Tá fir anois ag machnamh ar chaidrimh agus comhráití

Bhí ag obair ag an gcluiche rugbaí i gcoinne na hAirgintíne an deireadh seachtaine seo caite. Ceaptar go mbíonn an-spraoi ag iriseoirí ag na cluichí seo, ach ní fheictear an obair a bhíonn ar bun againn roimh an gcluiche, lena linn agus ina dhiaidh.

Cinnte, bíonn radharc iontach againn i mbosca na tráchtaireachta agus ní bhuailfeadh tada a bheith i lár an aonaigh nuair atá éachtaí á mbaint amach ar an bpáirc imeartha os do chomhair. Mar sin féin, bíonn an tráthnóna fada agus is maith fuar a bhíonn na cnámha nuair a bhíonn orainn dul ag agallamh preasa tar éis an chluiche. 

Mar a shamhlófá, corruair, ní bhíonn mórán fonn cainte ar an té a chaill an cluiche, nó go deimhin ar aon duine, go háirithe má tá siad tuirseach nó má tá siad ag iarraidh na meáin a sheachaint ar chúis éigin. 

Tá siad in ann a bheith leamh go maith mar sin, agus nuair a bhíonn aoi againn atá cainteach, baintear súp as. 

An rud eile atá suntasach faoi na himeachtaí seo, ná gur minic gur mise an t-aon bhean sa seomra. Corroíche, bíonn suas le triúr againn ann. Fuair mé mo dheis ceist a chur ar chóitseálaí na hAirgintíne, Mario Ledesma. Bhí sé cainteach agus bhí muid ar fad ag baint taitneamh as an gcomhrá. Nuair a cheistigh mé é thosaigh sé ag gáire, ag rá gur iontach an cheist a bhí ann agus gur maith an rud é nach raibh mórán mná ag na himeachtaí seo mar gur muidne a chuireann na ceisteanna crua. 

Thosaigh mé féin ag gáire. D’fhreagair sé an cheist, agus ansin chaith fear a bhí le m’ais ceist eile ina threo, agus fuair sé freagra a thug le fios gur thuig an cóitseálaí nach raibh a chuid taighde déanta aige, agus is léir gur fear é Ledesma atá go maith ag caitheamh spallaí nuair atá údar aige.

Nuair a d’imigh na cóitseálaithe agus na himreoirí, tháinig go leor de na hiriseoirí a bhí sa seomra chugam, ag fiosrú ar mhothaigh mé go raibh aon ghnéasachas sa bhfreagra a fuair mé ó Ledesma. Is maith gur tháinig. Anuraidh, ní dóigh liom go smaoineodh mórán acu go mbeadh a leithéid de cheist le cur. 

Sin an tionchar atá ag guth na mban le bliain. Tá fir anois ag ceistiú ar tharla tada míchuí. Seo an áit a gcaithfidh muid a bheith cúramach —  raibh aon ghnéasachas sa bhfreagra a fuair mé. Ní raibh ann ach spraoi agus moladh do mo chuid oibre. 

Léirigh an preasagallamh dom go bhfuil an chuid is mó de na fir anois ag machnamh ar chaidrimh agus ar chomhráití, agus go bhfuil siad sách cróga chun an cheist a chur má tá aon mhíthuiscint ann. Nuair a thug mé fios dóibh nach raibh ann ach píosa spraoi le fear nach raibh iomlán líofa i mBéarla, cuireadh ar a suaimhneas iad. Bhí siad ceart. Tá súil agam mar sin, go léiríonn sé go mbeidh siad chomh tapa céanna ag seasamh le bean, dá dteastódh an tacaíocht sin uaithi amach anseo. Tá dóchas agam. An t-am seo anuraidh, ní raibh. Sin dul chun cinn. 

SCÉALTA EILE