Tá an chorraíl shibhialta atá ar siúl in Baltimore na Stát Aontaithe go mór i mbéal an phobail le tamall anuas.
An tseachtain seo d’ardaigh an teannas arís eile nuair a chuaigh gnáthdhaoine i mbun agóide lena míshástacht a chur in iúl faoi dhúnmharú an fhir ghoirm Freddie Gray.
Thosaigh círéibeacha ar shráideanna Bhaile an Tí Mhóir Dé Luain tar éis do scéal an bháis briseadh agus fearg an domhain ar agóideoirí faoin bhrúidiúlacht atá á cur i leith na bpéas.
Bhí tuairiscí ann sna meáin phríomhshrutha go raibh daoine i mbun creachaidh ar shiopaí agus fiú líomhaintí déanta go raibh baill de ghrúpaí ar nós na Bloods agus na Crips gníomhach sa trioblóide fosta.
Ach i measc an ruaille buaille go léir, sáite idir póilíní agus agóideoirí, bhí duine amháin i mbun damhsa.
Michael Jackson question. Many ask where MJ music was coming from during protest. Answer. VIDEO #BaltimoreRiots pic.twitter.com/0z5yZGfXbN
— Shomari Stone (@shomaristone) April 28, 2015
Tá roinnt físeán curtha in airde ar líne le cúpla lá anuas a thaispeánann damhsóir aonair agus é i mbun rince do Beat It clúiteach Michael Jackson.
Ainmníodh é go gasta ar líne mar Dimitri Reeves, damhsóir sráide a bhíonn ag buscáil de ghnáth ar shráideanna Baltimore de ghnáth.
Agus ó a tháinig na físeáin chun solais, tá teachtaireacht curtha ag Dimitri dá chuid leantóirí go léir ar Twitter:
Thanks for all the support everyone just tryin to do my part as a Baltimore citizen STOP FIGHTING! START LOVING! #BaltimoreRiots
— Dimitri Reeves (@Dimitri_Reeves) April 29, 2015
Móimint íocónach sa troid is úire ar son cearta sibhialta i SAM.