Súil ar #Dúshlán 2017

Tá Dúshlán 2017 faoi lán seoil agus tá muid ag baint an-sult in oifigí NÓS as iarrachtaí na bhfoirne uile a bhí ag sruthú ar líne faoin haischlib #Dúshlán ón lá inné.

Seo an tríú bliain don chomórtas náisiúnta a bheith á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ina gcaithfidh daoine óga 50 gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge taobh istigh de 50 uair an chloig.

“Táimid i lár #Dúshlán 2017 faoi láthair, agus tá cúrsaí craiceáilte! Tá níos mó daoine ag glacadh páirte sa chomórtas seo ná riamh” arsa Maria Schäler, atá i mbun an comórtas a reáchtáil.

“Seoladh an liosta den 50 dúshlán inné ag a 2in agus tá Twitter ag pléascadh ó shin leis an hasichlib #Dúshlán.”

“Is togra iontach dearfach é seo atá ag déanamh iarrachta daoine a mhealladh le gníomhartha ar leith a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ar mhaithe le spraoi dar ndóigh!”

Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn ollscoile agus ar dhaltaí meánscoile agus é mar aidhm ag Conradh na Gaeilge daoine óga a spreagadh chun úsáid a bhaint as seirbhísí i nGaeilge agus seirbhísí a éileamh ina dteanga féin.

Tá duaiseanna ar nós iPad Mini, dearbháin dheasa agus coirn le buachaint acu.

I measc na ndúshlán, is féidir meme nua a chruthú as Gaeilge, tacú leis an Dream Dearg trí do phictiúr próifíle a athrú ar chuntas Facebook nó Twitter, féinphic a thógáil díot féin i mbun ióga agus @ogaioga a nascadh leis, seirbhísí Gaeilge a lorg ó AIB, Ulster Bank, Supervalu, Tesco, nó scéal suimiúil de chuid Tuairisc.ie nó NÓS a roinnt.

Thaitin na cinn seo linn go háirithe! An Dream Dearg abú!



….agus an bheirt iógaithe seo!

Tá go dtí 4in inniu na gníomhartha ar fad a chur i gcrích.

Bígí gníomhach! Bígí Gaelach!

SCÉALTA EILE