Tá an dara mac is sine le Máirí Anne Nic Leóid as Leodhas ag iarraidh ‘World War Islam’ a thosnú ach níor cheart dúinn bheith chomh buartha sin faoi, a deir Ciarán Dunbar…
20 Eanáir 2017 an lá deiridh a bheas ag Barack Obama mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá ar a laghad dhá shuíomh idirlín ann le clog ‘comhaireamh síos’ ag léiriú cá mhéad lá, uair agus soicind atá fágtha aige.
Léiriú beag é sin ar an ghráin atá ag eite dheis Mheiriceá dó agus ag scair nach beag den daonra bocht bán go háirithe.
Is gráin é sin a bhfuil go leor déanta ag an iarrthóir ar ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh, Donald Trump, lena spreagadh agus tacaíocht léirithe aige don ghluaiseacht ‘birther’.
Daoine iad na ‘birthers’ a chreideann nach bhfuil Obama i dteideal a bheith ina Uachtarán ar SAM ar an ábhar nár rugadh ann é – teoiric atá bréagnaithe amach is amach dála an scéil.
Sa deireadh, bhí air Obama a theastas breithe a fhoilsiú chun a chruthú gur rugadh é ar thalamh na Stát Aontaithe.
Bua mór do Donald Trump.
Ní hé go raibh sé lárnach sa ghluaiseacht, cha raibh.
Ach chonaic sé deis mhaith phoiblíochta agus ghlac sé leis.
Agus léiríonn sé go leor faoi pholaitíocht SAM an lae inniu agus faoi Donald Trump, atá, de réir na bpobalbhreitheanna, chun tosaigh sa rás chun ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh a bhuachan.
Tá clú ar Donald Trump mar gheall ar a chuid saibhris, ar a chuid gruaige agus ar an chlár teilifíse ‘The Apprentice’ a óstáil.
Agus tá sé tar éis teilifís réaltachta a dhéanamh as an rás polaitíochta seo.
Ní féidir a theacht i láthair mar fhear siamsa a lochtú, cibé locht eile atá air.
Ach sílim nach dtitfeadh an oiread sin daoine amach liom má deirim nach bhfuil mórán substainte ó thaobh prionsabail de ag baint le Donald Trump.
Fear carasmatach atá sásta pobalachas á úsáid chun é féin a chur chun cinn atá ann.
Agus is breá le hiriseoirí polaiteoirí ar nós Trump óir bíonn scéal ann i gcónaí.
Tá Trump ag díriú ar an vóta fíor-choimeádach a mhealladh, slua atá buartha faoi chúrsaí cine agus déimeagrafaice, sceimhlitheoireacht, a gcuid post agus a gcuid gunnaí.
D’ainneoin gur billiúnaí é Trump, ní rithfeadh sé le go leor daoine bochta i Meiriceá go mb’fhéidir nach mbeadh sé ag taobhú leo sa saol seo.
Tchíonn siad fear ón taobh amuigh atá ag seasamh suas i gcoinne na bunaíochta.
Mar sin féin, tá Trump tar éis a phort a athrú go measartha gasta, ó dhuine a raibh tuairimí ‘forásacha’ aige – sa chiall Mheiriceánach den fhocal, – o tuairimí for-choiméadacha (super-conservative) in achar an-ghairid.
Tá leideanna ann go dtuigeann go leor coimeádach i SAM cad é atá ann mar Donald Trump.
Is cinnte gur laige é sin a mbeidh lucht tacaíochta a phríomh-chéile comhairc Ted Cruz (atá ina choimeádach ceartchreidmheach) ábalta an-úsáid a bhaint as.
Anois, an bhfuil baol ann go dtoghfar Donald Trump mar Uachtarán?
Agus mar sin go mbeadh sé ar an dara fear is cumhachtaí ar domhan – i ndiaidh Vladimir Putin ar ndóigh, fear nach gá dó a bheith ró-bhuartha faoi thoghcháin?
Creideann tráchtairí gur féidir leis an t-ainmniúchán a bhuachan go cinnte, cé nár caitheadh vóta ar bith go fóill, ach nach féidir leis an Uachtaránacht a bhaint amach.
Cuimhnígí nach bhfuil i gceist sna toghcháin tosaigh seo ach na toscairí a roghnú a thoghfaidh an t-iarrthóir ag coinbhinsiún an pháirtí i mí Iúil.
Tá amaidí Trump i ndiaidh dochar a dhéanamh dó féin.
Cinnte, spreag sé cosmhuintir an Pháirtí Phoblachtaigh – is ar éigean gur féidir “cosmhuintir a pháirtí féin” a rá – ach bheadh faitíos ar lár-Mheiriceá é a chur sa Teach Bán.
Anois, dá mbeadh ionsaithe sceimhlitheoireachta eile san Eoraip nó i SAM fiú, cabhróidh sé sin go mór leis áfach.
Ar an drochuair, tá cuma ar chúrsaí gurb ionann agus cinnte sin.
Bheadh cuma níos fearr ar a mholadh seafóideach chun cosc a chur ar gach Moslamach teacht isteach i Meiriceá sa chás sin gan amhras.
Títear dom go bhfuil an Stát Ioslamach agus Eite Dheas Pholaitiúil an Iarthair beirt ag iarraidh World War Islam a thosú.
Má bheas Donald Trump sa Teach Bán is féidir a bheith cinnte go mbeidh a leithéid ann, d’ainneoin, nó muise de bhrí, nach bhfuil aon taithí mhíleata aige nó ag duine ar bith eile sa rás seo.
Ní aon jóc é Donald Trump.
Dá mbainfeadh sé, dhéanfadh sé fíor-dhochar don daonlathas féin, dhéanfadh sé clár teilifíse grinn as ach le hiarmhairtí tromchúiseacha agus fíor.
Agus chruthódh sé nach bhfuil i gceist i ndaonlathas SAM ach ceant idir daoine saibhre.
Ach i ndeireadh na dála, agus an té atá saor caitheadh sé an chéad chloch, ní dóigh liom gur chóir go mbeadh ró-fhaítos ar mhuintir na hÉireann agus ar bhunadh na hEorpa roimh Uachtarán Donald Trump.
Mar ní dóigh liom go bhfuil gnáthmhuintir na Stát leath chomh bómánta leis an ndóigh a gcuirtear i láthair iad inár meáin féin ná is a shíleann an tUasal Trump.
*Dála an scéil, ba Ghael í máthair Trump – ba as Tunga in Oileán Leodhais í Máirí Anne Nic Leóid.