Trioblóid sa Tibéid

Tá na Sínigh sásta dul chun cainte arís leis an Dalaí Láma – an ‘scarúnaí mór’ ar mian leis leas na Tibéide a threascairt, dá gcreidfeá an bholscaireacht shearbh oifigiúil a bhí ar siúl go dtí le déanaí.

B’fhéidir go mbeadh sé ina dhiabhal arís amach anseo, ach faoi láthair tá fáilte roimh a chuid toscairí.

Níl stad ag Rialtas na Síne ach ag fógairt gur ar sochar do na Tibéadaigh a chuaigh rialú na Síne.

Tógadh bóithre, cuireadh oideachas nua-aimseartha agus áiseanna an tsaoil nua ar fáil, agus cuireadh deireadh leis an bhfeodachas.

Admhaíonn an Dalaí Láma féin go ndearna na Sínigh maitheas éigin don Tibéid ar na bealaí sin, cé gur cinnte go ndéanfaí an tír a nuachóiriú ar aon chuma leis an aimsir, bíodh na Sínigh ann nó as.

Ar scéal eile a chuimhníonn na Tibéadaigh féin, go háirithe an t-aos óg, agus go háirithe an méid acu atá ina gcónaí i Lása.

Níl poist ann dóibh, is beag aird a thugtar ar dhúchas na tíre agus tá na sluaite ag brú isteach ón tSín ar an mbóthar nua iarainn.

Tá cathair Shíneach déanta de Lása féin. Is minic a dúirt an Dalaí Láma go mbeadh sé sásta le méid éigin féinrialtais seachas le neamhspleáchas iomlán, ach is deacair foighne a chur sa ghlúin nua.

TEANGA AG GÉILLEADH

Tá an Tibéidis féin ag géilleadh don tSínis ar shlite áirithe. Ní sa Tibéid amháin a labhraítear í ach i Ladakh, i Sikkim agus i Neipeal chomh maith, agus i gcúigí Sichuan agus Xinjiang sa tSín.

Is iomaí canúint aici ach úsáidtear an aibítir chéanna i gcónaí, ceann a tháinig ón India sa seachtú haois in éineacht leis an mBúdachas.

Trí Thibéidis a mhúintear daltaí Tibéadacha sna bunscoileanna ar feadh an chéad trí bliana; ina dhiaidh sin tugtar Sínis isteach de réir a chéile.

Sínis a úsáidtear sna meánscoileanna, agus ní mór scrúdú a dhéanamh sa teanga sin chun dul ar aghaidh go dtí an coláiste. Is beag an t-ionadh go bhfuil cuid Tibéadach ag brú Sínise ar a gclann, rud a chuirfeadh i gcuimhne duit ar tharla don Ghaeilge sa 19ú haois.

Is amhlaidh freisin go bhfuil móran focal Sínise ag sleamhnú isteach sa teanga. Tugtar le tuiscint gur trí Shínis amháin is féidir plé leis an saol atá anois ann – rud nach fíor i ndáiríre.

Tá feidhmeannaigh Thibéadacha ann ach is beag an meas atá ar a dteanga i gcúrsaí riaracháin. Ach ní mhaolaíonn neartú seo na Sínise an dúil atá ag na Tibéadaigh sa tsaoirse.

STAIR ACHRANNACH

D’eascair an t-achrann atá anois ann as conspóidí a tharla i deireadh an 17ú haois agus i dtús an 18ú haois, nuair a rinne an tSín coimearcas den Tibéid.

Mar sin féin, choinnigh an Tibéid a teanga, a cuid feidhmeannach, a dlíthe agus a harm, agus níor íocadh pingin chánach leis an Impire.

tibet-agoid

I rith an 19ú haois laghdaigh neart na Síne, rud a d’fhág an Tibéid ina náisiún neamhspleách i dáiríre, cé gur dhiúltaigh an Bhreatain, na Stáit Aontaithe agus na tíortha Iartharacha eile an neamhspleáchas sin a aithint.

Ghabh an tSín nua an Tibéid sa bhliain 1951, agus b’éigean do rialtas na Tibéide smacht na Síne a aithint go hoifigiúil, cé gur theith an Dalaí Láma go dtí an India.

Sa bhliain 1965 bhunaigh na Sínigh an Réigiún Féinrialaithe Tibéadach, agus iad ag iarraidh margadh a dhéanamh leis an Dalaí Láma agus é a thabhairt abhaile.

Ach ní raibh na Sínigh sásta an daonlathas a cheadú, agus bhí doicheall orthu roimh éileamh na dtoscairí Tibéadacha go mbunófaí Tibéid Mhór a mbeadh na ceantair a cailleadh san 18ú haois mar chuid di.

Bhí na Sínigh sásta comhréiteach éigin a dhéanamh ar dtús. Rinneadh mainistreacha Búdacha a athoscailt, agus ceadaíodh manaigh nua a earcú agus an Tibéidis scríofa a úsaid níos forleithne.

Ceapadh feidhmeannaigh Thibéadacha, ligeadh srian leis an ngeilleagar agus cuireadh leis an mbonneagar.

Ach d’fhág an Réabhlóid Chultúrtha a rian ar an Tibéid díreach mar a tharla sa tSín féin, agus is iomaí mainistir a scriosadh.

Bhí mímhuinín ag na feidhmeannaigh Shíneacha is dúire as an mbeartas ‘bog’ riamh, agus acu a bhí an lá. Le beagán blianta anuas d’éirigh an tslándáil níos déine agus cuireadh teorainn le bláthú an chultúir agus an chreidimh. Ach cuireadh dlús le dul chun cinn an gheilleagair, rud a mheall na mílte anall ón tSín agus dúil acu san airgead a bhí á caitheamh chomh fial sin ag an rialtas.

BOLSCAIREACHT RIALTAIS

Sa tSín féin tá an-éifeacht le bolscaireacht an Rialtais. Baintear tairbhe as an ngrá dúchais, agus is beag duine nach gcreideann gur fearrde an Tibéid a bheith ina cuid den tSín.

Nuair a bhriseann an ghráin amach ar shráideanna Lása mar a tharla i rith na gcíréibeacha, déantar tagairt do ‘scarúnaithe’.

Ach tuigeann an chuid is ciallmhaire de na húdaráis nach mór socrú polaitiúil de shaghas éigin a dhéanamh, agus dá bhrí sin nach mór dul chun cainte leis an Dalaí Láma féin, más beag féin an mhuinín atá acu as.

Tá meas mór ag na Tibéadaigh fós air, cé go bhfuil an t-aos óg (daoine nach bhfuil ag cuid acu ach Sínis) ag éirí tuirseach de bheartas na síochána.

Faoi láthair is fearr caint ná achrann, cé gurbh fhurasta don lámh láidir teacht i dtreis arís.

SCÉALTA EILE