“Streachlaíonn Croiniceoir” – dán nua faoi mhuintir Gaza

Tá slad á dhéanamh ag fórsaí Iosrael ar phobal na Palaistíne le beagnach trí mhí anuas, agus tá go leor daoine ar fud na cruinne ag mothú nach féidir leo aon rud a dhéanamh faoin uafás.

Chomh maith le tacaíocht a léiriú ag léirsithe agus brú a chur ar pholaiteoirí, freagra amháin atá tugtha ag roinnt daoine ná dul i mbun na cruthaitheachta.

Ina measc sin tá an file, Liath Mhacha, a bhfuil an dán seo a leanas cumtha aige faoi anchaoi mhuintir Gaza.

 

Streachlaíonn Croiniceoir

Ba bhreá liom rann a scríobh
Fá bhaintreach chríonna i gcampa Fawwar,
A haghaidh chomh rocach le cnoic a hóige in Bayt Jibrin,
Í ag gréasú gúna lena gariníon.
An bláth, an ghealach, an crann cufróige,
Réalta Bayt Lahm, Ballaí Al Quds.
Croí na beirte fite fuaite,
I dtaipéis a dtíre…

Ach ní féidir liom.

Ba bhreá liom rann a scríobh
Fá sheanfhear tuisleach i ngarrán ológ,
A lámha chomh cnapánach le fréamhacha na gcrann,
É ag eachtraí dá gharmhac ar lochtáin Battir.
Foinsí, caisil, seanchlaiseanna saorga,
Baile ag teacht le chéile, ag roinnt an ualaigh is an uisce.
Saíocht agus seanchas ceithre mhíle bliain,
Ag buanú beatha agus brí.

Ach ní féidir liom.

Ina áit sin, is amhlaidh a scríobhfaidh mé rann
Fá chreachadóirí cianda i gcultacha dorcha,
A mbriathra chomh milis le gob na baidhbhe,
Iad ag imirt lomscriosta ar phobal faoi ghlas.
Putógaí páistí fite fuaite le cruach is concréid.
Qabbah seanmhná corcraithe lena cuid fola féin.
Inchinn ollaimh síobtha thart ar a leabharlann.
Máthair óg ag déanamh tochta i ndiaidh a mic.

Ach bíodh a fhios agaibh, a chairde mo chléibh,
Tá an Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá,
Agus beidh sibhse, dúchasaithe na Pailistíne,
I mbun bhur ndánta féin arís.

SCÉALTA EILE