TÁ bealach ár leasa romhainn

Tá 48 uair an chloig fágtha go dtí go mbeidh muintir na tíre seo ag caitheamh vóta sa reifreann ar chomhionannas pósta. Caithfidh muid a chinntiú go mbainfear áit amach sa stair ar an lá, a scríobhann Feidhlim Seoighe ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn.


Tá mearbhall ar roinnt mhaith daoine faoi láthair maidir leis an reifreann ar chomhionannas pósta.

Deir na daoine siúd atá ina choinne gurbh fhearr mura n-éireodh leis chun an teaghlach traidisiúnta a shábháil, chun reachtaíocht a rith le foráil a dhéanamh don mháthairionadaíocht, agus chun a chinntiú go mbeidh páistí slán sábháilte.

Seans maith mar sin nach bhfuil a fhios acu go bhfuil an ISPCC agus Barnardos araon ag tacú le vótáil ar son an Bunreacht a leasú.

Tá an dream NÍL ag caitheamh amhrais ar an gceist, agus tá ag éirí leo.

Ní gá dóibh ach míshuaimhneas a chur ar an gcuid is mó de na daoine nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill agus tabharfar bata agus bóthar don chomhionannas.

Is í fírinne an scéil, ámh, nach mbeidh aon bhaint ag an gceist a chuirfear faoi bhreith an phobail Dé hAoine seo le haon cheann de na pointí thuasluaite.

Ní fhiafrófar de mhuintir na tíre ach an ceart go mbeidh cead ag beirt, gan beann ar a ngnéas, dul faoi chuing an phósta.

Sin an méid.

Ní bhaineann an cheist seo le páistí ar chor ar bith (tá an tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015 ar an bhfód cheana féin).

Ní bhaineann sí leis an máthairionadaíocht ach an oiread (níl aon reachtaíocht ann go fóill ina taobh seo, ach aontaíonn an Coimisiún Reifrinn nach bhfuil baint dá laghad ag an reifreann seo léi).

Is é an grá an mothúchán is láidre, is treise agus is ceanúla.

Is deacair a thuiscint sa lá atá inniu ann cén fáth a bhfuil an oiread sin daoine ann nach féidir leo a gcuid grá a léiriú don té a bhfuil cion acu air nó uirthi.

Samhlaigh gan a bheith in ann do ghrá a léiriú; gan a bheith compordach siúl síos an tsráid lámh le láimh le do chéile.

Samhlaigh faitíos a bheith ort póigín a thabhairt dó nó di agus sibh in bhur suí amuigh faoin spéir, ar an trá, ar oíche álainn shamhraidh.

Is é sin an saol atá ag cuid de mhuintir na tíre seo.

Cuid acu ár muintir agus cuid eile ár gcairde.

Anois agus lá na vótála ar na bacáin, tá neart fós gur féidir linn a dhéanamh.

Ní foláir dúinn brú breise a chur ar ár muintir, ar ár gcairde, agus ar gach uile dhuine eile vótáil — vótáil ar son an chomhionannais; vóta ar son an ghrá.

Is iomaí rud iontach sa tír seo: ár dteanga, ár bhféiniúlacht, ar gceol, ár spóirt, agus an chraic a bhíonn againn, ach is tír gan chomhionannas í.

Bainfear áit amach sa stair i mbliana.

Ní athróidh an tsochaí atá againn mar thoradh ar an reifreann, ach cuirfidh sé ar bhealach ár leasa muid.


Ná déanaigí dearmad a Nósadóirí go bhfuil reifreann eile ar siúl Dé hAoine chomh maith.

SCÉALTA EILE