Snámhfaidh ceathrar ban ó Inis Oírr go hInis Meáin ar son an RNLI inniu

Snámhfaidh ceathrar ban ó Inis Oírr go hInis Meáin inniu ar mhaithe leis an RNLI. Achar 3.2km nó mar sin atá ann idir an dá oileán Gaeltachta amach ó chósta na Gaillimhe, agus tá súil ag Stella Burkin, Marie- Thérèse de Blácam, Martina Hanrahan, agus Doireann Markham go mbeidh an chóir leo ag 12.15 nuair a thabharfaidh siad faoin dúshlán snámha. 

Beidh chuile shórt ag brath ar chúinsí aimsire agus farraige, ach tá súil ag na mná teacht i dtír in Inis Meáin ag thart ar 14.30 tráthnóna. Beidh buicéid bhailiúcháin ann ag dá cheann an aistir, agus beidh buicéid eile sna siopaí agus sna tithe tábhairne sna hoileáin. Bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar an lá agus ar an leathanach tiomsaithe airgid ar líne i dtreo RNLI Oileán Árann, atá lonnaithe i gCill Rónán in Árainn. 

Bíonn na mná ag snámh le chéile, in éineacht le thart ar shé dhuine dhéag eile, in Inis Meáin go rialta agus tháinig an smaoineamh faoin snámh idir an dá oileán chun cinn i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite. Agus na dianghlasálacha diana i bhfeidhm sna míonna idir sin agus seo, bheartaigh na snámhaithe tabhairt faoin dúshlán i ndáiríre agus thosaigh ag traenáil lena aghaidh.  

Tá os cionn €7,250 bailithe ag na mná cheana féin ar an leathanach tiomsaithe airgid ar líne, agus súil acu níos mó fós a bhailiú sna laethanta amach romhainn sna buicéid agus ar line. Is féidir airgead a dheonú anseo.

SCÉALTA EILE