Seans go bhfaca sibh sna meáin le déanaí gur léiríodh díomá i leith ball de Young Fine Gael toisc gur fhreastal siad ar chomhdháil choimeádach i Meiriceá. Tugadh cuireadh do Killian Foley-Walsh, uachtarán YFG, agus do Chloe Kennedy, oifigeach preasa an ghrúpa, dul anonn go Washington le bualadh le coimeádaigh óga eile, agus éisteacht le hóráidí ó leithéidí Mike Pence, leasUachtarán SAM, an Seanadóir Ted Cruz agus iar-urlabhraí an NRA, Dana Loesch.
Ba léir go raibh craic ag na hÉireannaigh óga ann – chuir siad físeán ar líne de Mike Price ag rá “top of the morning” leo (múisc) agus dúirt Kennedy an t-altú roimh bhia oíche amháin. Bhí siad sásta a dtaithí a roinnt- go dtí gur thosaigh an Twitterati á gcáineadh.
Dúirt Noel Rock, TD Bhaile Átha Cliath, go raibh déistin air. Dúirt an Feisire Eorpach óg Maria Walsh gur cheart do Foley-Walsh éirí as a phost. Rinne go leor eile magadh faoi Young Fine Gael (ní rud as an ngnáth iad seo – tá sé thar a bheith éasca ceap magaidh a dhéanamh díobh).
Ansin bhí conspóid faoin gconspóid. Nach bhfuil sé de cheart ag daoine freastal ar chomhdháil más mian leo é, agus an gciallaíonn sé go n-aontaíonn siad le gach tuairim a roinneadh ann? Nach bhfuil Fine Gael coimeádach iad féin? Luaigh David Quinn ón Iona Institute ceist na ginmhillte, mar is iondúil.
Fad is a bhí seo ag dul ar aghaidh, d’fhan an bheirt a bhí i mbéal an phobail ina dtost. Níor chuala muid uathu ó shin. Ní hé nach bhfuil brú orthu – i dteachtaireachtaí atá feicthe ag an údar, tá baill de ghrúpa Facebook Young Fine Gael ag impí ar an mbeirt ráiteas a dhéanamh ina míníonn siad iad féin- cén fáth gur fhreastal siad ar an gcomhdháil, agus an aontaíonn siad leis an teachtaireacht frith-inimirceach, frith-ghinmhilleadh, frith-chomhionannas pósta a bhí ag formhór an lucht leanúna ann.
Tá idir dhíomá agus fhrustrachas le feiceáil i mbaill áirithe, ach is cosúil go bhfuil Foley-Walsh agus Kennedy beag beann ar a mbuairt. Maíonn daoine áirithe sa ghrúpa go mbeidh sé i bhfad níos deacaire ar YFG baill nua a mhealladh faoi cheann cúpla seachtain ag tús na bliana ollscoile. (Shamhlóinn go mbeadh sé deacair ar aon nós.)
Agus tá baill eile ann atá sásta a gcearta saoirse cainte agus saoirse tuairimíochta a chosaint. Ag deireadh an lae, tá sé de cheart ag duine ar bith dul áit ar bith, fiú mura n-aontaíonn muid leis sin. Ach tá difríocht ann más ag freastal thar ceann grúpa nó páirtithe tú, agus mar sin, tá cúpla ceist le freagairt acu:
1) Cén fáth ar íoc fondúireacht choimeádach chumhachtach Mheiriceánach as ticéid agus costaisí 20 mac léinn Éireannach le freastal ar an gcomhdháil?
2) Cén fáth a mbeadh suim ag Uachtarán Young Fine Gael ina leithéid de chomhdháil – an aontaíonn siad leis an tuairimíocht a roinneadh ann?
3) An bhfuair Uachtarán Young Fine Gael cead óna pháirtí freastal ar an gcomhdháil seo?
Go dtí go bhfreagraíonn an tUasal Foley-Walsh na ceisteanna seo, ní shasófar a lucht cáinte, agus níor cheart go mbeidís sásta.
Tá cumhacht ag an Uachtarán agus tionchar ag an ngrúpa ar pholasaithe Fhine Gael – an bhfuil an páirtí atá i gcumhacht in Éirinn ag éisteacht le daoine óga atá faoi gheasa na eite deise Meiriceánaí?
Cosnóidh mé saoirse cainte Killian Foley Walsh, ach ciallaíonn sin go bhfuil sé de cheart agamsa na ceisteanna thuasluaite a chur. Go dtí seo, ní fhaca muid é ó cuireadh an lasair sa bharrach. Agus déarfainn go mbeidh muid ag fanacht…