Fógraíodh inné nach gciontófar ach saighdiúir amháin as na saighdiúirí ar fad a raibh baint acu le Domhnach na Fola i nDoire ar an 30 Eanáir 1972. Ciontófar ‘Soldier F’ as ucht James Wray agus William McKinney a dhúnmharú agus iarracht a dhéanamh Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon agus Patrick O’Donnell a dhúnmharú.
Maraíodh 13 ar Dhomhnach na Fola agus bhásaigh duine amháin cúpla mí ina dhiaidh mar gheall ar ghortú a tharla an lá sin. Mar sin féin, ní bheidh ach an t-aon duine amháin seo á thabhairt os comhair na cúirte leis mar gheall ar ar rinneadh do na daoine neamhchiontacha a bhí ag máirseáil ar son a gceart sibhialta
Tá idir bhrón agus fhearg ar mhuintir Dhoire faoin bhreith seo, ní hamháin mar gheall ar an chás seo ach mar gheall ar an síor-iarracht atá á dhéanamh ag Rialtas na Breataine an méid a tharla ar an lá sin, agus i rith na dTrioblóidí ar fad, a chur faoi cheilt. Bhí na teaghlaigh ag fanacht le 21 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta don bhreith seo agus tá díomá ollmhór ar an phobal anois.
Tá teaghlaigh na ndaoine a dúnmharaíodh agus a gortaíodh ar an lá sin ag fulaingt le fada an lá agus iad ag iarraidh ceart agus cóir a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil anseo níos mó le troid ar a son féin.
Foilsíodh san fhiosrúchán Saville, a tháinig amach sa bhliain 2010, go raibh achan uile dhuine a dúnmharaíodh nó a gortaíodh ar Dhomhnach na Fola neamhchiontach, agus bua iontach a bhí ansin do na teaghlaigh agus don chathair. Bhíothas ag dúil go gciontófaí na saighdiúirí a raibh baint acu leis an sléacht agus go mbeadh faoiseamh de chineál éigin ag na teaghlaigh i ndiaidh na mblianta fada seo ag fulaingt.
Dúradh sa tuairisc, “In respect of the other 18 suspects, including 16 former soldiers and two alleged Official IRA members, it has been concluded that the available evidence is insufficient to provide a reasonable prospect of conviction. In these circumstances the evidential Test for Prosecution is not met.”
Is bocht an scéil ar fad é agus is cinnte nach gcuideoidh seo le cúrsaí agus muintir Dhoire agus na Sé Contae i gcoiteann ag cailleadh cibé meas agus muinín a bhí againn i Rialtas na Breataine agus sa chóras dlí.
Cé go bhfuil croíthe briste sa chathair anois, tá a fhios againn ar fad go bhfuil pobal iontach i nDoire agus gur daoine láidre muid, mar sin tiocfaidh muid le chéile le tacaíocht a thabhairt dá chéile.