‘Tá dualgas ar Ghaeil Cheanada seasamh le muintir na gCéad Náisiún’

Seo thíos litir a scríobh Dónall Ó Dubhghaill, ‘Taoiseach Ghaeltacht an Oileáin Úir’, chuig Gaeil Cheanada i ndiaidh do na céadta taisí linbh teacht chun solais i ‘Residential Schools’ na tíre sin.

An mhí seo caite, fuarthas taisí 215 leanbh in uaigheanna gan leachtanna i ndúthaigh an Tk’emlúps te Secwépemc, ar láithreach an Kamloops Indian Residential School in British Colombia. Is dócha go gcuireann seo iontas ar Cheanadaigh go léir ach seasann sé mar dhearbhú do na Bundúchasaigh ar fuaid Cheanada – iad siúd a d’inis an fhírinne go cróga agus a d’iarr orainn éisteacht agus glacadh léi. 

Sna scoileanna seo, cuireadh iallach ar leanaí Bundúchasacha a gcultúir agus a dteangacha a athrú go cultúr na nAngla-Cheanadach agus na gCeanadach Francach. Bhí os cionn 130 scoil cónaithe i bhfeidhm ar fuaid Cheanada idir 1831-1996, agus scoileanna lae breise ann chomh maith. 

Fuadaíodh thart ar 150,000 leanbh de chuid na gCéad Náisiún, na nIonúiteach, agus na Métis isteach sna Scoileanna Cónaithe, agus fuair timpeall 6,000 leanbh bás ann. Am dobrónach agus trombhuartha é seo do na pobail Bhundúchasacha timpeall na tíre, agus toisc go ndéanfar scrúdaithe dlí-eolaíocha ar láithreacha scoile eile is cinnte go bhfaighfear níos mó uaigheanna, léiriú ar an bhfírinne  a insíodh do phobal Cheanada.
 
Mar Ghaeil, is eol dúinn go géar an t-uafás nuair a dhéanann an stát iarracht teanga agus cultúr eile a mharú. Le linn choilíniú na hÉireann, crochadh filí Gaelacha, cuireadh lámhscríbhinní Gaelacha fé thine, cuireadh díshealbhú agus dícháiliú ar na Gaeil, agus gan i ndán do lucht labhartha na Gaelainne sna Scoileanna Náisiúnta ach pionós agus cúradh go dtí gur bheag nár cailleadh í. Ba é an sprioc lom é an Gael a iompú ina Ghall, agus scaipeadh an cuspóir seo timpeall an domhain trí Impireacht Choilíneach Shasana.
 
Bíonn ‘poill díláithrithe’ ar phobail choilínithe, iad ag cronú eolais ar a bhféinaithne, a saol, a ndúichí, agus a ndúchas. Is próiseas fada pianmhar é an bheoghoin sin a leigheas, ag cnuasach agus ag cur blúirí eolais arís le chéile, an oidhreacht chríonnachta agus eagnaíochta a iompraítear go nádúrtha ó ghlúin go glúin mar is ceart. Cuireann sé i gcuimhin dom ráiteas Thomas Davis in aghaidh ghalldú na nGael:
 
To impose another language on such a people is to send their history adrift among the accidents of translation – ‘tis to tear their identity from all places – ‘tis to substitute arbitrary signs for picturesque and suggestive names –‘tis to cut off the entail of feelings and separate the people from their forefathers by a deep gulf – ‘tis to corrupt their very organs, and abridge their power of expression.
  
Tá ár bhfírinne féin ag na Gaeil i gCeanada le haithint agus le machnamh a dhéanamh uirthi: cé gur díshealbhaíodh ár muintir féin, anso i gCeanada táimid mar lonnaitheoirí ar thalamh na mBundúchasach. Is leo an áit seo de bhunaidh. Ach anuas go dtí an lá atá inniu ann, is ar  imeall shochaí na lonnaitheoirí a bhíonn Bundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh ag maireachtaint, agus athrú cultúrtha ag tarlúint gan stad, gan staonadh.

An lá inniu féin, níl teacht ag 126 pobal dúchais ar uisce glan agus bíonn 20% de Bhundúchasaigh ag maireachtaint i dtithe plódaithe baolacha. Níl ach 8% de leanaí Cheanada ina mBundúchasach, ach is Bundúchasaigh iad 52% de na leanaí atá gafa ag an tseirbhís cúraim. 

Mar lonnaitheoirí agus as ionbhá mar Ghaeil, tá dualgas orainn cinntiú go bhfuil dínit, meas, agus féiniúlacht ag Bundúchasaigh na talún so.
 
Tá dóchas agam gur féidir linn, mar lonnaitheoirí agus a sleachta, agus gur féidir leis an dtír seo foghlaim ón stair seo. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar lorg an choilíneachais agus an drochíde, an masla, ghéarleanúint, agus bás a bhíonn fós roimh na Ceanadaigh bhundúchasacha. Ba chóir dúinn ár gcroí a oscailt agus an chluas éisteachta a thabhairt do ghuthanna Bundúchasacha chun tuiscint a fháilt ar a bhfuil de dhíth ar na Bundúchasaigh i gCeanada lena gcás a réiteach agus a saol a fheabhsú i dteannta lena dteangacha agus lena gcultúr. 

Ní féidir rud ar bith a leigheas go dtí go gcuirfear na scéalta chun tosaigh go hoscailte. Mar Ghaeil, agus tuiscint féin againn ar chailliúint teanga agus ar dhíchumhachtú, is é an dóchas ó chroí againn é go mbeidh síocháin agus leigheas ann. Ach níos mó ná dóchas, ardaímis ár nglór fara a chéile in aghaidh iarmhairtí an choilíneachais atá fós ag tarlúint. 

Molaim dúinn, mar phobal, gníomh agus freagracht a éileamh ar ionadaithe ár rialtais, agus freagraímis féin go pearsanta na Glaonna Chun Gnímh ón Truth and Reconciliation Commission. 
 
Ní féidir linn ár dteanga agus ár gcultúr féin a cheiliúradh go hiomlán san Oileán Úr gan mhachnamh a dhéanamh ar staid na dteangacha agus na gcultúr is dúchas don dtír seo, agus tacú a thabhairt lena n-athbheochan, maille le sláinte agus sábháilteacht a muintire. 

Is as athléimneacht na bpobal coilínithe ar fuaid an domhain agus na Bundúchasaigh i Meiriceá Thuaidh go háirithe a thagann dóchas gur féidir na héagóracha seo a chneasú le grá, glacadh, tuiscint, agus bearta.
 
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

SCÉALTA EILE