Tobscor: bíodh muinín againn as ár mná

Beidh Mórshiúl ar son Rogha ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo, 26 Meán Fómhair. Míníonn an gníomhaí leis an bhFeachtas Um Chearta Ginmhillte, Miriam Needham, cén fáth ar chóir dúinn ár muinín a chur i mná na hÉireann i dtaca leis an gceist ríthábhachtach seo…


Tá aithne ag gach uile dhuine in Éirinn ar bhean a raibh ginmhilleadh aici, fiú muna bhfuil a fhios acu.

Ní gá ach breathnú ar na staidrimh: téann 12 bean thar lear gach uile lá chun seirbhísí sláinte atáirgthe a fháil nach bhfuil ar fáil inár dtír féin.

Is cuma má tá tú ar son an rogha a thabhairt do mhná nó ina haghaidh, tá an fhíric sin fós fíor.

Tá mná fós ag imeacht lá i ndiaidh lae.

Déantar plé go mion minic faoi na hargóintí éagsúla ar son rochtana ar ghinmhilleadh (nó tobscor toirchis), agus in aghaidh na rochtana.

Ach ag deireadh an lae níl dlí ar bith ann chun stop a chur le toircheas nach bhfuil an mháthair á iarraidh.

Caithfimid déileáil leis an réaltacht ina bhfuilimid.

Nuair a bhí mé féin níb óige, chreid mé gur choir go mbeadh an rogha ag daoine a dtoircheas a thobscor, ach dúirt mé liom féin nach ndéanfainn a leithéid ariamh.

Cheap mé go mbeadh sé ró-dheacair orm.

Chreid mé an íomhá sin a chuireann an feachtas frith-rogha os ár gcomhair: bean óg shingil, lán aiféala agus bróin théis ginmhilleadh a fháil.

Ach níl an íomhá seo fíor ar chor ar bith.

Tá réimse ollmhór de dhaoine a chuireann críoch lena dtoircheas – óg, sean, singil, pósta, máithreacha.

Níl rud ar bith mar an gcéanna eatarthu seachas nach bhfuil siad ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an dtoircheas.

Agus léiríonn na staidéir is déanaí nach mbíonn aiféala ar bith ag 95% de na mná seo go ndearna siad amhlaidh.

Rinne siad an rogha cheart dóibh féin.

Nuair a deirim go bhfuil mé ar son rogha, táim ag rá go bhfuil mé ar son mná atá ag iarraidh páiste, agus ar son mná nach bhfuil ag iarraidh páiste.

Ní hionann é is a rá go bhfuil mé “ar son ginmhillte” scun scan.

Ní hé ach go gcreidim gur chóir go ndéanfadh mná aon chinneadh faoina gcoirp, ní an rialtas.

Oibríonn an tsochaí níos fearr go ginearálta nuair atá páistí ag teastáil ó dhaoine agus nuair atá tacaíocht ann dóibh.

Nuair atá seirbhísí sláinte atáirgthe iomlána ar fáil, cuireann sé le leas na sochaí ina iomláine.

cearta-tobscoir

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny go bhfuil sé in aghaidh tobscoir “ar éileamh”.

Ach ní labhraíonn muid faoi mháinliacht croí ar éileamh.

Tá easpa muiníne i mná folaithe sa chaint seo.

Ach caithfimid ár muinín a chur i mná na hÉireann.

Agus caithfimid muintir na hÉireann a oiliúint agus a chur ar an eolas faoi fhírinne an ghinmhillte – i dtíortha inar féidir tobscor toirchis a fháil, níl líon na dtobscor ag méadú, tá siad ag laghdú.

De ghnáth bíonn an t-oideachas gnéis níos fearr sna tíortha seo – sin an rud a théann i dtionchar aige ar fhigiúirí ginmhillte.

Má tá an taobh frith-rogha ag iarraidh líon na dtobscor a laghdú, cén fáth nach bhfuil siad i mbun feachtais chun oideachas ceart gnéis a chur i ngach scoil in Éirinn?

Tá an Feachtas Um Chearta Ginmhillte ag éileamh go n-aisghairfear an 8ú Leasú ar an mBunreacht a chuireann cosc ar ghinmhilleadh.

Ach níl anseo ach an chéad chéim ar an mbóthar go cothrom na féinne do mhná na hÉireann.

Tá go leor oibre le déanamh againn.

Coinneoimid orainn go dtí go bhfuil rochtain ag gach aon duine ar thobscor saor in aisce, sábháilte agus dlíthiúil in Éirinn.

Níl amhras ar bith orm go mbainfimid ár sprioc amach.


Beidh an Mórshiúl ar son Rogha ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn 26 Meán Fómhair, ag tosnú ag an nGairdín Cuimhneacháin ag 2in. Tá eolas breise le fáil faoi anseo.

SCÉALTA EILE