‘Tuige a mbeadh bean nár rinne rud ar bith as bealach náirithe?’

Ní minic é, ach corruair bíonn mé gann ar ábhar a chuireann fonn scríbhneoireachta orm. Bhí inniu ar cheann de na laethanta sin. Is uafásach an t-ualach é ar cholúnaí. Bhí mé maraithe ag dul isteach sa leaba aréir agus an chuimhne dheiridh atá agam sular thit mé i mo chodladh ná “céard faoi scríobhfaidh mé amárach?” Bail ó Dhia agus ó Mhuire air, ach cé a cheapfadh gurbh é Rúnaí Sláinte na Breataine, Matt Hancock a choinneodh amach as an mbearna bhaoil mé?

Má bhí sé d’ádh ort na pictiúir a sheachaint, fan glan orthu. Ba iad a dhúisigh ar maidin mé. Matt Hancock, agus a lámha thar timpeall bean nach raibh sé pósta léi. Gina Coladangelo a bhí sa mbarróg leis, bean atá ag obair leis sa Roinn Sláinte sa mBreatain. 

Tógadh na pictiúir san oifig atá aige in London. Scannal! Uafás! Íomhá uafásach! Cé a cheapfadh go mbeadh Tóraí i rialtas Boris Johnson ar an gcraic seo? Tá leithscéal gafa aige cheana féin as ucht nach raibh sé ag comhlíonadh shoiscéal an tscartha shóisialta. An soiscéal a bhí mar sheanmóir aige le bliain. 

D’iarr sé freisin go n-éistfí lena theaghlach agus go bhfanfadh páipéir Shasana glan orthu. Beag an baol. Ba ghearr go raibh a bhean chéile bhocht ar fud an Daily Mail. Pictiúir di agus í ag fágáil an tí agus a fáinne pósta le feiceáil. Ceannlínte ag síonaíl go raibh sí náirithe. Ceannlínte eile ag rá gur bhreathnaigh sí croíbhriste. Ceannlíne eile níos deireanaí sa lá ag insint dúinn go ndeachaigh sí ag siúl leis an madra. 

Cé atá náirithe? Bean nár rinne tada as bealach (de réir mar a thuigim), nó an bheirt a bhí i ngreim a chéile san oifig agus a bhean agus a fear céile sa mbaile? 

Fuair muid a stair uilig. An áit ar rugadh í, an áit a ndeachaigh sí ar scoil agus ar ollscoil. Go deimhin, is cosúil gur cara ar Facebook í le Gina Coladangelo. Cén fáth go bhfuil tada á rá fúithi? Creidim go luíonn sé sa bhfuath ban arís. Beidh fir fud fad na Breataine (agus anseo is dóigh) a bheidh ag croitheadh láimhe le Hancock as ucht an ‘éacht’ atá bainte amach aige, agus ar an lámh eile, beidh breithiúnas á dhéanamh ar a bhean céile. 

Dá mbeadh sé ag fáil aire sa mbaile ní tharlódh sé. Dá mbeadh aon mhaith inti ní bheadh bean eile ag teastáil uaidh. Tá sé cloiste againn míle agus céad uair cheana. Cén uair a bheidh muid sásta éisteacht le mná agus suaimhneas a thabhairt dóibh? Níl muid fós sách maith. Níl muid fós gan náire nuair a dhéanann ár bhfir chéile an rud dána. Níl muid fós gan lorg na bhfear, fiú nuair nach bhfuil tada as bealach déanta againn. 

SCÉALTA EILE