‘Tá mná á marú a fhad is atá tusa ag fanacht i do thost’

Bhí barr nimhe orm tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí lá fada curtha isteach agam, bhí pian i mo dhroim agus bhí teannas i mo chuid matán. Leigheasfadh siúlóid go leor de. Ach bhí sé dorcha. Mhol an créatúr atá sa teach céanna liom dom dul amach ag siúl. D’ith mé é ag rá nach raibh mé in ann mar gheall ar an dorchadas agus nach mbeadh mé ar mo chompóirt, mura mbeadh sé féin sásta dul liom. 

Drama Queen a tugadh orm, diabhal dochar a bheadh ann bualadh amach faoin aer agus fanacht ar na cosáin atá lasta ag soilse, a dúradh.  Ní raibh an t-am aige dul amach liom mar bhí air dul ag obair. D’fhan mé sa mbaile agus colg orm. Fios agam gur dóigh go raibh an ceart aige ach ní raibh mé sásta dul sa tseans.

Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh an méid a tharla ar an Tulach Mhór ag sileadh ar na meáin shóisialta. Bean óg marbh. Dúnmharaithe. Nuair nach raibh sí ach amuigh faoin aer. Níos deireanaí an oíche sin, gabhadh leithscéal liom. Den chéad uair ariamh ceapaim, tá fir ag tuiscint na ndeiseanna atá acu nach bhfuil ag mná. Bíonn an oiread drogaill orm chuile bhliain nuair a chuirtear an clog siar. Cuireann sé deireadh le mo chuid siúlóidí sa tráthnóna. Cuireann sé mná faoi ghlas. Téann muid amach níos túisce sa lá, agus fós, níl muid sábháilte. 

Tá chuile shórt is féidir a dhéanamh le fanacht slán déanta againn. Tá sé in am anois ag fir cuid den obair a dhéanamh. Stop á fhágáil ag mná. Céim amháin a d’fhéadfadh gach duine a thógáil? Labhair amach nuair a roinneann fear pictiúr nó rudaí eile a léiríonn dímheas ar mhná i ngrúpaí WhatsApp. Tá rudaí feicthe agam a chuir iompú goile orm. ‘Sin mar atá sé,’ a freagra a fhaigheann muid. Tá sé in am anois a rá le mo dhuine nach féidir a bheith mar sin, nó ní bheidh aon chairde aige. 

Tá sé in am ag eagraíochtaí spóirt glacadh leis go bhfuil siad ag múnlú fir óga agus go bhfuil níos mó ná spórt á fhoghlaim acu sna seomraí feistis. Eagraigh seisiúin eolais faoi chomhthoil, meas ar dhaoine agus ar mhná, agus bíodh na cóitseálaithe ar an leathanach céanna nó tug bóthar dóibh.

 Tosnaíonn na huafáis mhóra ar fad mar gheall ar an gcead a tugadh do fhir dímheas a thaispeáint do chailíní agus do mhná, más beag féin é, agus iad ag dul amach sa saol. Jócanna ar dtús, ansin ag roinnt grianghrafanna, ag roinnt scéalta faoi chailín nó bean ag tabhairt striapach uirthi, foréigean sa mbaile, foréigean nuair atá deoch ólta aici, éigniú, marú. 

Tuigeann muid nach iad chuile fhear a dhéanann é seo. Nach bhfuil ann ach céatadán beag. Ach is iad chuile fhear a chuirfidh stop leis. Ná bhí ag seasamh ar an taobhlíne níos mó. Bí cróga. Seas an fód. Tá mná agus cailíní á marú an fhad agus atá tusa ag fanacht i do thost. 

SCÉALTA EILE