Tá sé in am dúinn dul i ngleic le fíor-Athaontú

Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin go raibh mé ag glanadh sa teach agus raidió air sa gcúlra agam. Bhíothas ag caitheadh súil siar ar an bhforéigean sa Tuaisceart agus chraol siad agallamh le bean, a taifeadadh le linn na 1970idí a chuir fuacht ionam.

I nDoire a bhí sí, agus bhí sí ag caoineadh agus ag scréachaíl leis an bhfaitíos agus í ag caint leis an iriseoir.

Thuig sí gur as Baile Átha Cliath é agus bhí sí á cheistiú ag fiafraí dó cén fáth nach raibh rialtas na hÉireann ag tacú leo agus ag iarraidh a fháil amach cén fáth a raibh droim an 26 contae iompaithe ar Náisiúnaithe an Tuaiscirt. 

Is iomaí uair a chuimhnigh mé ar an mbean sin. Níor thuig mé, de bharr aineolais agus de bharr go raibh mé ró-óg chomh maith, gur mhothaigh go leor den daonra ó thuaidh go raibh dearmad déanta againne, na Gaeil ó dheas, orthu.

Tháinig an bhean seo ar ais i mo chuimhne arís le seachtain mar gheall ar an bplé atá á dhéanamh ar Éirinn Aontaithe.

Chuala mé go leor faoin gcostas a bhainfeadh leis, mar gheall ar an méid daoine atá ag brath ar íocaíochtaí stáit, bíodh siad dífhostaithe nó ag obair i bpostanna sa státseirbhís, mar shampla.

Chuala mé go bhfuil daoine eile ag rá, “tá siad difriúil ó thuaidh, ní an dá mar a chéile muid.” Agus, ar bhealach, tá siad ceart. Buíochas le Dia, nó le pé rud mór eile a gcreideann tú ann, níl aon lorg suaite catha fágtha ar shaol na ndaoine atá sa bPoblacht. 

Níl sé sa gcuimhne againn go raibh fórsaí ó thír eile ag iarraidh smacht a choinneáil orainn. Níl beairicí móra ag breathnú anuas orainn go bagarthach mar atá fós i gCrois Mhic Lionnáin. Agus sin taobh amháin den phobal. Tá cuid eile den phobal a mhothaíonn go bhfuil a leagan féin mar Éireannaigh, agus mar Aontachtaithe á chur i mbaol, agus seans go mothaíonn siad féin ligthe i ndearmad. 

Scríobh mé cúpla seachtain ó shin faoin íde a fhaigheann daoine ó Shé Chontae an Tuaiscirt ag cluichí peile agus go maslaítear iad as ucht as gcuid ‘Tuaisceartachais’.

Ar nós gur Gaeil iad nach bhfuil chomh maith leis an gcuid eile againn. Tagann an dearcadh sin le leisce is dóigh, aineolas, agus go mothaíonn roinnt nach maith leo go bhfuil dearmad déanta ag foirne as Cúige Uladh ar a n-áit sa tsochaí, agus iad ag dul thart ag déanamh go maith sa bpeil! 

Is léir ó go leor den phlé atá cloiste againn faoi Éirinn Aontaithe go bhfuil trua againn do phobal Thuaisceart Éireann mar gheall ar an bhfulaingt a tharla, ach nach bhfuil muid ag iarraidh é a chur d’anró orainn féin aire a thabhairt do Ghaeil atá difriúil, go háirithe má chosnaíonn sé airgead orainn.

Úsáidtear Stormont agus easpa feidhme na bpolaiteoirí chun an argóint a dhéanamh chomh maith. Tá sé in am dearmad a dhéanamh ar an bpolaitíocht, agus éisteacht leis an mbean sin. Tá sé in am againn ar fad, is cuma cén taobh den teorainn nó cén dearcadh atá againn, aire a thabhairt dá chéile, agus b’fhéidir go bhfuil athrú i ndán ar bhrait agus ar bhunreachtaí má tá sin le déanamh i gceart. 

SCÉALTA EILE