhfuil muid faoi láthair.”

Ag preasócáid sa Bhruiséil níos moille sa lá dheimhnigh oifigeach eile de chuid an Aontais go dtabharfar tús áite do theanga oifigiúil na hÉireann sa chuid sin de na cainteanna oifigiúla a bhainfidh leis an teorainn.

“Agus muid an plé theorainn na hÉireann le rialtas na Breataine, is iad ionadaithe ó Rialtas na hÉireann a bheas chun tosaigh ar fhoireann idirbheartaíochta an Aontais, mar gheall ar a saineolas ar an ábhar,” ar sise.

“Chuige sin, tá an chuid sin de na cainteanna le tarlú i bpríomhtheanga na hÉireann, is í sin an Ghaeilge.”

Tuigtear go bhfuil lúcháir ar fhoireann na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh faoin fhógairt, iad ar bís go mbeidh ualach oibre níos mó orthu ná mar atá faoi láthair.

Ach pé smaoineamh a bheadh ag aon duine go mbeifí in ann dallamullóg a chur ar an dá thaobh sna cainteanna, de bharr laige a gcuid Gaeilge, ní foláir dearmad a dhéanamh den phlean sin i bhfianaise na hóráide (thíos) a thug Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, uaithi le linn na seachtaine.

Mar is léir ón fhíseán a d’aimsigh ár gcairde ag Tuairisc.ie, tá May i mbun ullmhúcháin don idirbheartaíocht mhór cheana féin – an féidir an rud céanna a rá faoi rialtas na hÉireann?

SCÉALTA EILE