Deich mbomaite agus 55 soicind. Sin an méid ama a chaith reachtóirí agus aíonna ag tabhairt bualadh bos d’fhear a bhfuil barántas gabhála le heisiú fána choinne. Fear atá i gceannas ar rialtas a dhúnmharaigh níos mó ná 35,000 Palaistíneach (caithfear a rá nach bhfuil ansin ach meastachán, is dócha go bhfuil líon na marbh níos airde). Benajmin Netanyahu a bhfuil mé ag labhairt faoi.
Thug maidríní lathaí Iosrael aire na huibhe circe do Netanyahu agus é i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) an tseachtain seo caite. Níor ghlac sé ach 30 soicind go bhfuair Netanyahu a chéad bhualadh bos ardghlórach. Bhí an bharbarthacht in éadan na sibhialtachta á phlé aige arís. An meon tipiciúil sin a bhíonn ag cumhachtaí coilíneacha. Amhail is gur barbarthacht é mura gcloíonn duine le meon an Iarthair, an meon sin atá freagrach as na milliúin bás ar fud an domhain.
“Ní mór do SAM agus Iosrael seasamh le chéile,” a dúirt sé. Ciúáil an chéad uair a sheas an slua d’fhear a bhfuil ionchúisitheoir ón Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) ag lorg barántas gabhála dó ar roinnt cúiseamh de choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.
Cén fáth a raibh Netanyahu ansin fiú? Agus cén fáth a bhfaigheann Netanayahu an oiread sin tacaíochta i SAM nuair atá daoine ag déanamh agóide ina éadan in Iosrael?
Thug an dá pháirtí i SAM cuireadh do Netanyahu teacht chuig Comhdháil na Stát Aontaithe an tseachtain seo caite. Ba léir gur mhó an tacaíocht ó na Poblachtánaigh chomhdhála ná ó na Daonlathaithe. Níor fhreastail iarCheann Comhairle an tí, Nancy Pelosi, ar an ócáid.
Fiafraíodh de Chuck Schumer, atá ina cheannaire sa tSeanad don Pháirtí Dhaonlathach, an raibh aiféala air mar cheann de na daoine a sheol cuireadh chuig Netanyahu teacht chun na Comhdhála. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh tiomantas láidir SAM d’Iosrael a léiriú, beag beann ar cé atá mar Phríomh-Aire nó Uachtarán ar an tír. Léiríonn sé seo an meon i measc an pháirtí “liobrálaigh” i SAM, cé nár fhreastail ach beagnach leathchuid de bhaill an Pháirtí Dhaonlathaigh ar an imeacht, Kamala Harris san áireamh.
Níl fadhb acu le hIosrael, níl fadhb acu leis an tslad atá á dhéanamh ag Iosrael sa Phalaistín, agus níl fadhb acu leis na mílte buamaí 2,000lbs atá seolta ag SAM go hIosrael (seachas cúpla eisceacht ar nós Rashida Tlaib, a raibh comhartha aici le linn óráid Netanyahu ar scríobhadh na focail “War Criminal” air).
Tá fadhb acu nach bhfuil gean ag muintir Iosrael ná ag cinn stáit eile ar Netanyahu a thuilleadh, áfach. Tá sé náireach de réir Joe Biden go bhfuil an ICC ag lorg barántas gabhála do Netanyahu agus a leathbhádóirí. Ach tá a fhios acu go mbeidh náire orthu nuair a thiocfaidh turnamh Netanyahu.
Ag deireadh an lae, ba agus is tionscadal coilíneach é Iosrael. Is é sin an fáth a bhfuil an oiread sin tacaíochta acu ó SAM. Is urphost straitéiseach é do SAM, “Póilíní an Domhain.” Is ionann na leasanna agus na naimhde atá acu. Is “sciath chosanta” é Iosrael i measc “bharbarthacht an Mheánoirthir”. Dúirt Netanyahu é seo é sa chéad chúpla bhomaite dá óráid. Faigheann Iosrael thart fá $3.3 billiún in aghaidh na bliana ó SAM de réir Roinn Stáit SAM. Tá siad gafa le hIosrael agus, níos measa fós, tá siad le gafa le Netanyahu agus é mar Phríomh-Aire Iosrael.
D’fhéadfá a rá go bhfuil mé ag cruthú nascanna nach bhfuil ann. D’fhéadfá… ach ní mór duit amharc ar na 52 uair a sheas na daoine a bhí i láthair ag óráid Netanyahu. Léiríodh an tacaíocht dhaingean atá ag Netanyahu i SAM. Tacaíocht nach bhfuil chomh láidir céanna in Iosrael.
Mar a dúirt Noa Landau, tráchtaire le Haaretz, ní dheachaigh Netanyahu go Washington chun deireadh a chur leis an chogadh sa Phalaistín. Chuaigh sé go Washington le hacmhainní a fháil chun fad a chur leis an chogadh. Tá sé ag iarraidh níos mó arm a fháil níos gasta ionas gur féidir le hIosrael léirscrios a dhéanamh ar Hamas agus Gaza. Níl Netanyahu ag iarraidh sos cogaidh a fheiceáil go bhfuil an Phalaistín bánaithe agus go bhfuil seilbh ag Iosrael ar an talamh sin ar fad sa Mheánoirthear — “From the river to the sea.”
Mharaigh Iosrael Ismail Haniyeh, ceannaire polaitíochta de chuid Hamas. Cad a dhéanfaidh sé sin do chainteanna síochána? Cad a dhéanfaidh sé sin i dtaca le sos cogaidh? An léiriú é seo ar thiomantas Iosrael maidir le sos cogaidh? Gurbh fhearr leo a gcéile comhraic a mharú in áit labhairt leo?
Más fíor iad na pobalbhreitheanna in Iosrael, agus níl ach ráta sástachta de thart fá 30-35% aige, agus má fhaigheann Iosrael réidh le Netanyahu fiú, cé a thiocfaidh ina dhiaidh?
Benny Gantz? Nafatali Bennet? Israel Katz? Cá bhfios? Cad a chiallóidh sé sin do mhuintir na Palaistíne? Daoine nach bhfuil baile acu. Daoine nach bhfuil bia nó uisce acu. Ach daoine a bhfuil spiorad agus dóchas acu fós in ainneoin na mbuamaí agus na bpleananna atá ag Iosrael agus áiteanna eile ar an domhan. Níl ceist na Palaistíne ag dul áit ar bith.
Ag deireadh an lae, tá athrú tagtha ar mheon an domhain go pointe, cé go bhfuil Iosrael fós ag fáil arm agus airgid ó SAM agus ón Ríocht Aontaithe i measc áiteanna eile, dar ndóigh. Tá an pobal idirnáisiúnta ag seasamh an fhóid le muintir na Palaistíne. De réir tuarascála ón UNHR tá gníomhartha cinedhíothacha déanta ag Iosrael. Tá barántais gabhála le heisiú ag an ICC fá choinne Netanyahu agus Yoav Gallant. Tiocfaidh Lá an Bhreithiúnais dóibh agus a leathbhádóirí. Ní dhéanfaidh muid dearmad ar na daoine a thacaigh leo go deo. Agus ní bheidh eagla orainn a rá gur chuidigh siad le cinedhíothú lenár linn.