Agus é anois fógartha ag an rialtas go mbeidh reifreann faoin Ochtú Leasú ar an Bhunreacht i mBealtaine nó Meitheamh na bliana seo chugainn, míníonn Miriam Needham an fáth a bhfuil sé thar am an rogha a thabhairt do mhná na hÉireann…
An gcuireann an téarma ‘ginmhilleadh’, nó ‘tobscor toirchis’, míchompord ort?
Tuigim duit – cuireann sé míchompord orm féin chomh maith.
Ní maith liom an ciúnas amscaí sin a thagann isteach i seomra uaireanta agus tobscor toirchis luaite.
Ní maith liom plé a dhéanamh ar chúrsaí príobháideacha sláinte daoine eile.
Ní maith liom díog a chruthú idir mé féin agus cairde nó clann.
De ghnáth, b’fhearr liom teannas ar bith a sheachaint.
Ach tá sé seo róthábhachtach.
Tá cearta daonna mhná na hÉireann níos tábhachtaí ná do mhíchompord.
Tá ceist roghanna atáirgthe níos tábhachtaí ná an tsíocháin a choimeád.
Agus cén tsíocháin, i ndáiríre?
An tsíocháin atá ann nuair a bhrúitear bia ar bhean óg gan a cead, nó nuair a choimeádtar corp mná beo le meaisín?
An síocháin é nuair a theann deichniúr thar sáile chuile lá chun seirbhísí sláinte atáirgthe a fháil nach bhfuil ar fáil inár dtír féin?
Nuair a chaithfidh mná rún a choimeád faoina rogha atáirgthe mar gheall ar an eagla a bhaineann le stiogma agus náire óna bpobal féin?
Níl síocháin ann. Níl suaimhneas ann.
Tá foréigean struchtúrtha ag tarlú in Éirinn chuile lá ó thaobh dlíthe mídhaonna de.
Is oth liom a rá, ach tá an t-ádh ar na mná sin ar feidir leo íoc as taisteal agus an obráid a fháil thar lear.
Ní bhíonn an t-airgead ná an víosa ag mná eile.
Chuile lá, téann daoine thar sáile nó tógann siad piollaire sábháilte go rúnda chun smacht a bheith acu ar a saol féin.
Chuile lá, tá mná ag siúl timpeall sa tír seo, ag obair, ag taisteal, ag múineadh, ag staidéar, ag fás, ag fáil bháis, ag tógáil páistí, ag crúthú ealaíne, ag maireachtáil lena scéal féin.
Scéal go raibh tobscor toirchis acu.
B’fheidir go bhfuil a scéal ráite aici le duine amháin, nó beirt, nó triúr, nó pé duine a d’éistfeadh léi.
B’fheidir nár labhair sí le duine ar bith faoi.
Ach tá aithne agat uirthi.
Tá aithne agat ar mhná a raibh tobscor toirchis acu.
Cuimhnigh air sin agus tú ag plé cheist rogha na mban.
Cuimhnigh nach bhfuil tú ag labhairt faoi strainséir, ach faoi do mháthair, d’iníon, do chara, do dheirfiúr.
Tá sé seo pearsanta.
Tá sé thar am.
Tá sé thar am anois go bhfuil cearta daonna ag mná na hÉireann.
Tá sé thar am go mbeadh muinín agus meas againn ar leath de dhaonra na tíre seo.
Tá sé thar am go mbrisfeadh muid an ciúnas trom dainséarach seo, a chuireann mná agus cailíní i mbaol.
Ní féidir linn fanacht go dtí go bhfaigheann bean eile bás in Éirinn mar gheall ar dhlíthe mídhaonna chun muid a spreagadh an dlí a athrú.
Tá athrú uainn anois.
Tá sé thar am an tOchtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann a aisghairm.
Mar sin, ar aghaidh linn le níos mó ciúnais amscaí, níos mó táirgí Repeal, le níos mó agus níos mó daoine ag teacht amach ag rá: “Tá muinín agam as mná. Tá meas agam ar mhná. Tá mé ar son na rogha.”
Beidh Mórshiúl ar son Rogha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn seo 30 Meán Fómhair, ag tosnú ón Ghairdín Cuimhneacháin ag 1.30in.
Breis eolais le fáil anseo.