Seanscéal agus meirg air is ea toghchán Theach Laighean

Taitníonn toghcháin le cuid mhór againn, ach caithfidh mé a rá go bhfuil mé traochta i mbliana. Idir olltoghchán Westminster, toghcháin sna Stáit Aontaithe agus toghchán na Dála, tá sé an-deacair gan a bheith róshoiniciúil faoin pholaitíocht san am i láthair. Tá Páirtí an Lucht Oibre ag déanamh a iarracht is fearr aithris a dhéanamh ar nualiobrálachas Blair, agus dá laghad a deirtear faoi Trump, is amhlaidh is fearr é. 

Anois, an 34ú Dáil, seanscéal agus meirg air? Bhuel, is ea agus ní hea. Tháinig méadú ar líon na suíochán, ar líon na mban sa Dáil, agus bhí ardú beag ar líon na nGaeilgeoirí a toghadh. Dar ndóigh, athruithe dearfacha amach is amach ach cén difear a dhéanfaidh na hathruithe seo agus rialtas FFG eile i ndán dúinn? Cad é an frása sin ag Einstein faoi ghealtacht? Theip ar an rialtas sa 33ú Dáil plé le fadhbanna tithíochta agus fadhbanna sa chóras sláinte i measc roinnt mhaith ábhar. An bhfuil aon mhuinín ann go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo agus deis eile acu rialtas a chruthú?

Is féidir linn labhairt faoi na rudaí maithe a rinne an rialtas deireanach: €13bn ó Apple nach ligeann siad dúinn dearmad a dhéanamh faoi cé gur dhiúltaigh an rialtas seo glacadh le cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh ar an chéad dul síos. Ach, is fíor é gur vótáladh FFG ar ais toisc gurb iad na páirtithe atá feasach ar fhreagracht an róil. Agus déan dearmad ar an bhóthan rothar a raibh costas €336k air agus ar an bhothán slándála a raibh costas €1.4m air. Ach ná lig do Sinn Féin, an Páirtí Pobal seachas Brabús agus na daoine damanta sin ar an eite chlé seilbh a ghlacadh ar ár n-airgead. 

Tá liosta mór fada den chur amú airgid faoin rialtas dheireanach. Cur amú airgid chomh mór sin agus chomh náireach sin gur luadh é sna díospóireachtaí ach níor ghlac siad aon fhreagacht as seo. 

Rud eile a dúirt an Taoiseach, Simon Harris, nach raibh baint aige le hardú na gcostas maidir le hOtharlann Náisiúnta na Leanaí mar cinneadh an rialtais a bhí ann. Ag magadh atá tú a Shíomóin. Ní hamháin gur an Taoiseach anois thú, ach bhí ba tusa an tAire Sláinte nuair a síníodh an conradh. Ceapaim gur tusa atá freagrach, Simon.

Is comhartha iad na scéalta fadálacha seo den bhunfhadhb i saol na polaitíochta ó dheas. Easpa measa. Níl aon cheart ó Dhia ag aon pholaiteoir nó páirtí an tír a rialú. Cé go ndéanfaidh cuid acu iarracht é sin a chur ina luí ort. Ach is mo bharúil é nach bhfuil mórán, nó aon mheas ag rialtas na tíre ar mhuintir na tíre. Léirítear seo ina n-iompar, ina ngníomhartha. D’ardaigh líon na ndaoine gan dídean go dtí 14,760 i mbliana, le méadú 17% ar líon na bpáistí atá gan dídean. 

Ach dúirt an rialtas, i bhfocail bhuanchlúiteacha Mrs Doubtfire, ‘Help is on the way, dear!’ Cuireadh tithe mar chuid den Scéim um Cheannach Inacmhainne ar fáil ar na mallaibh ar an íosphraghas suarach de €1,175. Is féidir leat teach dhá sheomra leapa a cheannach ar €478,000. Cé dó a bhfuil sé seo inacmhainne? 

Mothaím uaireanta go mbím ag rámhaille agus ag clamhsán sna hailt seo faoi staid na polaitíochta. Mar sin tá mé ag dul a chur srian orm féin an uair seo. Mar a dúirt mé, áfach, tá liosta mór fada ann de theipeanna an rialtais dheireanaigh. Cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, páistí, agus inimircigh. Caithfidh na daoine a chaitheann vóta do FFG vóta ar a son i gcónaí, bheadh sé deacair é sin a athrú. Is doiligh nós a bhriseadh in amanna. Beidh na daoine céanna thíos leo i gcónaí fosta. 

Ach tá a gcéadatán vótaí ag titim; 42.8% idir an bheirt acu an iarraidh seo. Má chuimhníonn tú nár tháinig ach 60.1% de vótálaithe incháilithe amach chun vótáil, ciallaíonn sé sin nár thug ach 26% de vótálaithe incháilithe a vóta do FFG. Ar a bharr sin, ba léir an frustrachas a bhí ar dhaoine le cinneadh an Chomhaontas Glas rialtas a chruthú le FFG. Thit siad ó 12 suíochán go dtí suíochán amháin. Is rabhadh é sin do na páirtithe eile a bhfuil FFG ag cúirtéireacht leo. Tá mé ag amharc oraibhse, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta.

SCÉALTA EILE