‘Tá plean faoi leith de dhíth don tithíocht sa Ghaeltacht’

Tá an tír ar fad buailte go dona ag an ngéarchéim tithíochta. Tá na grianghraif agus na físeáin de scuainí fada taobh amuigh de thithe atá ar margadh na tithíochta, bíodh siad le ceannach nó ar fáil ar cíos. Tá praghsanna imithe ó smacht, go háirithe san ardchathair, agus tá an aicíd thógálach seo ag scaipeadh ar fud na tíre. Níl sé furasta teach a cheannach nó a fháil ar cíos in aon áit in Éirinn níos mó. 

Tá sé feicthe againn le roinnt blianta anuas go bhfuil sé fíordheacair teach a cheannach, áit a fháil ar cíos, nó cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. Fuaireamar léargas iontach ar na dúshláin atá ann dóibh siúd atá ag iarraidh teach a thógáil ina gceantair dhúchais, sa chlár faisnéise The Man With The Moving House, a craoladh ar RTÉ an mhí seo caite. Roinn an ceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich a scéal go flaithiúil, ag léiriú cé chomh dúshlánach is atá sé do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil agus fanacht ina bpobail féin. 

Bíonn deacrachtaí móra le dífhostaíocht i gceantair Ghaeltachta, gan trácht ar an ngéarchéim tithíochta, agus tá nós ann le fada go mbogfaidh daoine óga go bailte móra agus cathracha le gairm bheatha a bhaint amach. D’fhoghlaim muid go leor ceachtanna mar shochaí le linn na paindéime, agus buntáiste a tháinig as an tubaiste ná gur thuigeamar gur féidir obair ó chéin, má tá leathanbhanda maith agat. Tá daoine óga na Gaeltachta ag bogadh abhaile le socrú síos, agus tá siad ag glacadh le réimse leathan post, go leor acu bainteach le nósanna nua oibre ó chéin. 

Tá Sam Ó Fearraigh agus Máirín de Buitléir i ndiaidh filleadh ar Ghaeltacht Thír Chonaill le tamall anuas, agus tá Seanán Mac Aoidh tar éis bogadh chun na Gaeltachta ansin, le tabhairt faoi róil thábhachtacha sa phleanáil teanga. Déanann Sam, Máirín agus Seanán an-chuid le cur le saol agus cultúr na Gaeilge, leis an méid atá ar siúl acu sa litríocht, drámaíocht, scannánaíocht, scéalaíocht agus an phleanáil teanga, i measc go leor rudaí eile. 

Ach cé go bhfuil an triúr acu mar dhlúthpháirt den phobal i gCloich Cheann Fhaola, feiceann siad na deacrachtaí scannalacha atá ann do dhaoine óga teach dá gcuid féin a bheith acu. Tá siad tar éis teacht le chéile le tús a chur le feachtas nua agus sprioc acu dul i ngleic leis na fadhbanna tithíochta atá i nGaeltacht Thír Chonaill. 

Bhog Sam Ó Fearraigh abhaile le linn na dianghlasála agus de réir a chéile thuig sé nach raibh gá ann bogadh ar shiúl arís. Tá Sam sa chás céanna le go leor daoine atá i ndiaidh bogadh ar ais chun na Gaeltachta, agus mhínigh sé do NÓS cé chomh deacair agus atá sé socrú síos go neamhspleách sa Ghaeltacht. 

“Tá mé ag stopadh sa bhaile mar gheall ar fhadhbanna thithíochta. Mar sin, go fadtéarmach, níl a fhios agam cé chomh hinmharthana is atá sin. Má tá tú ag iarraidh teacht abhaile agus fanacht le do mhuintir, tá sin ceart go leor, ach má tú ag iarraidh tosú amach leat féin, tá sé an-doiligh áit a fháil ar cíos nó fiú cead pleanála a fháil. Fiú dá mbeifeá ag iarraidh teach a cheannach, tá na praghsanna ag dul in airde, gan stad, gan staonadh,” a dúirt sé.

Cé go bhfuil géarchéim tithíochta ar fud na tíre, tá tionchar damanta ag an easpa tithíochta ar cheantair Ghaeltachta. Tá teanga agus cultúr le caomhnú againn, chomh maith le dul i ngleic le fadhbanna tithíochta, agus rinne Máirín de Buitléir cur síos ar cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeidh cur chuige uathúil ann don Ghaeltacht. 

