Tá bród orm a rá go raibh mé i láthair ag Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn le seasamh a ghlacadh in éadan na heagraíochta frith-Ioslamaí PEGIDA.
Bhíothar ag iarraidh an grúpa seo a bhunú in Éirinn den chéad uair agus cuireadh stop galánta leo.
Tháinig tuairim is 2,000 agóideoir frith-chiníoch le chéile ar mhaithe le taispeáint don tsaol mhór nach bhfuil aon ghlacadh in Éirinn le lucht na heite deise radacaí ná le ciníochas eagraithe.
Bhí craobhacha éagsúla de PEGIDA ag bualadh le chéile i gcathracha ar fud na hEorpa ach ba in Éirinn amháin a cuireadh an ruaig orthu agus a cuireadh bac orthu léirsiú a dhéanamh.
Gluaiseacht fhrith-Ioslamach atá i PEGIDA ar bunaíodh sa Ghearmáin í agus a bhfuil borradh fuithi fríd an Eoraip.
Bhí scaifte beag in Éirinn ag iarraidh craobh den eagraíocht a sheoladh i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus tháinig grúpa darb ainm “Identity Ireland” agus nua-fhaisistigh de chuid na Polainne, a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, le chéile sa chathair ar mhaithe leis an eagraíocht a sheoladh go hoifigiúil.
Bhí, áfach, frith-agóid pleanáilte ag daoine ar beag leo an ciníochas agus an fuath, réimse leathan grúpaí pobail, eagrais Mhoslamacha, eagraíochtaí fhrith-chiníocha, poblachtóirí, sóisialaigh, ainrialaithe, agus gníomhaithe teanga Gaeilge go fiú.
Chruinnigh daoine taobh amuigh den GPO agus fá cheann achair ghairid ansin tugadh faoi deara go raibh na faisistigh ag féacháil le teacht fhad leis an GPO, áit a raibh léirsiú s’acu féin le bheith ann.
Ní raibh drogall ar bith ar mhuintir na frith-agóide tarraingt ar na faisistigh agus fá cheann cúpla bomaite bhí sciar toirtiúil den tslua ag tarraingt ar láthair na bhfaisisteach.
Cupla slat uaim féin chonaic mé go raibh racán á thógáil agus i bhfaiteadh na súl thosaigh na faisistigh ag rith a gcosa in airde ar shiúl ón láthair.
Lean cuid den slua iad go dtí nach raibh an dara rogha ag na faisistigh ach féacháil le tearmann a fháil.
Rith siad isteach i siopa ‘€2’ agus phlódaigh an slua isteach ina ndiaidh, á ngreadadh agus á mbualadh.
Lean sé seo go dtí gur tháinig na Gardaí agus d’fhéach siad leis an dá dhream a scaradh óna chéile.
Ar ndóigh, bhuail siad cúpla agóideoir agus ionadaí ó na meáin ar an chloigeann le buille dá gcuid bataí
Ina dhiaidh sin tharla cúpla caismirt eile idir na hagóideoirí frith-chiníocha agus na faisistigh i dtithe tábhairne agus in ionaid eile sa cheantar máguaird.*
Tá stair fhada ag an fhrith-fhaisisteachas in Éirinn.
Sna 1930í nuair a bhí Mussolini, Hitler agus Franco ag teacht i réim san Eoraip, shíl Eoin O’Duffy agus “na léinte gorma” a leithéid chéanna a dhéanamh anseo in Éirinn.
Chaith siad éide ghorm, mhairseáil siad, rinne siad cúirtéis (salute) ar an dóigh chéanna le naitsithe na Gearmáine, agus scairteadh siad “Hail O’Duffy” go fiú.
Bhí a n-idéolaíocht bunaithe ar an chaitliceachas radacach, an frith-chumannachas agus an frith-sheimíteachas.
Ba ghnách le baill Óglaigh na hÉireann agus le poblachtóirí eile san am sin a bheith go minic in adharca leis na léinte gorma agus thugadh siad greadadh daofa dá bhfeicfeadh siad ar na sráideanna iad.
Caidé a tharla daofa sa deireadh thiar thall?
Bhuel, rinne siad comhnascadh le Cumann na nGaedheal agus bhunaigh siad Fine Gael, páirtí atá go fóill linn… nach méanar dúinn?
Chomh maith leis sin, ghlac Éireannaigh ar an eite chlé ról nach beag i gcosaint na Poblachta Spáinní ar ionsaithe na bhfaisisteach i gCogadh Cathartha na Spáinne sna 30í.
Níl feidhm domh a rá fosta gur láidir a nasc a bhí ariamh anall ag dílseoirí i dtuaisceart na hÉireann le faisistigh agus gur cosúil le faisisteachas go minic smaointe agus gníomhartha s’acu féin.
Dream eile ar an eite dheis, na dílseoirí, ar sheas gníomhairí frith-fhaisisteacha go minic ina n-éadan.
Mar a dúirt mé, tá bród orm gur cuireadh in éadan na bhfaisisteach seo agus nár ligeadh daofa craobh den eagraíocht PEGIDA a sheoladh go rathúil taobh amuigh de Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, 100 bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca.
Dream iad na faisistigh seo a bhíonn lán toilteanach an lámh láidir a úsáid in éadan mionlaigh eitneacha sa tír seo agus atá ann ar mhaithe leis an lucht oibre a scoilt agus cor sa chosán a chur orthu.
Baineann na haicmí ceannais, lucht an rachmais, úsáid as gluiseachtaí den eite dheis le sceimhle agus smacht a chur ar an mhórphobal.
Dá thairbhe sin ní thig linn cead an bhealaigh a thabhairt daofa, caithfear iad a stad.
Sin a rinneadh ar an Satharn.
*Cuntas pearsanta an scríbhneora é seo. Ní thacaíonn NÓS le lámh láidir de chineál ar bith.