Sa bhliain 1842 scríobh an náisiúnaí Éireannach Thomas Davis roinnt alt ar an Afganastáin don nuachtán an Citizen, ailt a raibh tréas iontu.
Bhí saighdiúirí na Breataine ag troid ann ag an am d’fhonn teorainn na hIndia a dhaingniú agus a chosaint (agus, ar ndóigh, le heagla roimh thionchar na Rúise).
D’fhiafraigh sé cérbh iad na hAfganastánaigh agus cén fáth ar chóir do na hÉireannaigh taobhú leo, agus rinne amach go raibh na hAfganastánaigh ag iarraidh ionraitheoirí a dhíbirt agus gur spreagúil an sampla iad. Bhí Éire féin faoi chuing agus ba chóir d’Éireannaigh gan cuidiú le smachtú na nAfganastánach, nó ní bheadh rath i ndán do na náisiúin.
COGADH COSTASACH
Tháinig cor nó dhó sa scéal ó shin.
Anois tá fórsaí an Iarthair ag iarraidh an Afganastáin a chosaint uirthi féin; is gá an Talaban a chloí, rialtas gan éifeacht a neartú agus pobal na tíre a mhisniú.
Al-Qaída a ba thúisce tharraing na fórsaí sin ar an áit, ach deirtear go bhfuair al-Qaída dídean in áiteanna eile ó shin.
Leanann an comhrac, mar sin féin; tá idir dhóchas agus éadóchas ann, agus is minic daoine á rá anois go bhfuil an cogadh caillte. Ní deacair an fhianaise a fháil.
Admhaíonn cách gur réiteach polaitiuil atá ag teastáil i ndeireadh na dála, ach sin an áit ar mó atá an cliseadh: tá pobal na hAfganastáine (dream a bhfuil an-éagsúlacht ag roinnt leo) bréan de rialtas lag atá ag brath ar bhithiúnaigh, ar chaimiléirí agus ar eachtrannaigh a dhéanann botúin mharfacha.
Aithnítear anois gur dream dúchasach daingnithe iad an Talaban, ach chuirfí an lasóg sa bharrach dá dtabharfaidís iarracht ar an bpríomhchathair Cabul a ghabháil – iarracht a thabharfar luath nó mall.
Tá a fhios ag rialtais an Iarthair (iad siúd a chuir saighdiúirí chun na hAfganastáine) go bhfuil a bpobal féin ag éirí bréan den scéal: cogadh mírathúil i bhfad ó bhaile, a gcuid saighdiúirí á marú ann nó – rud is measa, b’fhéidir – á ngortú go dona.
Anseo san Astráil ceiltear ainmneacha na saighdiúirí gortaithe, rud a fhágann pobal na tíre dall ar cé chomh géar is atá an troid. (Is beag fáilte a chuireann an t-arm roimh iriseoirí ach oiread.)
Mar sin féin, éilíonn na ginearáil breis fórsaí, fiú agus a fhios acu gurb iad na polaiteoirí a chaithfidh an scéal a leigheas. Ní beag é an costas: caitheann an Astráil os cionn $30 milliún in aghaidh na bliana.
RIAIL AN TALABAN
Tá an tIarthar á fháil amach arís nach bhfuil sé i ndán dó dul i gcinsealacht sa tír cheanndána dheacair ilchineálach úd, más le dea-mhéin féin é.
An Talaban atá dulta i gcinsealacht; deirtear go bhfuil siad lonnaithe go daingean i 70% den tír ar a laghad. Ní mór an cion atá ag formhór an phobail orthu, ach tugann siad leo rudaí nach bhfuil le fáil ón rialtas – síocháin, slándáil agus riarthóireacht rianúil.
Tá ainm na cothroime ar a gcúirteanna áitiúla, agus tá fear déanta cirte (ombudsman) dá gcuid le fáil i gCandahar.
Is mairg anois don cheannasaí Talabanach atá ciontach as mursantacht – tugtar bata agus bóthar dó mura mbásaítear é. Tuigeann an Talaban anois go dtarraingíonn ansmacht gráin.
Tá leabhrán trí leathanach déag curtha amach acu a deir go gcaithfear roinnt go maith le bunadh na háite agus nach ceart daoine a bhású gan triail – comhairle ba chóir a thabhairt agus a chur i bhfeidhm tamall maith ó shin, más fearr mall ná riamh.
