. . . to be Irish.
Ní fios cé a scríobh ná cad is ciall leis go díreach ach sin díreach ceann de na teachtaireachtaí a bhí fágtha ar bhalla idirghníomhach i nGaillimh ar na mallaibh, atá mar chuid den fhiontar ealaíon sráide domhanda ‘Before I Die’.
Ó 2011, tá ballaí de chláir dhubha á dtógáil ar fud na cruinne a thugann deis do mhuintir an phobail a gcuid brionglóidí saoil a chur i láthair go hanaithnid.
Díograiseoirí ealaíona paiseanta atá ag tiomnú na gluaiseachta seo, mar atá Fintan Geraghty, céimí le Scannán agus Faisnéis ó Institiúid Teicneolaíochta Gaillimh-Maigh Eo (ITGM) agus duine den dream óg taobh thiar den bhalla i nGaillimh.
“Ar an chéad lá, tar éis dó (an balla) a bheith in airde ar feadh ceithre huaire, bhí sé iomlán lán le teachtaireachtaí,” arsa sé agus an clár á ghlanadh aige.
Is é Declan Sheridan, léachtóir sa Dearadh Léiriúcháin in ITGM a spreag na mic léinn balla a thógáil i nGaillimh agus a chinntigh cead Chomhairle Cathrach na Gaillimhe lena leithéid a dhéanamh.
Mhínigh Fintan gur thóg sé roinnt laethanta orthu an balla, déanta d’adhmaid agus de phéint chláir dhuibh, a ullmhú.
“Gach cúpla lá, bíonn gá le duine againn an balla a ghlanadh. Tar éis cúpla lá, is minic a bhíonn sé doléite ar fad, ” arsa sé.
D’admhaigh Fintan, go machnamhach, go mothaíonn sé ‘aisteach’ in amanna brionglóidí agus mianta dhaoine a glanadh agus a bhaint ón bhalla.
Faoi láthair tá tuairim is 1,000 balla ar fáil i níos mó na 35 teanga i mbreis agus 70 tír ar fud an domhain.
Ba i 2011 a thóg an t-ealaíontóir Candy Chang an chéad chlár idirghníomhach, ar imeall seantí thréigthe ina baile dúchais i New Orleans SAM. Tar éis 24 uair a chloig den bhalla a bheith in airde, bhí sé lán le teachtaireachtaí.
Ar ardán Facebook a roinneadh na pictiúir an chéad lá agus uaidh sin tháinig na céadta i dteagmháil le Chang ag rá gur mhian leo amhlaidh a dhéanamh ina gceantar féin.
Sin mar a d’fhás an ghluaiseacht.
A fhad agus a bhí muid ag caint le taobh an bhalla, atá díreach in aice le hÁras na nGael ar Shráid Dhoiminic i nGaillimh, tharraing carr isteach ón bhóthar a raibh ceathrar ghníomhaithe gealgháireacha istigh ann. Comhrá deas agus bosca úr cailce a bhí á dtairiscint acu.
Thóg Fintan píosa cailce amach agus thug sé do chailín óg a bhí ar tí scríobh ar an bhalla.
I gcló cúramach bándearg críochnaigh sí an abairt.
…. be a dancer.
Tháinig bean a fhad leis an bhalla ansin.
“Faoi dheireadh, tá spás ann,” a dúirt sí agus na focail . . . spread sublime happiness á scríobh aici.
Cé nár thug Fintan aon teachtaireachtaí i nGaeilge faoi deara fós, dúirt sé nach rud as an ghnáth é teachtaireachtaí a bhaineann le ‘grá’ agus ‘taisteal’ a fheiceáil.
“Is minic a scríobhann daoine faoi ghrá geal nó faoi thaisteal agus tá sé scríofa ag níos mó ná duine amháin gur mhaith leo go mbuafadh Maigh Eo SAM,” arsa Fintan le gáire.
Tá ballaí i nGaillimh, Baile Átha Cliath agus Corcaigh go dtí seo ach níl aon cheann acu i nGaeilge. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh a bhféadfá balla ‘Sula bhfaighim bás’ a thógáil i do cheantar féin anseo.
(Pictiúir: Fintan Geraghty)