Tá sé fógartha ag an DUP agus ceannaire an pháirtí, Gavin Robinson, go gceisteoidh siad an cinneadh a rinne an tAire Bonneagair Liz Kimmins ó Sinn Féin i leith comharthaíocht dhátheangach ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste.
Tosaíodh foirgníocht an stáisiúin in 2019 agus d’fhág an chéad turas bus an stáisiún i Meán Fómhair 2024. Tháinig an seoladh oifigiúil i mí Dheireadh Fómhair agus tá sé ráite gurb é an mol iompair comhtháite is mó ar an oileán. Tógadh é ar imeall lár na cathrach in aice Rae an Ghainimh, ar ceantar é ina gcuireann Aontachtaithe fúthu den chuid is mó.
Cruthaíodh fadhbanna nuair a chéadfhógraíodh na pleananna forbartha a dearadh do sheanláthair an stáisiúin taobh thiar d’Óstán Europa. Spás sóisialta faoin aer, oifigí agus tithíocht atá le tógáil anseo ach leis sin, tá Droichead na Bóinne le leagadh go talamh. D’fhógair Ardlóiste Oráisteach Bhéal Feirste ag an am go raibh siad i gcoinne na bpleananna, scriosadh an droichid go háirithe.
B’in an tús nach bhfuil deireadh leis fós. Agus Translink ag tarraingt ar chríoch an togra agus ag déanamh réidh lena oscailt ag deireadh 2024, ritheadh rún moladh a thabhairt do Translink comharthaíocht dhátheangach a chrochadh sa Mhórstáisiún Lárnach le tacaíocht ó dháréag comhairleoirí ón Choiste Caighdeán agus Gnó ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Ar sheoladh an stáisiúin úir, áfach, ní raibh le feiceáil den Ghaeilge ach ‘Fáilte’ bheag bhídeach ag an fháiltiú. Bheartaigh An Dream Dearg agóid a dhéanamh sa Mhórstáisiún i mí Mheán an Fhómhair i gcoinne an eisiata fhollasaigh seo. Suas go dtí cinneadh an Aire ar na mallaibh, níor tháinig athrú ar an scéal. Tá sé foghlamtha ag NÓS gur bhagair grúpaí áitiúla paraimíleata foréigean ar Translink má thógfar an chomharthaíocht.
Ní seo an chéad uair a bhí fál go haer roimh Translink i dtaca leis an Ghaeilge. Sheol Translink an tseirbhís Glider in 2018 a sholáthraíonn líne iompair ó iarthar Bhéal Feirste go hoirthear na cathrach. Nuair atá an Glider le feiceáil ar Bhóthar na bhFál, is féidir ainm Gaeilge agus ainm Béarla na slí a léamh ar aghaidh an bhus. Nuair a thrasnaíonn an Glider lár na cathrach, cuirtear an Ghaeilge faoi cheilt agus is é an Béarla amháin a léirítear. Sláinte agus sábháilteacht na dtiománaithe is cúis leis seo, is dóigh.
Chualathas ó Gavin Robinson gur cinneadh “conspóideach” a bhí ann an t-airgead a dheimhniú don chomharthaíocht, ar cheart vóta a dhéanamh ina leith. Is le Michelle O’Neill (Sinn Féin) agus Emma Little-Pengelly (DUP) a luíonn an chumhacht sin áfach, mar Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire faoi seach.
Scríobh Robinson a bhfuil thíos i ríomhphost a cuireadh chuig lucht tacaíochta an pháirtí (agus a bhfuil Gaeilge bhinn bhlasta curtha agam air):
“Thiocfadh an t-airgead seo a chaitheamh ar ghnólachtaí atá ag streachailt i Rae an Ghainimh (in aice an stáisiúin), ar imir an stáisiún drochthionchar orthu, nó ar sclaigeanna atá dár gciapadh ar na bóithre a réiteach.”
Lean sé air:
“Is léir gur cás conspóideach é seo agus úsáidfidh ár n-airí a spás ag bord an Fheidhmeannais ní amháin le bunús an chinnidh a fháil amach ach chun ár seasamh a leagan síos nach féidir airgead poiblí a chaitheamh ar thogra pearsanta de chuid Sinn Féin.”
Beidh costas £145,000 ag baint le comharthaíocht dhátheangach a chur in airde sa mhórstáisiún agus a shuiteáil ar na meaisíní ticéad, nó 0.4% den £340 milliún a caitheadh ar an ionad. Mún dreoilín san fharraige i bhfírinne, agus mún nach mbeadh ann dó dá mba rud é gur cuireadh an chomharthaíocht in airde sa chéad dul síos.
Amharcaimis ar ghnólachtaí Rae an Ghainimh áfach. Is fadhb mhór é an t-uaisliú in go leor ceantracha ionchathrach fud an domhain. Feabhsaítear na háiseanna atá sa cheantar, tógtar tithíocht nua, ardaítear costais áitiúla. Brúitear muintir na háite amach. Ach ní bhaineann sé seo leis an Ghaeilge agus, dá bhrí sin, ní bhaineann sé le cinneadh an Aire ná níl trasnú ann idir airgead na Roinne Bonneagair agus airgead na Roinne Pobal ach oiread.