Ní bhacann sin orthu corrionsaí uafásach a dhéanamh, mar a tharla le déanaí lasmuigh d’Ambasáid na hIndia i gCabul agus slua sibhialtach (a lán ban ina measc) marbh dá bharr.
Níor chaill an chuid is crua den Talaban a seantréithe: tuiscint chúng ar an gCóran, dearcadh diúltach i leith na mban, agus an bhaint atá ag a bhformhór leis an gcuid is coimeádaí den treibh is láidre – Paistiúnaigh an deiscirt (agus mímhuinín acu dá réir as dreamanna eile).
Ach ní mór a chuimhneamh go dtugtar ‘Talaban’ ar dhreamanna difriúla – díograiseoirí ón bPacastáin, mílisteoirí áitiúla, tiarnaí cogaidh, agus daoine nach bhfuil de rogha acu ach dul leis an lámh is láidre.
Ní furasta i gcónaí dílseacht daoine a mheas. Deirtear gur éirigh le ceannaire treibhe amháin ar a laghad a naimhde a scrios trí shaighdiúirí Astrálacha a shaighdeadh iontu le faisnéis bhréige.
Ar an taobh eile, tá na hAstrálaigh agus saighdiúirí eile go maith chun tionscadail bhonneagair a thosú agus a chothú: ach cén t-iarsma a fhágfaidh siad ina ndiaidh?
SEANSAOL AR AIS
Ciallaíonn seo go bhfuil an seansaol ag teacht ar ais ar a sheanléim, de réir mar a shamhlódh an Talaban.
Tá corrdhifríocht ann – féach an brabach a bhaineann saighdiúirí Dé as saothrú na bpoipíní (saothrú a cháin an Talaban go géar ar dtús, ach ní féidir leo teacht gan airgead).
Má theipeann glan ar an rialtas an tír a rialú le héifeacht, is beag an tairbhe d’fhórsaí NATO agus SAM (a bhfuil tuairim is 100,000 duine acu ann) a ndícheall a dhéanamh.
Luath nó mall, tabharfaidh siad cúl leis an tír agus an obair gan chríochnú.
Tá arm na hAfganastáine ag cruthú maith go leor, más fíor, ach ní thig leo gaisce polaitiúil a dhéanamh. Beidh ladair eile á gcur sa mhias fós.
Is fada an India agus an Phacastáin ag dul in iomaíocht ann, ach sin gnó na seirbhísí rúnda; ar éigean a chuirfidís saighdiúirí thar teorainn isteach.
Idir an dá linn tá na gnáthdhaoine ag éalú ó lámh láidir an dá thaobh; tógann cuid acu botháin ainnise lasmuigh de Chabul, áit a ndéanann an rialtas faillí iontu, baineann cuid eile amach an Phacastáin, tagann cuid eile fós chomh fada leis an Astráil agus iad ag tnúth le dídean.
ACHRANN ROMHAINN
Is gearr ó dúirt feidhmeannach Briotanach go bhféadfaimis cur suas leis na drugaí nó leis na tiarnaí cogaidh, ach gur scéal eile ar fad iad an Talaban.
A mhalairt de phort a chloistear anois, agus is beag trácht a dhéantar ar al-Qaída a chloí.
Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Ach má thagtar ar chomhréiteach san Afganastáin is treise fós a bheidh an Talaban sa Phacastáin, agus ansin íocfaidh an tír úd i gceart as an gcabhair a thug cuid de na seirbhísí rúnda do laochra Dé.
Níl bunús cultúrtha leis an teorainn (líne chaothúil a tharraing na Briotanaigh i ndeireadh an 19ú haois), agus ní raibh smacht ceart riamh ag na húdaráis náisiúnta (nó impiriúla) ar cheantair ‘threibheacha’ na Pacastáine.
Orthu sin tá an Vaisíreastáin, áit a bhfuil an seansaol beo agus a bhfuil an Talaban fódaithe.
Anois tá siad siúd ag fuineadh in aice na mine, agus is léir ó na hionsuithe a rinne siad le déanaí i Lahór gur fearann cogaidh acu an limistéar uile.
Tá faobhar ar fhearg na bhfíréan agus leanann léirscrios í.