Arís eile, tá bunaíocht na hÉireann ciontach as barraíocht poiblíochta a thabhairt do thuairimí imeallacha. Chonacthas a leithéid roimhe seo le linn na reifreann maidir le ginmhilleadh agus comhionnanas pósta. D’éirigh le lucht ‘Tá’ sa dá reifreann sin le farasbarr chomh suntasach gur cuireadh ceisteanna ina ndiaidh faoin ardán nó faoin chlúdach a bhfuair lucht ‘Níl’ sna meáin chlóite agus chraolta in Éirinn.
An buille seo, is é pólasaí neodrachta na hÉireann atá faoi ionsaí comhtháite ón bhunaíocht. Reachtáladh sráith pobalbhreitheanna ar na mallaibh chun tuairim an phobail a thomhais i dtaca le stádas neodrachta na tíre. Is ar éigean go bhféadfá freagra ní ba shoiléire a fháil. Sa phobalbhreith is déanaí ba lú ná 30% an sciar d’fhreagóirí ar mhian leo fáil réidh leis an neodracht mar a luaitear sa bhunreacht í.
Ach deirtear go múineann gá seift agus, go díreach mar a rinne siad i ndiaidh na chéad phobalbhreithe, d’fhoilsigh an Irish Times léaráid a dearaíodh chun cuma ní b’fhearr agus ní ba shuntasaí a chur ar an sciar ar mhian leo fáil réidh lenár bpolasaí neodrachta.
In ainneoin an easpa goile cogaíochta i measc mhuintir na hÉireann bheartaigh an rialtas Fóram a chur sa tsiúl chun tuilleadh plé a dhéanamh ar cheist na neodrachta, nó mar a feictear domhsa é chun tuilleadh brú a chur ar an phobal géilleadh dá mhian.
Táthar ag spalpadh sna nuachtáin agus sa Dáil ó fógraíodh an Fóram úd go bhfuil sé ag teacht le luachanna an daonlathais. Ach nuair a roinn Michael D Higgins a chuid amhrais ina thaobh agus é faoi agallamh sa Business Post le gairid b’fhíochmhar an chur ina choinne. Bhí idir iriseoirí agus pholaiteoirí le ceangal faoin méid a dúirt an tUachtarán, agus é cáinte mar namhad an daonlathais.
Anois, dá mba rud é go raibh díospóireacht chothrom ar pholasaí neodrachta na tíre seo ag teastáil ón rialtas, nach luífeadh sé le ciall go mbeadh luach as cuimse ar ionchur dá leithéid ó dhuine a bhfuil táithí na mblianta aige ag stocaireacht ar son na síochána. Ach is léir nach bhfuil an rialtas ná a leathbhádóirí sna meáin ag iarraidh cothromaíocht sa phlé seo. B’fhearr leofa go ndéanfadh painéil ag cur thar maoil le gríosóirí cogaidh ceist na neodrachta a phlé.
Tá an babhta is déanaí seo de chur is cúiteamh faoi neodracht na hÉireann ag teacht sna sála ar an chogadh san Úcráin, agus roinnt tráchtairí agus polaiteoirí ag iarraidh teacht i dtír ar an chogadh chun buairimh shlándála a chothú agus an giorria a chur ina shuí arís maidir le ballraíocht le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) a ghlacadh. Is aisteach liomsa go luafaí NATO mar réiteach ar bhuairimh shlándála ós rud é go raibh ár gcéasadóir féin mar bhall den eagraíocht ó chéadbhunaíodh í.
Agus ní in Éirinn amháin a bheadh amhras ann i dtaca le ról NATO i gcosaint agus i gcur chun cinn na síochána. Tá liosta le háireamh de shléachtaí ina raibh an eagraíocht í féin agus a cuid ball páirteach ag dul siar na blianta.
D’fhéadfá a rá fiú go bhfuil an díospóireacht seo fiche bliain mall, agus muid ag tacú le feachtais fhuilteacha na Stát Aontaithe trí chead a thabhairt d’arm na tíre sin úsáid a bhaint as aerfort na Sionainne.
Leoga, ní hé an comhoibriú seo leis na Stáit Aontaithe an t-aon chomhartha den chreimeadh leanúnach ar pholasaí neodrachta na hÉireann. Ní bhíonn iondaithe an rialtais neodrach ina gcuid ráitisí fiú, mar a léiríodh an tseachtain seo caite nuair a dúirt Michéal Martin go ‘dúnmharaíodh’ ceathrar Iosraelach neamhchiontach ach go ‘maraíodh’ seachtar Pailistíneach i ngiolc a sheol sé. Is dócha gur chúiseanna nadúrtha ba chúis le bás na bPalaistíneach.
Níl mórán neodrachta le sonrú ins an dóigh ina gcaitear le teifigh in Éirinn ach an oiread. Córas céimithe atá i bhfeidhm ina dtugtar tús áite do theifigh atá ag fulaignt faoi fhorlámhas na Rúise agus dróim láimhe dóibh siúd ar chuir na Stáit Aontaithe ar a dteitheadh iad.
In ainneoin go bhfuil laincis bhunreachtúil air mar sin, is léir don dall go mbíonn rialtas na hÉireann ar a dhícheall le cur in iúl go caolchúiseach do chumhachtaí móra an Iarthair gur leofa siúd a bhfuil siad ag tacú.
Cuireadh tús leis an Fhóram Deardaoin seo caite agus thapaigh roinnt ball den Connolly Youth Movement an deis chun dul i mbun léirsiú. Chuir Micheál Martin i leith an lucht agóide ó sheastán an Fhóraim gan bunús daonlathach go raibh siad ag iarraidh an “díospóireacht a mhúchadh”. A mhalairt ghlan a bhí ann ar ndóigh, bhí said ag glacadh páirt ghníomhach sa díospóireacht leis na huirlisí a bhí ar fáil dóibh, go díreach mar a rinne Michael D é féin. Mo sheasamh orthu, agus orthu siúd uilig nach ngéillfidh go deo do thromaíocht na bunaíochta.