Sean-chleas i gcoinne na Gréige

Is focal Gréagach é ‘an Eoraip’ .

Síolraíonn sé ón tSeán-Ghréigis ‘Εὐρώπη’ (Ní fios an bhfuil bunús Gréigise leis sin áfach) – maith dom mo chuid foghraíochta ach séanadh oideachas clasaiceach orm i bhfabhar leagan barbarach éigin den Laidin a labhraítear sna cúigí ó thuaidh.

[Vero, tute reapse non bene loqueris Gallice – immo vero modo male et corrupte pronuntias sermonem Latinum plebium ac vernaculum!]

Anam bhanphrionsa na Féiníce a bhí ann sa chéad dul síos, ar fhuadaigh Séas í.

Ar dhóigh éigin glacadh an t-ainm mar ainm ar an talamh ar a raibh an Ghréig agus spréigh sé amach go dtí teorainneacha an lae inniu – ó Shléibhte na hÚraile go dtí an Íoslainn.

Inniu, agus daoine ag caint agus ag smaoineamh sa Bhéarla tá dhá chiall ar leith leis an fhocal: an mhór-roinn agus an tAontas Eorpach.

Ní hionann iad go fóill ach is léir gurb ionann uaillmhian chríche an Aontais agus é.


Ach seasann an Ghréig léi féin anois.

Agus mé i mbun oibre ar cholún na seachtaine seo is í éiginnteacht is mó a bhaineann leis an scéal.

Tá na bainc druidte sa Ghréig go dtí an tseachtain seo chugainn.

Tá srianta caipitil i bhfeidhm acu chun cinntiú nach dtitfidh an córas baincéireachta as a chéile.

Beidh reifreann ann Dé Domhnaigh maidir leis an cheist – ar chóir dóibh glacadh le ciorruithe déine mar chuid de phacáiste tarrthála agus iasacht a fháil chun íoc as iasachtaí agus eile chun an tír a mhaoiniú tamaillín eile, nó nár chóir?

Ach bheadh coinníollacha diana leis an iasacht seo a chuirfeadh déine níos géire arís i bhfeidhm ar thír a d’fhulaing go millteanach go dtí seo.

Agus ar ndóigh, ní féidir leis an Ghréig fiacha s’aici a íoc, agus ní bheidh sí in ann choíche.

Agus ní féidir cúrsaí cánach na Gréige a fheabhsú agus an méid airgid atá sa gheilleagar ag ísliú i gcónaí.

Tá na Gréagaigh idir carraig agus cloch – bealach amháin nó eile tá fíor-fhulaingt i ndán dóibh.


Agus an Ghréig á plé sna meáin, preabann ráiteas Malcolm X chun cuimhne i dtólamh.

“Mura bhfuil tú ar d’airdeall,” a dúirt sé, “cuirfidh na nuachtáin ina luí ort fuath a bheith agat do na daoine atá faoi chois agus gean a bheith agat do na daoine atá ag déanamh leatroim orthu.”

Tá sé sin le feiceáil sa chlúdach atá á dhéanamh ar chás na Gréige sna meáin agus uime sin ar na meáin shóisialta.

Tá eilimintí polaitiúla agus meáin anois ag cur in iúl dúinn go bhfuil rud éigin mícheart go morálta leis an daonlathas agus gur tábhachtaí an eacnamaíocht.

Is léir é sin ó ráitis Christine Lagarde, ceannaire an IMF ag cur in iúl gur orthu féin atá an locht agus iad ag iarraidh “éalú ón cháin.”

Tá an cleas is sine ar an tsaol á imirt anseo: “Ná bíodh aon trua agat dóibh – is drochdhuine iad.”

Ach ná bíodh aon mhíthuiscint ann, tá agus bhí bun-fhadhbanna ag an Ghréig maidir le cén dóigh a mbailíonn siad cáin (nó nach mbailíonn).

Sea, agus níor chóir go mbeadh na Gréagaigh san Euro sa chéad dul síos.

Agus sea, tá gnéithe dá gcóras seafóideach agus míchothrom orainn a chónaíonn i gcodanna eile den Aontas.

Ach ná creid an bhréag, níl na Gréagaigh ag iarraidh suí siar agus teacht i dtír go sona sásta ag déanamh bolg le grian le hairgead cháiníocóirí mhuintir na hEorpa.