“Áiteanna beaga iargúlta a bhíonn ann de ghnáth. Tá ganntanas deiseanna agus fostaíochta i gcuid mhór de na háiteanna seo. Ach tá sé chomh speisialta bheith in áit ina dtuigeann gach aon duine tú, go bhfuil aithne agat ar na daoine atá thart ort agus tá tú ábalta do theanga dhúchais a labhairt go laethúil, gan stró. 

“Sin an fáth go bhfuil plean faoi leith de dhíth sa Ghaeltacht, mar is áit éagsúil í. Níl sí cosúil leis an chuid eile den tír. Sin an rud is deise faoi ach caithfear tacaíocht chuí a chur ar fáil le cabhrú le daoine a bheith ábalta cónaí sa Ghaeltacht,” a dúirt sí. 

D’aontaigh Sam leis an méid a bhí á rá ag Máirín, ós rud é go bhfuil “cúinsí ar leith anseo sa Ghaeltacht agus tá práinn ar leith” ann.

“Deirtear linn i gcónaí nach bhfuil againn ach na deich mbliana seo againn leis an Ghaeltacht mar phobal inmharthana leis an teanga a shábháil. Faraor, tá go leor ceantar faoin tuath faoi bhrú. Sa cheantar seo, má bhogann daoine óga amach, fillfidh siad le Béarla, agus ní bheidh pobal buan le Gaeilge anseo,” a dúirt Sam.

Ní hé nach bhfuil tithe sa Ghaeltacht. Tá siad ann, ach tá siad folamh. Nuair a chuaigh Sam, Máirín agus Seanán i mbun taighde, fuair siad amach go raibh os cionn 40% de na tithe i nGaeltacht na dTrí Pharóiste (Cloich Cheann Fhaola, Gaoth Dobhair agus na Rossa) folamh de réir an daonáirimh. Beidh na staitisticí suimiúla seo, na deacrachtaí a bhaineann le cead pleanála agus dúshláin tithíochta eile a phlé i gceann coicíse, nuair a thagann muintir na Gaeltachta le chéile ag cruinniú poiblí i dTír Chonaill. 

Beidh cruinniú poiblí faoi fhadhbanna tithíochta i nGaeltacht Thír Chonaill á reáchtáil ag Sam, Máirín agus Seanán, i Scioból an Phobail ar an Anagaire ag a 19.00 ar an 24 Meán Fómhair. Tá sé de sprioc acu feachtas áitiúil a chur ar bun le mianta an phobail don tithíocht a bhaint amach. 

D’áitigh Seanán Mac Aoidh cé chomh tábhachtach is a bheidh guth an phobail sa phróiseas. 

“Tá plean forbartha Chomhairle Chontae Dhún na nGall a dhréachtú san am i láthair agus tá am againn tionchar a bheith againn ar sin. Tá sé tábhachtach cruinniú mór poiblí a bheith againn le guth a thabhairt do dhaoine agus ba chor go mbeadh níos mó de sin amach anseo,” a dúirt sé.

Tá an easpa tithíochta agus an cosc ar phleanáil dóibh siúd a tógadh sa Ghaeltacht nó atá ag cur fúthu go buan sna ceantair ina dhúshlán mór, le himpleachtaí uafásacha do ghlúin iomlán, mar a mhínigh Seanán. 

“Tá go leor dár gcairde i bhfostú i bhfadhbanna tithíochta, atá a choinneáil siar ar gach uile dhóigh. Cuireann sé srian mór ar shaol duine ar bith, mura bhfuil áit shocair shuaimhneach slán sábháilte agat le bheith i do chónaí ann. Bíonn sé deacair dul chun a dhéanamh le cúrsaí oideachais, fostaíocht agus sláinte mura bhfuil sin agat. Is bunriachtanas é,” a dúirt sé.

Beidh cruinniú poiblí faoi fhadhbanna tithíochta i nGaeltacht Thír Chonaill ar siúl i Scioból an Phobail ar an Anagaire ag a 19.00 ar an 24 Meán Fómhair, agus táthar ag súil le slua mór leis na deacrachtaí agus na dúshláin ar fad a bhaineann le heaspa tithe le ceannach nó a fháil ar cíos, chomh maith le constaicí pleanála a phlé. Is féidir breis eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le Sam Ó Fearraigh, Máirín De Buitléir agus Seanán Mac Aoidh ag an seoladh ríomhphoist tithiochtsaghaeltacht@gmail.com