“Ba bhreá liom go mbeadh an sonas céanna ag Éireannaigh cosúil liomsa. Tabhair seans dóibh pósadh agus an grá atá eatarthu a cheiliúradh.”
Sin an teachtaireacht ón scríbhneoir agus fear grinn aitheanta as Sasana Stephen Fry agus é páirteach i bhfíseán úr atá eisithe ar son an chomhionannais phósta.
Tá an fheachtasaíocht ag géarú roimh an reifreann Dé hAoine ach tá greann meidhreach le brath san fhíseán ina bhfuil fir agus mná grinn as Éirinn agus thar lear le feiceáil ag léiriú a gcuid tacaíochta don fheachtas TÁ.
I mBéarla a labhraíonn formhór mór na rannpháirtithe sula ndéanann Fry a ráiteas féin i nGaeilge.
Luann an láithreoir ar an chlár painéil QI go mb’fhéidir gur tháinig meirg ar a chuid Gaeilge ó bhí sé le feiceáil sa sobaldráma Ros na Rún ach go bhfuil sé ag iarraidh cur in iúl do mhuintir na hÉireann go bhfuil sé ag smaoineamh orthu agus an reifreann ag teannadh linn.
Deir sé chomh maith go bhfuil deis ag Éirinn stair a dhéanamh má vótáiltear ar son an reifrinn.
Tar éis Fry tá na fir ghrinn Alan Davies agus Danny Bhoy le feiceáil ag fógairt “Tá for Grá”.
Tuairisc.ie a ghearr amach an mhír Ghaeilge thuas agus tá an físeán iomlán, a d’fhoilsigh Andrew Nolan, anseo thíos.