Tromluí Gaza – Ní leor paidreacha a thuilleadh

Bhí taibhreamh agam le déanaí. Bhí sé fíor-réadúil, i slí dhiostóipeach, an taibhreamh seo, agus ní raibh sé deas. Bhíodh tromluithe dá shórt agam go minic tar éis dom dialann Anne Frank a léamh agus mé óg. Shamhlaínn go rabhas sa Ghearmáin, ag maireachtaint i lochta duine éigint, anbhá orm gach nóimint de gach aon lá go dtiocfadh saighdiúirí chun mé a mharú. Bhíodh tromluithe cosúil leis sin agam leis, nuair a léigheas The Boy in the Striped Pyjamas. Buíochas le Dia, dhúisínn ó na taibhrimh uafásacha seo. Ní hiad na scéalta iad féin a dhein an dochar, ach an tuiscint gur fíorscéalta iad a scanraigh mé.

Sa taibhreamh a bhí agam le déanaí, bhí an rud céanna ag titim amach. Ach bhí sé ag titim amach anois, sa bhliain 2023. Rud ná féadfadh a bheith ag tarlú, a dúras liom féin agus mé ag cur téacs chuig cara liom atá in Bali fé láthair chun físghlao a eagrú léi. Leis an dteicneolaíocht atá againn anois agus a fhorbartha atá an saol, ní fhéadfadh daoine a bheith á marú a chéile. Ach a bhuí leis an dteicneolaíocht chéanna a dheineann mo shaol ana-shimplí, chím na físeáin uafásacha atá ag teacht ón bPailistín go tiubh tapa le hocht seachtaine anuas. Ní haon taibhreamh é seo.

Cuimhním ar na gnásanna báis atá againn anseo in Éirinn, a luachmhaire is atá sé dúinn saol duine atá caillte a cheiliúradh. Laethanta caite ag caoineadh ár mairbh. Ní féidir liom ach cuimhneamh air sin agus mé ag breathnú ar na físeáin de na leanaí réamhaibí, fágtha gan ospidéal. Na teaghlaigh scartha óna chéile, go deo. Buamáil i ndiaidh buamála.

An rud is deacra a thuiscint ná go bhfuil leanaí á marú. Tá gach aon leanbh mar an gcéanna, cuma cé leis iad nó cad as dóibh. Nuair a thagann leanbh ar an saol, táid go hiomlán glan, neamhchiontach, agus níl sé de chumas acu a bheith claonta nó aon idirdhealú a dhéanamh idir daoine. Beidh muinín ag leanbh as an saol go dtí go bhfoghlaimeoidh siad gan muinín a bheith acu as an saol.

Má fhéachaimid timpeall ar na leanaí atá mórthimpeall orainn, is leanaí díreach mar sin atá á marú sa Phailistín.

Conas atá sé seo ag tarlú? Níl éinne sa tír seo anois ná fuil an slad uafásach feicthe lena dhá súil acu ar an dteilifís nó ar an bhfón póca. Tá formhór mhuintir na hÉireann trína chéile, agus ní luíonn sé le nósanna na hÉireann, áit a ndeinimid scéal mór fén mbás, go ligfimís dár rialtas faic a dhéanamh mar gheall air.

Cá bhfuil an trua, an trócaire, an fháilte a chuireamar roimh dhíláithrigh na hÚcráine? Cá bhfuil an déistin a bhí orainn mar thír ar an ionradh a dhein an Rúis? Cá bhfuil an rabharta feirge a tháinig ón dtír seo mar gheall ar bhrúidiúlacht agus neamhthrócaire rialtas na Rúise? Sheas an rialtas go docht leis an Úcráin.

An í an chúis atá leis ná aithníonn ár rialtas gur tír neamhspleách í an Phailistín? B’fhéidir é. Ach canathaobh gur cuma? Cad a dheineann tír ach línte samhailteacha a scarann áit ó áiteanna eile. Tá slad á dhéanamh ar dhaoine neamhchiontacha. Caithfidh go bhfuil slí éigint eile chun teacht ar réiteach na faidhbe.

I measc na vótaí atá caite ag ár rialtas maidir leis an gcogadh áirithe seo, tá diúltaithe acu don rún sos cogaidh iomlán a éileamh, an tAmbasadóir Iosraelach a dhíbirt ón dtír, deireadh a chur le comhaontuithe trádála le hIosrael agus don rún an cás a chur ar aghaidh go dtí an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

Ní leor na focail tacaíochta ón rialtas. Ní leor na paidreacha. Conas is féidir le tíortha “forbartha” ligint don slad seo? De bharr cúiseanna polaitíochta? Cúiseanna airgid? An bhfuilimid ag ligint do na daoine seo bás a fháilt ar na cúiseanna teibí sin?

Mar a dúirt Suad Aldarra (Siriach ó dhúchas agus údar I Don’t Want to Talk About Home) in agallamh le linn Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne, ag trácht di ar an easaontas idir í féin agus a máthair mar gheall ar a heaspa creidimh, táimid ag maireachtaint in ifreann cheana féin. Ní fhéadfadh sé éirí níos measa.

Lasmuigh den sluachampa géibhinn Dachau, i gcathair München na Gearmáine, tá dealbh de phríosúnach anaithnid, féna bhfuil na focail “Den Toten zur Ehr den Lebenden zur Mahnung”, a chiallaíonn (go garbh) “chun omós a thabhairt do na mairbh agus rabhadh a thabhairt do na beo”.

Is cuma cé a thosnaigh é, is cuma cé atá i gceart – ní féidir linn seasamh siar agus fanacht inár dtost agus ligint don chinedhíothú seo. Ná fuil aon rud foghlamtha againn ón méid atá tite amach sa stair?

SCÉALTA EILE