Solas Glas

D’éirigh le gníomhaí teanga a bhealach a dhéanamh isteach san Astráil ag aerfort Brisbane ar na mallaibh agus pas Bundúchasach féindeartha á úsáid aige.

Ag labhairt dó leis an meáin ag an aerfort i ndiaidh dó bheith scaoilte saor ó bheith á cheistiú dúirt Callum Clayton-Dixon gur mhínigh sé do na húdaráis gur Bundúchasach é a bhí ag filleadh abhaile.

“Choinnigh mé orm go beacht agus go daingean ag rá gur bundúchasach mé agus mhínigh mé go raibh mé ag filleadh ar mo thír féin. Dúirt mé go raibh mo phas Bundúchasach in úsáid agam, agus gurb é mo rogha-sa cáipéis taistil é,” arsa sé.

I ráiteas a d’fhógair roinn imirce na hAstráile, dúradh nach n-aithnítear an pas Bundúchasach ‘mar phas bailí oifigiúil’.

Ní seo an chéad uair a tugadh cead a bhealaigh don fhear céanna agus é ag taisteal leis an phas Bundúchasach ach oiread.

Níos luaithe i mbliana, d’úsáid sé an pas féindeartha ar a bhealach isteach agus amach ó Oileáin Sholomón.

Bunduchasach

Is de shliocht Nganyaywana é Callum Clayton-Dixon, treabh a bhain le ceantar Walcha sa Bhreatain Bheag Theas Nua, ar chósta thoir na hAstráile.

Ba dhuine den ‘ghlúin ghoidte’ é a sheanathair, a rugadh le máthair Bhundúchasach agus athair Astrálach.

Tá an iarracht is déanaí seo mar chuid d’fheachtas náisiúnta faoi stiúir Rialtas Sealadach na mBundúchasach (Aborginal Provisional Government) nó an ‘APG’ mar is fearr aithne orthu, gluaiseacht atá dírithe ar chearta agus ar fhéiniúlacht na mBundúchasach a láidriú.

Ba sa Libia, sa bhliain 1988, a d’éirigh leis an chéad duine taisteal isteach agus amach ar phas Bundúchasach.

SCÉALTA EILE