Más tada é, léirigh an fógra a d’eisigh Gillette dom gur theastaigh a leithéid go géar. Mura bhfuil sé feicthe agat, tacaítear ann leis an bhfeachtas #MeToo agus iarrtar ar fhir seasamh in aghaidh an chultúir fireannachta tocsaineach.
Cé go bhfuair an fógra go leor moladh, bhí go leor eile maslaithe aige. Má bhí tusa ar dhuine de na daoine a mhothaigh go raibh cos ar bolg á dhéanamh ort, d’inscne, nó ar do chuid saoirse ag an bhfógra seo, is oth liom a rá leat gur seans maith nach bhfuil do chuid iompair thar mholadh beirte.
Tá na daoine atá tiomanta anois gan rásúir eile a cheannach nó atá chun féasóg a fhágáil orthu féin ar fhaitíos go rachadh táirge de chuid Gillette gar dá n-éadan, seasta ag sciolladh ar na calóga sneachta.
Tá na daoine céanna seo ag maíomh le fada go bhfuil sé ró-éasca calóga sneachta na linne seo a ghortú. Aisteach go leor nár thóg sé i bhfad ar chor ar bith orthu féin inseacht dúinn go raibh siad gortaithe — ag fógra.
Mar sin féin, tar éis an méid atá cloiste againn, tá leithscéalta á ndéanamh d’fhir nach n-iompraíonn iad féin i gceart. Níl an fógra seo ag rá tada ach ag iarraidh ar fhir seasamh in aghaidh na rudaí seo. Ní fógra in aghaidh na bhfear é.
Ní dóigh liom go ndíolfaí mórán rásúr leis an meon sin. Ag seasamh leis an daonnacht atá siad, agus ar ndóigh, ag súil go ndéanfaidh siad brabach as chomh maith.
Scríobh mé cúpla mí ó shin faoi fhógra Nike agus Colin Kaepernick agus arís eile, ní sheasfadh aon mhórchomhlacht le ceist ná duine ar bith murar cheap siad go mbeadh sé go maith do na cuntais.
Léiríonn an fógra céard gur féidir leis an ngnáthdhuine a dhéanamh le stop a chur leis an gcultúr seo, agus léiríonn sé freisin go dtuigeann na comhlachtaí seo go bhfuil ról acu féin i gcruthú cultúir.
Thaispeáin an dlús a bhí faoin racht feirge a caitheadh i dtreo an fhógra go bhfuil damáiste déanta d’fhir agus do mhná ag an bhfireannacht tocsaineach agus go bhfuil go leor fós le déanamh chun ár sochaí a dheisiú.
Cuireann an t-olagón i gcuimhne dom na daoine a deir go raibh #MeToo agus feachtais eile mar é a bunaíodh chun comhionannas a bhaint amach, ag cur deireadh leis an spraoi a bhíonn ann agus fir ag iarraidh mná a mhealladh.
Má ghoill na rudaí a dúradh leat nár cheart duit a dhéanamh ort, seans maith nach raibh tú an-mhaith ag mealladh na mban ar aon chuma. Má ghoilleann fógra Gillette ort, seans maith go bhfaca tú cuid díot féin sa bhfógra sin, agus nár thaitin sé leat go raibh sé á rá go lom leat go raibh tú mí-cheart. Má tá tú chuid fearúlachta faoi bhagairt ag fógra, seans maith nach bhfuil tú an-mhaith ag an bhfireannachta ar an gcéad dul síos.