Beidh cainteoirí aitheanta Gaeilge ar an ardán in The Workman’s Club i mBaile Átha Cliath anocht le léargas a thabhairt dá lucht féachana ar na buntáistí a bhaineann le labhairt na Gaeilge a bheith ag duine.
Ar na haíonna a bheidh ann, beidh scríbhneoir de chuid NÓS, an file Ciara Ní É, duine de bhunaitheoirí an Pop Up Gaeltacht, Osgur Ó Ciardha, an fuirseoir Áine Gallagher, Gearóidín McEvoy, a bhíonn le cloisteáil go minic ar an bpodchraoladh Motherfoclóir, agus Darach Ó Séaghdha, riarthóir an chuntais Twitter @theirishfor.
Roinnfidh na rannpháirtithe scéalta pearsanta faoin gcaidreamh atá acu leis an nGaeilge, agus an tionchar atá ag an teanga ar a saol. Taispeánfar an scannán Grá & Eagla agus beidh foireann déanta an scannáin sin, an stiúrthóir Caitríona Ní Chadhain ina measc, ann le ceisteanna faoi a fhreagairt.
Is é Mícheál Ó’Ciaraidh, láithreoir le BLOC, a bheidh ina fhear an tí anocht agus beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ann ag deireadh na hócáide do na rannpháirtithe ar fad. Tá costas €5 ar thicéad agus iad ar fáil ar Eventbrite anois nó ar an doras anocht. Beidh an seisiún á chraoladh beo ar leathanaigh meán sóisialta BLOC. Ócáid dhátheangach a bheidh ann ach ní bheidh ateangaireacht oifigiúil ar fáil.
Cuirfear tús leis an oíche ag 19.30 in The Workman’s Club.