Toghchán 2016…

Beidh an focal scoir ag lucht vótála na tíre nuair a rachaidh siad a fhad leis na boscaí ballóide Dé hAoine.

Thug Naoise Ó Cairealláin aghaidh ar shráideanna na Gaillimhe le fáil amach cad iad na ceisteanna is mó atá ar intinn an phobail agus na deacrachtaí siúd atá ag dó na geirbe ag muintir na tíre agus iad ag fáil réidh do lá na cinniúna in olltoghchán 2016!

Ón Ghaeilge go ginmhilleadh, dóchas agus duáilceas, agus go leor eile sa lár, seo an méid a bhí le rá acu!


Eoghan Finn

Eoghan finn copy

Tá mé ag súil go mór leis an toghchán.

Deis is ea é tar éis 88 mbliana den rud ceannann céanna le rudaí a athrú.

Tá mé ag súil le córas difriúil a chuirfidh daoine ar dtús.

An cheist is mó domsa ná seirbhísí poiblí agus go háirithe cúram sláinte.

Táim ag déanamh staidéar ar chearta daonna, agus an chéad rud a d’fhoghlaim muid ná nach bhfuil aon rud sa Bhunreacht againn a chinntíonn go gcuirfear cúram sláinte agus seirbhísí poiblí saor in aisce ar fáil.

Ba chóir go mbeadh córas éifeachtach sláinte ann do chách!

Cén fáth nach féidir linn féachaint ar na dea-shamplaí atá ann san Eoraip, in ionad gluaiseacht i dtreo an chórais atá ann i Meiriceá agus an phraiseach atá déanta acu den gcóras sláinte ansin.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag feidhmiú mar a bheadh gnó ann.

Ina theannta sin, tá na banaltraí agus na dochtúirí ar fad ag dul ar imirce mar nach bhfuil meas ar a gcuid oibre anseo. Caithfear sin a athrú.

Tá córas sláinte de dhíth orainn atá bunaithe ar dhaoine agus ní ar bhrabús.

Is ceart é, ó bhreith go bás.


Emma Ní Chearúil

Emma Ni Chearuil

Caithfidh mé a rá go bhfuilim ag súil leis an toghchán seo i mbliana, beidh sé suimiúil toisc nach bhfuil a fhios cén tórramh a bheidh ann!

Is fadhb ollmhór é cúrsaí tithíochta in Éirinn agus ba chóir aghaidh a thabhairt air sin.

Ábhar imní eile ná sláinte mheabhrach. Ceapaim gur chóir go mbeadh níos mó seirbhísí le fáil do dhaoine atá ag fulaingt le fadhbanna meabhairshláinte in Éirinn.

Is ábhar é nach bpléitear ró-mhinic sa tsochaí agus ceapaim go bhfuil neart fadhbanna ann leis.

Titeann teaghlaigh as a chéile de bharr fadhbanna meabhairshláinte agus níl tacaíocht nó maoiniú le fáil do na gasúir nó do dhaoine atá níos sine.

Bíonn tionchar aici ar gach uile dhuine.

Ní dóigh liom go bhfuil na polasaithe maidir le meabhairshláinte suas chun dáta.


Tadhg Ó Curráin

Tadhg

Níl mé ag súil leis an toghchán ar chor ar bith tar éis dom féachaint ar na díospóireachtaí is deireanaí idir na ceannairí – agus iad ag frimhagadh faoi na daoine.

Dhá mhí i ndiaidh an toghcháin beidh muid ar ais san áit chéanna.

An t-ábhar is mó imní domsa ná bánú na tuaithe, ach sin ráite, tá an t-ádh ar Chonamara i gcomparáid le ceantair eile faoin tuath.

Tá na buiséid ar fad gearrtha, stop siad na deontais agus is é bánú na tuaithe an toradh air sin.

