Cé atá ag faire ort?

Cártaí aitheantais, CCTV agus faireachas leictreonach; is iomaí dóigh atá ag an rialtas súil a choinneáil orainn go léir, ach an bhfuil barraíocht cumhachta ag ‘Deartháir Mór’ sa lá atá inniu ann?

Creidtear, i gcathair cosúil le Baile Átha Cliath, go mbeirtear ar an ghnáthdhuine 300 uair ag CCTV (nó TCI, Teilifís Chiorcaid Iata) in aghaidh an lae amháin.

Samhlaigh mar sin, ar an bhealach chun na hoibre, ag siopadóireacht sa chathair, nó ar dháta le do ghrá geal, beidh tú i gcónaí faoi scáth an fhaireachais.

Deir na cumhachtaí móra go ndéanann ceamaraí TCI cosaint in éadan gadaíochta, coir fhoréigneach agus bruscar – i gcathracha áirithe san Eoraip tá ceamaraí a thugann íde béil do chiontóirí fiú!

Ach caidé faoi chearta s’againn? Nach bhfuil príobháideachas níos tábhachtaí?

Dar le criticeoirí, is féidir leis an rialtas tuairisc a choinneáil orainn ar fad, ag taifeadadh ár gcuid gluaiseachtaí trí TCI nó, níos measa arís, ár gcuid cártaí creidmheasa.

Déantar taifead gach uair a íocann muid le plaisteach,  agus sa domhan seo ina dhiaidh 9/11, ní bhíonn stró ar bith ag na póilíní na taifid siúd a fheiceáil.

Ciallaíonn seo gur féidir a rá go furasta cén áit a raibh tú go díreach ag cén t-am; i bhfocail George Orwell ón úrscéal iontach ‘1984’, “Tá Deartháir Mór ag faire ort.”

Is mar gheall ar sceimhlitheoireacht, dar leis an rialtas, go bhfuil an oiread sin socruithe cosanta de dhíth san aois seo.

Leoga, buíochas le ‘Acht an Tírghráthóra’ (nó ‘Patriot Act’), is féidir le seirbhís rúnda SAM éisteacht le scairteanna guthán, ríomhphost a léamh agus uimhreacha cártaí creidmheasa a bhailiú “leis an náisiún a aontú agus a neartú”.

B’ábhar conspóideach é cártaí aitheantais sa Bhreatain nuair a léiríodh go raibh sé ar intinn ag páirtí an lucht oibre ceann bheith ag gach aon saoránach.

Cárta ar a mbeadh méarloirg, grianghraf agus scan súile sábháilte air a bhí i gceist, ach theip ar na pleananna nuair a labhair grúpaí cearta sibhialta ar nós ‘Liberty’ amach faoi. Níor cuireadh chun báis ar fad iad áfach, tá sé tagtha chun tosaigh go mbeidh ar imircigh cárta bheith acu má tá siad ag iarraidh fanacht sa tír.

Ach ní hé an stát amháin a bhíonn ag amharc orainn.

Fágtar fianáin (cookies) ar ár ríomhairí achan uair a thugann muid cuairt ar shuíomh idirlín a dhéanann taifead de caidé atá á cheannach againn, ag lorg agus ag amharc air.

Úsáideann comhlachtaí an t-eolas seo le fáil amach fúinn, a gcuid custaiméirí, i ngan fhios dúinn féin.

Ach níor cheart dúinn gearán ar chor ar bith, dar le go leor daoine, nuair atá roinnt mhaith againn sásta ár saol pearsanta a fhoilsiú ar shuímh líonraithe cosúil le Bebo agus MySpace.

Bíonn gach rud ó áit chónaithe go haois agus grianghrafanna pearsanta ar fáil do dhuine ar bith muna mbíonn an próifíl príobháideach; in amanna ní chaithfidh tú ach ainm an duine a ghoogláil agus preabfaidh sé aníos.

Mar sin, caidé is féidir linn a dhéanamh má tá muid buartha faoin stát póilíneach?

Bhuel, chan mórán, a dearfaidh go leor, mar is í an fhírinne ná go gcaithfidh muid glacadh le cuid mhaith de na socruithe seo ós rud é gur dlí na tíre é.

Ach deirtear linn gan barraíocht eolais a thabhairt amach ar an idirlíon más féidir, agus le bheith airdeallach faoi ghrúpa ar bith a bhíonn ag lorg sonraí pearsanta uait.

Cá bhfios cén cineál modhanna faireachais eile atá romhainn sa todhchaí, ach cheana féin tá teicneolaíocht á forbairt ag ‘Deartháir Mór’ a aithneoidh aghaidh Thadhg an mhargaidh go díreach ó íomhánna TCI agus ag súil síos an tsráid… coinnigh súil ar an spás seo.

SCÉALTA EILE