Chuaigh na milliúin duine chuig na botháin sa Ríocht Aontaithe inné agus vótáil siad ar son Daithí Camshrón agus an Páirtí Coimeádach a choinneáil i gcumhacht i Londain ar feadh cúig bliana eile.
Tháinig an toradh aniar aduaidh ar thráchtairí agus ar phobalbhreitheoirí araon a thuar roimh an olltoghchán nach mbeadh tromlach glan ag aon pháirtí agus go mbeadh comhghuaillíocht ar ais i dtithe parlaiminte Westminster.
Ní amhlaidh a thit amach áfach le Páirtí an Lucht Oibre ag inphléascadh in Albain ach go háirithe, áit a bhfuil 56 as 59 suíochán anois ag Páirtí Náisiúnta na hAlban, méadú dochreidte de 50 suíochán ón olltoghchán deiridh.
Agus ar an ábhar gur éirigh leis na Coimeádaigh theacht isteach chun tosaigh i móramh na dtoghcheantar i Sasana, tá cuma ar leith anois ar chomhdhéanamh polaitiúil na Breataine.
Le bheith beacht, thug go leor daoine le fios ar Twitter ar maidin go bhfuil cuma Maggie Simpson ar an oileán in aice linn – cloigeann buí an SNP agus corp gorm na dTóraithe.
@AngrySalmond The predicted UK political map (needs updated, really)… #GE2015 pic.twitter.com/xBZpRaaF2B
— Alex McLaughlan (@alexmclaughlan) May 8, 2015
Ní fios cén bharúil a bheadh ag carachtar clúiteach na Simpsons ar an chomparáid sin ach is cinnte go bhfuil an chuid dhearg den Bhreatain an-mhíshásta go deo leis an phictiúr nua.
I nuacht eile, toghadh cainteoir Gàidhlig in Oileáin Siar na hAlban, Angus MacNeil ón SNP, agus tá roinnt Gaeilge ag cuid de bhaill pharlaiminte Shinn Féin agus ag Gregory Cam Béil ón DUP 😉
Tá dornán Breatnaiseoirí i measc na mball parlaiminte a toghadh i gCymru.