Is in Chengdu atá Seaghan Mac an tSínigh, Comhfhreagraí na Síne s’againn, i láthair na huaire. Seo tuairisc uaidh ar dhearcadh na Síneach i leith tharaifí an Trumpaigh.
Níorbh iad na brúchtanna ná na céithireachtaí traidisiúnta a sciob m’aird ó chaifé matcha na maidine an lá cheana in Chengdu na Síne. An callán ó tháibléad Huawei an déagóra taobh liom faoi ndear é sin. Ag éisteacht le scaothaireacht Donald Trump gona shraith taraifí Sín-dírithe a bhí sí agus fotheidil i Sínis mar áis tuisceana di.
Beidh taraifí 145% le híoc ar iompórtálacha na Síne go dtí na Stáit Aontaithe ó dheireadh na míosa amach. Ní hí an chluas bhodhar atáthar a thabhairt don fhear buí sa tír seo in aon chor, ach is léir gur mar jóc a thuigeann cuid de na Sínigh an chraic seo ar fad.
Tá méimeanna IS-ghinte faoi “ationsclú” na Stát Aontaithe sa chiorclaíocht ar fud mheáin na Síne i láthair na huaire, mar shampla. Ceann díobh, léirítear na sluaite Meiriceánach ar chrios monaraíochta agus fuadar faoina méaranta beathaithe a d’iarraidh earraí amhail bróga Nike agus gutháin iPhone a chur i dtoll a chéile.
Is mar cheap magaidh a chuimhneoidh staraithe eacnamaíochta na todhchaí ar chogadh trádála rialtas Donald Trump, a dúirt uachtarán na Síne Xi Jinping.
Mar fhreagairt ar tharaifí rialtas Trump, cuirfidh an tSín taraifí 125% ar earraí Meiriceánacha, ach tá cogarscéal sna meáin anso gur ar earraí de thionscnamh na stát a vótáil ar son Donald Trump a chuirfear na taraifí sin i bhfeidhm.
Ar laethanta saoire atáim féin sa tSín – mé ag tairbhiú den tarscaoileadh víosa a chuir rialtas na Síne ar fáil do shaoránaigh na hÉireann agus do líon beag tíortha eile i gcomhair na bliana so.

Níl aon tSínis agam ná ní bhíonn Béarla ag na daoine anso de ghnáth, agus mar sin, ó thaobh ghnáthmhuintir na Síne féin de, ní raibh deiseanna cainte agam arbh fhiú trácht orthu.
Ach tá roinnt mhaith cloiste agam ó chol ceathrar liom atá ag maireachtaint anso. Ealaíontóir is ea é agus bhog sé a ghnólacht bheag ar líne ó Shasana mar gheall go raibh suim aige i gcultúr na Síne.
Priontáil 3T an gnó atá aige siúd. An earra is mó a tháirgeann sé ná caidhpeanna eochairchláir pearsanaithe lámhdhéanta agus go dtí seo is Meiriceánaigh a cheannaíodh 90% des na hearraí sin.
$50 an ceann atá orthu go dtí seo, ach leis na taraifí nua a chuirfear i bhfeidhm feasta, is $150 an ceann a bheidh orthu. Trí oiread an phraghais le hais mar a bhíodh ann.
Ní dóigh le mo chol ceathrar go gceannófar na hearraí ar an bpraghas sin agus tá a shlí bheatha i mbaol anois. Ó fógraíodh an drochnuacht tá a theanga amuigh aige a d’iarraidh oiread dá chuid sainearraí agus is féidir a chur sa phost sara dtiocfaidh na taraifí nua i bhfeidhm i gceann cúpla seachtain. Chífidh sé leis ina dhiaidh sin.
Beidh fuar ag an té a bheadh ag súil le míniú stuama ó rialtas Donald Trump ar na taraifí sin, ach is fiú a lua go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chomh maith dul i ngleic leis an bhfeiniméan ar a dtugtar “allmhairí earraí ar luach íseal trí mhargaí ar líne” srl. agus leis an dochar a dhéanann a leithéid don chomhshaol agus do chearta oibrithe araon.
Dreamanna mar Temu agus Shein na Síne atá i gceist sa mhéid sin is dócha ach nach é an trua ceardaithe beaga niche a chur ó dhoras agus gan scagadh cuí a dhéanamh eatarthu.