Níl le déanamh agat ach breathnú ar an CLG i gConamara, tá na clubanna bánaithe, tá ar na clubanna ar fad nascadh le chéile mar nach bhfuil na daoine anseo, níl fostaíocht ar bith ann!

Tá daoine óga ó mo cheantar, múinteoirí, banaltraí, dochtúirí, fisiteiripeoirí a bhfuil cáilíochtaí ollscoile acu agus iad ar fad imithe chun na hAstráile, go Dubai nó go Sasana. Tá meas acu ar na hoibrithe thall ansin.

Cén dóigh a bhfuil siad ag súil go mairfidh an Ghaeltacht mura bhfuil fostaíocht inti?

Ní fheictear domsa go n-athróidh aon rud.


Laoighseach Ní Choistealbha

Laoise

Tá mé ag súil leis an toghchán, is é sin le rá, go bhfuil mé ag súil go mbeidh athrú ann.

Tá sé deas a fheiceáil go bhfuil díospóireachtaí ag dul ar aghaidh.

Agus sin ráite agam, tá athrú ag teastáil, táim tinn tuirseach do rialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht

Oibre, nach bhfuil ag obair ar son na ndaoine.

Is é an chloch is mó ar mo phaidrín, aisghairm iomlán an 8ú Leasú ar an Bhunreacht. Tá géarghá léi.

Má bhíonn ginmhilleadh de dhíth, ní féidir a dhath a dhéanamh faoi in Éirinn agus ansin cuirtear mná i mbaol agus bíonn orthu teitheadh go Sasana.

Tá siad ag seachaint na ceiste sin le fada an lá ach tá sé thar am acu aghaidh a thabhairt uirthi. Is ceist chearta daonna atá ann.

Ba chóir go mbeadh ginmhilleadh le fáil agus é saor, dleathach agus sábháilte.

Ní saoirse go saoirse na mban.


Pádraig Ó Cíobháin

Padraig

Tá idir imní agus sceitimíní orm faoin toghchán.

Táimse bréan den tseanpholaitíocht seo atá againn. An rialtas ag caint ar an bhorradh eacnamaíochta seo nach bhfuil le feiceáil agamsa.

Is éard atá uaimse, mar iarbhall den Pháirtí Cumannach i gCorcaigh, go mbeadh deireadh leis an bpolaitíocht chathartha chaca seo atá againn agus go mbeadh deighilt shoiléir idir an eite chlé agus eite dheis.

Caithfear deireadh a chur leis an monaplacht atá ag an eite dheis.

Is ansin, a bheidh deireadh leis an dallamullóg.

Tá mise ag smaoineamh go fadtéarmach agus is é an deighilt an rud is fearr don tír seo.


Shannon Ní Ghréacháin

shannon

Níl mé féin ró-thógtha maidir leis an toghchán ach táim cinnte go bhfuil daoine eile sa tír atá sceitimíneach faoi.

Níl mé cláraithe le vótáil, ní hionann sin agus a rá go bhfuil mé ar nós cuma liom.

Braithim go bhfuil cúis agus tábhacht leis ach mar gheall ar m’aineolas i leith na bpolaiteoirí agus an seasamh atá acu, conas mar a thiocfadh liom an rogha cheart a dhéanamh?

An bhfuil rogha cheart ann? An bhfuil aon dream ann a dtiocfadh leo difear mór a dhéanamh nach mbeadh ar chumas dreama eile a dhéanamh?

Domsa is í an Ghaeilge an cheist is práinní agus mé ag déanamh staidéar uirthi, agus cairde nua á gcasadh orm tríd an nGaeilge agus mé ag súil leis go mbeidh post maith, fiúntach ann dom a bhainfidh leis an nGaeilge nuair a bheidh an chéim curtha i gcrích agam.


Beidh deis ag lucht vótála na tíre a dtuairimí a nochtadh Dé hAoine, 26 Feabhra, ar lá an toghcháin.

SCÉALTA EILE