Saorsmaointeoir na hÉireann


Is fada mé fiosrach faoin fhealsúnaí John Toland, a rugadh in Inis Eoghain, Dún na nGall, ar an lá seo sa bhliain 1670.

An sloinne céanna liom féin agus an t-ainm ceannann céanna le m’athair, fuair mé amach faoi Sheán Ó Tuathaláin na 17ú haoise agus mé sa chéad bhliain ar ollscoil.

Phioc mé suas píosa páipéir a bhí fágtha ar leataobh i seomra léachta folamh agus bhí blúirín eolais agus pictiúr dó air.

Ar bhealach, is macalla é an píosa páipéir dearmadta sin ar áit Toland i stair na hÉireann: fear Gaeltachta a bhfuil clú agus cáil air go hidirnáisiúnta ach atá ligthe i ndearmad ina thír féin.

Cén fáth nár tugadh suntas do thábhacht an fhir seo as Dún na nGall sna téacsleabhair staire mar sin?

Tá leid i dteideal leabhair le hAlan Harrison, (Ollamh le Gaeilge i gCÓBÁC nach maireann) Béal eiriciúil as Inis Eoghain: John Toland (1670-1722), foilsithe ag Coiscéim.

B’eiriceach (heretic) é go smior, ach ba shaorsmaointeoir, fealsúnaí agus scoláire tábhachtach é chomh maith.

Is spéisiúil an chomparáid atá déanta sa réamhrá ag Harrison idir Toland agus daoine iomráiteacha ón am sin.

“Níl ach triúr Éireannach eile a bhfuil an cineál aitheantais domhanda orthu ón tréimhse úd, Johnathon Swift, Edmund Burke agus George Berkley.”

Tá an t-ádh orainn go bhfuil a leithéid de leabhar ann i nGaeilge agus mholfainn do dhuine ar bith ar mhaith leo aithne níos fearr a chur ar fhealsúnaí Inis Eoghain é a léamh.

San Eoraip, tá Toland luaite i measc John Locke, Jonathan Swift, agus Isaac Newton agus é aitheanta mar cheannródaí i ngluaiseacht na smaointeoireachta san 18ú haois.

Cé gur beag eolas atá ann faoina óige in Inis Eoghain, is cinnte gur chainteoir Gaeilge é a rugadh mar Chaitliceach agus a d’iompaigh ina Phrotastúnach ina dhéagóir.

B’iomaí eachtra a thit amach ina shaol gairid.

Faoin am ar chríochnaigh sé a chéim in Ollscoil Dhún Éideann sa bhliain 1687, bhí a ainm in airde mar shárscoláire – bhí deich dteanga ar a thoil aige – agus mar scríbhneoir cumasach.

Idir cháineadh agus mholadh, ba mhinic a tharraing tuairimí Toland isteach sa spotsolas é ach ba é a leabhar Christianity not Mysterious a chothaigh an t-aisfhreagra ba mheasa san Eoraip agus in Éirinn.

Go deimhin, dhóigh Parlaimint na hÉireann an leabhar go poiblí in 1696, a d’fhág nach raibh sé ábalta filleadh ar Éirinn arís.

San Eoraip, chaith sé tréimhse shuntasach mar chomhairleoir agus cara ag Banríon na Prúise, Sofia Charlotte.

Ba chomhairleoir é ag pointe amháin chomh maith do Phrionsa Eugene de Savoy, duine de na daoine is cumhachtaí san Eoraip ag an am sin.

Bhí sé ar an chéad duine riamh ar luíodh leis an teideal ‘Saorsmaointeoir’, nó Freethinker, agus ar an chéad duine le labhairt amach ar son chomhionannas na nGiúdach.

In 1984 bhain Toland ceannlínte nuachta amach in athuair nuair a cháin an t-iar-easpag Jeremiah Newman, nach maireann, aiste a scríobh iar-Ollamh le Fealsúntacht, David Berman, inar mhaígh sé gurb é fear Inis Eoghain ‘Athair na Fealsúnachta’ in Éirinn.

Dar le Newman nach bhféadfá teideal mar sin a thabhairt ar aindiach a labhair amach go fíochmhar i gcoinne na heaglaise Caitlicí, agus na Críostaíochta ní ba mhoille ina shaol.

Ó shin, tá an maide tógtha in airde ag daoine eile atá ag iarraidh proifíl an fhealsúnaí Ghaelaigh seo a ardú, amhail Ian Leask, léachtóir le Fealsúnacht ar foilsíodh leabhar leis anuraidh Letters to Serena a bhain go sonrach le tábhacht Toland mar fhealsúnaí.

Réabhlóideach a bhí ann, fear Gaeltachta a raibh tuiscint dhomhanda aige ar an saol agus a bhí i bhfad chun tosaigh ar an ré inar mhair sé.

Sheas sé an fód ar son na cosmhuintire, cheistigh sé na húdaráis ar feadh a shaoil agus thug sé tús áite don chiall agus don réasún.

Tá leac bheag in Inis Eoghain in ómós dó buillte leis an ghaoth agus leis an fhearthainn, ach is ceart go mbeadh ainm Toland luaite i measc laochra na hÉireann ón 18ú haois.

SCÉALTA EILE