‘Tá a chroí tugtha ag an gComhaontas Glas d’Fhianna Fáil agus Fine Gael’

Ní bhíonn ról simplí ag an bpáirtí sóisearach i gcomhrialtas ar bith. Caithfidh siad géilleadh go minic do mhian an phríomhpháirtí, ach ag an am céanna bheith cúramach go bhfuil a bhaill sásta go bhfuil siad ag baint amach a gcuid spriocanna féin. Tá stair pholaitiúil na hÉireann breactha le páirtithe a chaill muinín an phobail agus a tharraing an milleán de bharr easpa chumas an mhórpháirtí. Clann na Poblachta, An Daonlathas Clé, An Páirtí Daonlathach, An Comhaontas Glas 2007-2011, Páirtí an Lucht Oibre 2011-2016 – cuid acu chomh marbh le hart, cuid eile fós ag streachailt leo fós, ach iad go léir ciontach as coireanna páirtí eile.

Tuigimid go léir go mbíonn géilleadh agus comhaontú le déanamh chun comhrialtas a chur i bhfeidhm, ach tá fadhb ann nuair a théann na cinntí sin díreach i gcoinne bhunmhianach an pháirtí. Is é sin atá ag tarlú leis an gComhaontas Glas le déanaí agus iad – nó an chuid is mó dá Theachtaí Dála pé scéal é – ag seasamh le Fine Gael agus Fianna Fáil chun cumhacht níos mó a thabhairt ar ais do thiarnaí talún i rith géarchéim thithíochta agus deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú. Is í mo thuairim féin go gcuirfidh cinntí mar seo deireadh leis an gComhaontas Glas mar fhórsa polaitíochta in Éirinn ar feadh glúine (ar a laghad).

Tá deighilt sa pháirtí le fada – ó bunaíodh é b’fhéidir – deighilt a tháinig chun tosaigh le linn an chomórtais ceannaireachta in 2020 idir Eamon Ryan agus Catherine Martin. Go bunúsach, glacann cuid de bhaill an pháirtí (an eite ar son ceartas sóisialta) go bhfuil fadhbanna timpeallachta na linne agus na réitigh orthu fréamhaithe agus fite fuaite leis an gcóras eacnamaíochta agus le fadhbanna sóisialta an lae. Feictear do chuid eile acu (an eite thimpeallachta amháin) nach bhfuil an tábhacht chéanna ag baint leo, agus gur féidir an geilleagar agus ár slí mhaireachtála a scaradh amach ón gcomhshaol. Bhí an bua ag an Ryan agus an dara meon ag an am, ach ní raibh mórán eatarthu.

Is é mo thuairim, agus ba é le fada an lá, go bhfuil an ceart iomlán ag an dream a sheasann ar son ceartas sóisialta agus a fheiceann nach bhféadfar ollfhadhbanna timpeallachta na linne seo – an éigeandáil aeráide, cailliúint bhithéagsúlachta, truailliú plaisteach – a réiteach gan ceartas sóisialta a bheith lárnach ann, agus gan athrú ó bhonn a dhéanamh ar an ngeilleagar nua-liobrálach. Ní féidir brath ar an margadh amháin. Tá sé rómhall fiú dá mbeadh sé chomh cothrom agus chomh oscailte agus a mhaíonn a chosantóirí…agus níl sé cothrom, ní gá ach féachaint ar an sé thrilliún a fhaigheann comhlachtaí breoslaí iontaise in aghaidh na bliana mar fhóirdheontais.

Ach ná héist liomsa! Féach ar an méid a dúirt an IPCC le gairid ina thuarascáil is déanaí: “Prioritizing equity, climate justice, inclusion and just transition processes can enable adaptation and ambitious mitigation actions and climate resilient development (high confidence)” (maithigí dom an Béarla – níl an tuarascáil i nGaeilge go fóill!). Ní bhfuair an tuarascáil seo an aird a bhí tuillte aici, ach is léir go n-aontaíonn saineolaithe and IPCC le grúpa ceartas sóisialta an Chomhaontais Ghlais!

Tá a fhios againn cé hiad na daoine a bheidh thíos leis an athrú aeráide ar dtús – daoine óga, daoine faoi mhíchumas, imircigh, teifigh, seandaoine, daoine bochta, tuismitheoirí aonair, agus iad nach bhfuil tigh acu. Aon chinneadh rialtais a thugann níos mó cumhachta do lucht an rachmais agus a dhéanann dochar do na pobail is leochailí sa tír, méadóidh sé tionchar na héigeandála aeráide. Tá cinneadh seo an Chomhaontais Ghlais tacaíocht a thabhairt don rialtas coinníollacha maireachtála na glúine óige a lot díreach i gcoinne a spriocanna timpeallachta agus i gcoinne bhunchlocha an pháirtí.

Tuigeann muintir na tíre é seo, daoine óga go háirithe. Tá polaiteoirí a dhéanann beart de réir a mbriathair á lorg acu. Beidh gach páirtí ina pháirtí aeráide as seo amach – an cheist a bheidh ann ná an nglacfaidh an lucht vótála leis na réitigh a chuirfidh na páirtithe faoina mbráid. Tá rogha mhaith ar an eite chlé anois agus cén fáth nach rachaidís sa tseans le páirtí eile seachas ceann nach dtuigeann an nasc idir fadhbanna comhshaoil agus sóisialta.

Comórtas cinniúnach a bhí ann idir Eamon Ryan agus Catherine Martin in 2020. Bhí an bua ag eite thimpeallachta an pháirtí i gcoinne na heite ar son ceartas sóisialta, ach cén mhaitheas é sin má chuir sé síolta bhás an pháirtí ag an am céanna. Ghéill siad croí an pháirtí do Fhianna Fáil agus do Fhine Gael, agus ní dóigh liom gur féidir maireachtáil gan é!

SCÉALTA EILE