Tá amlínte an domhain plúctha le hInstascéalta agus féiníní de mháithreacha, iníonacha, aintíní agus deirfiúracha. Ráiteas ionspáireadach le Malala Yousafzai anseo, óráid chumhachtach le Greta Thunberg ansiúd. Sin é, tá Lá Idirnáisiúnta na mBan buailte linn.
Déanaimid ceiliúradh bliantúil ar na mná cróga agus cliste inár saol. Anois, cé go bhfuil cairpéad dearg agus bualadh bos tuillte ag gach bean, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ní caitear linn mar is ceart ar bhonn laethúil. Níl muid ag súil le bláthanna agus bosca seacláide ón nóiméad a éiríonn muid ar maidin (cé go mbeadh sé sin go hálainn) ach, is éard atá uainn, mar a dúirt Aretha Franklin, ná ruainne beag measa.
Bheartaigh mé treoir mhaireachtála a chur le chéile daoibh, a leaids. Seo iad na rudaí beaga a dhéanann fir a chuireann isteach ar mhná. Tá fáilte romhaibh.
An Fearmhíniú
Tá tú i lár abairte. Topaic ar leith á plé agat go láidir agus os ard – réabhlóideach, tá a fhios agam. Go tobann, pléascann an glór íseal damanta seo isteach sa chomhrá a fhógraíonn staitistic éigin leis an muinín chéanna atá ag Trump ina toupé. Uaireanta tá an chuma ar an scéal go gcreidtear go bhfuil 90% den am craolta ag fir i bpodhchraoladh an tsaoil. Fantar ortsa d’abairtse a chríochnú ionas gur féidir leosan athchúrsáil béil a dhéanamh ar an méid a dúirt tú cheana féin! Is leor sin, a fheara, tugaigí dúinn an mic. 50/50 as seo amach, ceart go leor?
Éisteann tú le Taylor Swift???
Gach uair a luann bean go dtaitníonn rud éigin léi – ceol ar leith, leabhar, scannán, spórt, is cuma cad é, faigheann sí gáir ghearáin ag maíomh nach bhfuil an ceart aici suim dá laghad a léiriú ann. Idir an dá linn, tá lánchead ag fir paisean a léiriú i rud ar bith gan bhreithiúnas. Más féidir le fear breathnú ar chluiche sacair ó fhoireann nach mbaineann leis ó dhúchas fiú ar feadh 90 nóiméad a chríochnaíonn ar scór 0-0, is féidir le bean éisteacht le Taylor Swift agus suim a léiriú sna réaltchomharthaí más mian léi! #cothromaíocht
An cluiche sicín
Tá an obair thart agus tá tú ar an mbealach abhaile. Beartaíonn tú stopadh in Centra chun cuairt a thabhairt ar na fir is béasaí riamh – Ben agus Jerry. Roghnaíonn tú blas seacláide éigin agus ansin feiceann tú fear os do chomhair amach. Tá sibh sa bhealach ar a chéile. Deir tú ‘sorry’ cé nach ndearna tú rud ar bith mícheart. Anois, an cheist mhór- an mbogfaidh sé? Ní dóigh liom é, faraor. Fiafraíonn tú díot féin… ar dheis? Ar chlé? An léimfidh tú isteach sa reoiteoir chun é a sheachaint? An bhfuil bealach éalaithe ann? Creid nó creid é, rómhinic ní bhogann fir as an mbealach do mhná agus níl sé ar intinn acu é a dhéanamh. Glacaigí nótaí, leaids. Bígí cosúil le Ben agus Jerry – ná cuirigí díomá orainn.
An-iomarca smididh
Cé go bhfuil fir ann a aithníonn áilleacht an smididh (focal buíochais le Maura Higgins agus foireann Glow Up Ireland) tá an oiread fós ann a chreideann gur féidir leo breithiúnas éigin a chaitheamh ar aghaidheanna na mban. Gabh mo leithsceál ach más mian linn béaldath corca, líneadóir súl buí agus donnú bréag oráiste a chaitheamh tá lánchead againn. Muna dtaitníonn sé leat, na caith é. Dírigh ar d’easpa chúram craicinn féin. Grma, next.
‘Maith an Cailín‘
Tá an glór íseal sin tagtha ar ais ach an uair seo leis an bhfrása ‘maith an cailín.’ D’fhéadfá a bheith i do bhean phroifisiúnta, teach agat, ag súil le do cheathrú páiste, gruaig liath ort, cuimhne agat ar floppy disks agus FÓS bheadh fear ann a thabharfadh ‘cailín’ ort. A fheara, impíonn oraibh, muna bhfuil sí ag freastal ar an mbunscoil, ná habraigí seo. Is mná muid! Mar a deir Georgia Nickelson sa scannánfeimineach Angus, Thongs, and Perfect Snogging – “is bean anois mé! Caithim cíochbheart!”.
Sin daoibh é a chairde. Tá súil agam go gcabhraíonn na leideanna seo libh agus cuimhnigí – níos lú fadhbanna agus níos mó vibeanna as seo amach.