Thairis sin, is mol iompair é seo i lár Bhéal Feirste a fhreastalóidh ar dhaoine as gach cúinne den chathair agus gach cearn den tír. Ní le pobal áirithe amháin ná ceantar áirithe amháin an stáisiún agus is mar gheall air sin gur cheart comharthaíocht dhátheangach a bheith ann a fhreastalaíonn ar phobal an Bhéarla agus ar phobal na Gaeilge.
Nuair a iarrtar seo, cluintear na ceisteanna céanna. Chuaigh mé ar chomhairliúchán poiblí cúpla bliain ó shin faoi shólann Olympia ag Páirc Windsor. “Cén fáth nach mbeadh comharthaíocht sa tSínis ann mar sin?” “Cad faoin Rómáinis?” Agus chun cothrom na Féinne a thabhairt do na fir a chuir na ceisteanna, luaigh siad go raibh daoine a bhí ina gcónaí sa cheantar áitiúil a raibh na teangacha seo acu. An freagra a bhí agam ná gur cuma. Cuir in airde iad óir ní bagairt ar bith iad. Ach thug mé a ndúshlán agus dúirt go raibh siad ag baint mí-úsáid as mionteangacha eile sa chomhthéacs seo chun leatrom a dhéanamh ar theanga dhúchais a mionlaíodh leis na céadta blianta coilínithe.
Smaoinigh mé ar an chomhairliúchán sin agus mé in Amstardam le déanaí. Ar na meaisíní ticéad ag Schiphol agus ag Amsterdam Centraal, bhí go leor teangacha Eorpacha le roghnú. Ar na comharthaí digiteacha don chlár ama fosta. Agus níor chaill mé an traein oiread is uair amháin!
Ar ais chuig an “pet project” a scríobh Robinson faoin chinneadh seo. Chualathas a leithéid de ráiteas roimhe seo faoin Ghaeilge. “Hobby language”. “Leprechaun language”. Níl a dhath nua faoin spéir. Is suimiúil go gceistíonn sé úsáid “airgead poiblí”, nuair atá an t-airgead á chaitheamh ar áiseanna don phobal.
Más “pet project” ceart atá á lorg agat, ní gá a thuilleadh cuardaigh a dhéanamh. Féach RHI, an scéim “Cash For Ash” a sheol Arlene Foster agus a chuir amú £500 milliún d’airgead poiblí, agus a spreag Martin McGuinness seasamh siar óna ról mar LeasChéad-Aire agus an Feidhmeannas a tharraingt anuas.
Nó féach an scannal Red Sky, comhlacht cothabhála a ghearr costais níos airde ar Fheidhmeannas Tithíochta Thuaisceart Éireann ná mar a bhíothas i dteideal. Tháinig deireadh leis an chonradh £8 milliún dá bharr seo ach rinne an DUP, Nelson McCausland go háirithe, iarracht síneadh a fháil trí chur isteach ar vóta a bhí ag Bord an Fheidhmeannais Tithíochta faoin chonradh.
Más déanamh cinntí atá faoi imscrúdú, féach Lisneal College le déanaí. Bronnadh £710,000 ar an choláiste i nDoire chun páirc peile na scoile a chóiriú. De dhealramh, ní raibh an pháirc in úsáid ag an scoil le blianta anuas de dheasca baol gortaithe. Sin a dúirt an chéad ráiteas a d’fhoilsigh an tÚdarás Oideachais ar aon nós. D’fhoghlaim muid ina dhiaidh sin go raibh an pháirc in úsáid le tamall agus gur bronnadh an t-airgead ar an scoil gan iarratas a chur isteach.
Dhiúltaigh Paul Givan DUP, an tAire Oideachais, go raibh ról ar bith aige sa chinneadh seo. Dar le cáipéisíocht a d’aimsigh Slugger O’Toole le saoráil faisnéise, bhuail Givan agus an tAire Pobal, Gordon Lyons DUP, le Michael Allen, príomhoide na scoile anuraidh. Ní fianaise iontach é sin, ach ní féidir neamhaird a dhéanamh ar ról Richard Pengelly, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais agus fear céile Emma Little-Pengelly, an LeasChéad-Aire. Níl freagra faighte ag an phobal go seadh ar cén dóigh a ndearnadh an cinneadh seo.
I ndeireadh na dála, beidh an DUP ar an Chreagaigh ag déanamh réidh dul chun troda ar son a n-áite, agus a n-áitesean amháin. Dá mbeadh Gaeilge ag an scaifte atá in éadan na teanga áfach bheadh a fhios acu go bhfuil an tAontachtas ar thalamh creagach i rith ama ar na saolta seo. Níl siad ag iarraidh cuireadh a thabhairt dúinn dá gcóisir, agus níl siad réidh glacadh lenár gcuireadhna. I ndomhan síorathraitheach, cá bhfágann sin an tAontachtas agus a sheanfhondúirí?