Tá gnáthmhuintir na Gréige ag fulaingt go millteanach, tá na milliúin gafa i mbochtanas.

Tá dífhostaíocht i measc na n-óg ar 25% – cén chaoi ar féidir leo ‘cur leis an gheilleagar’?

“Gnó a bhunú,” a deir roinnt agaibh go saonta – cén dóigh sin a dhéanamh i dtír ina bhfuil an geilleagar á laghdú d’aon chúis?

Tá 40% de pháistí na tíre faoin líne bochtaineachta – cén uair a bheas an Troika sásta? Nuair a bheas 80% beo bocht?

Tá an-áthas ar rialtais eile na hEorpa (Éire san áireamh) mar go polaitiúil, caithfidh siad pionós a ghearradh orthu siúd a raibh sé de shotal acu vótáil i gcoinne déine.

Agus ní féidir leo a ligean do Syriza fiú cuma an bhua a bheith acu ar eagla go spreagfadh sé sin an freasúra i dtíortha féin.

Tá na Gréagaigh á náiriú agus tá páistí á ndéanamh díobh mar shampla d’aon duine eile a d’éireodh amach.

Ach mar thoradh air seo go léir tá aisling na hEorpa chomh marbh le hArt – seans gur rud maith é sin áfach.

Gach uile sheans gur tábhachtaí an cuspóir é náiriú na Gréige ná an Euro a shábháil ag an phointe seo.

balla-greig

Agus mé ag leanúint scéal na Gréige, ritheann ráiteas clúiteach eile liom:

“Níl i gcoiste gnó an Stáit nua-aimseartha ach coiste chun gnóthaí coitinne na buirgéiseachta a riaradh.”

Tá focail Marx fóirsteanach mar chur síos ar Choimisiún na hEorpa, an institiúid lofa neamhdhaonlathach ag croí Aontas na hEorpa.

Léiríonn dearcadh an Choimisiúin nach ionann an Eoraip agus iarracht chun caighdeán maireachtála agus saoirse na ndaoine a chinntiú.

Léiríonn sé gur iarracht é na daoine sin a smachtú chun go bhfreastalódh a mbeathaí ar riachtanais eacnamaíochta lucht an rachmais.

Léiríonn naimhdeas an Choimisiúin don reifreann atá beartaithe ag an Ghréig sin go soiléir.

Mura féidir leis an Eoraip freastal ar bhunriachtanais gach saoránach (agus eile) atá ina gcónaí i ngach ballstát – agus ní féidir – ní cóir dó maireachtáil mar atá, ní fiú dó maireachtáil mar atá.

Saothraíonn an tAE €28,000 ar gach saoránach – ach tá daoine inti a bhfuil ocras uirthi, go háirithe sa Ghréig.


Nuair atá duine ag iarraidh fios a bheith aige nó aici maidir leis na rudaí ba chóir a fhiosrú, a phlé agus a cheistiú, tá sé iontach furasta an t-ábhar plé sin a roghnú.

Ní gá ach smaoineamh ar na rudaí nach bhfuil cead agat a fhiosrú, a phlé agus a cheistiú, agus voila – tá ábhar agat.

Rinneadh gach iarracht galar a dhéanamh as Eoraisceipteachas agus iad siúd a léirigh aon amhras faoin togra chun sár-stát Eorpach a chruthú saor ó laincisí an daonlathais, rinneadh iarraidh iad a thruailliú le smál.

Smál atá inchurtha le homafóibe agus le ciníochas.

Deirimse gur léiríonn sé sin gach uile rud atá cearr leis an Aontas Eorpach: togra oll-chumhachtach nach bhfuair mandáid dhaonlathach riamh, an Coimisiún go háirithe.

Ní amháin gur chóir dúinn a bheith sceiptiúil faoin Aontas, agus in amhras i gcónaí faoi gach foinse cumhachta a dheachtaíonn conas a mhaireann muid, ach gur dualgas é sin ar an saoránach.

Caithfidh muid a bheith in amhras faoi gach rud a bhaineann le “heaspa daonlathais” mar a chuireann na bolscairí ar fhrith-dhaonlathas na hEorpa.

rnag-nos-colun

SCÉALTA EILE