Spéis ollmhór i Lá ‘Digiteach’ Lus an Chromchinn

Tá an oiread sin daoine ag iarraidh airgead a dheonú do Chumann Ailse na hÉireann inniu go bhfuil an suíomh idirlín atá acu ag cliseadh. Tá bealaí eile ann le hairgead a thabhairt, áfach: ar an bhfón (1850 60 60 60), trí théacs (DAFFODIL go 50300), nó ar Facebook

Tá Lá ‘Digiteach’ Lus an Chromchinn a reáchtáil ag Cumann Ailse na hÉireann inniu le hairgead a bhailiú tar éis dóibh an lá traidisiúnta bailithe airgid a chur ar ceal mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh. Is féidir lus an chromchinn ‘digiteach’ a cheannacht ar shuíomh idirlín an Chumainn Ailse inniu agus íomhá de lus an chromchinn a chur ar na meáin shóisialta. 

Is iondúil go mbíonn oibrithe deonacha an Chumainn Ailse amuigh ar shráideanna na hÉireann ó cheann ceann na tíre ar an lá seo agus iad ag bailiú airgid ar son an Chumainn. Ceannaítear lusanna an chromchinn, stocaí, tuáillí, suaitheantais, cnaipí agus ábhar eile, agus feictear na mílte daoine agus na bláthanna beaga buí ar a mbrollach. Buille mór a bhí ann don Chumann nuair a tháinig an víreas corónach go hÉirinn cúpla seachtain ó shin agus b’éigean dóibh an lá tiomsaithe airgid a chur ar ceal. 

Thapaigh an Cumann an deis, áfach, Lá ‘Digiteach’ Lus an Chromchinn a reáchtáil inniu agus é iarrtha ar an bpobal tacú leo ón mbaile. Tá siopa ar líne ann ar féidir na hearraí a bhíonn ar fáil ar na sráideanna a cheannacht, agus tá na bláthanna ‘digiteacha’ á ndíol freisin.

De ghnáth, bíonn imeachtaí bailithe airgid ar siúl in oifigí, ionaid phobail, scoileanna, agus áiteacha nach iad. Tá oifigí agus grúpaí cairde ar fud na hÉireann ag ‘cruinniú’ le chéile go digiteach ó mhaidin le haghaidh maidineacha caifé agus eile ar son an Chumainn. 

SCÉALTA EILE