Tabhair dúinn an rogha!

Tá dul chun cinn iontach déanta againn sa Tuaisceart maidir le cearta sibhialta.

Bhí troid chróga chrua ag an chosmhuintir anseo le bunchearta daonna don lucht oibre náisiúnach a bhaint amach.

Léiríonn an fhorbairt sin gur féidir linn difear a dhéanamh, gur féidir linn drochrudaí a athrú.

Tuigimid ón troid sin, agus ó achan troid eile, go bhfuil na hathruithe atá de dhíth ag dul a theacht uainn, go gcaithfimid iad a dhéanamh as ár stuaim féin.

Níl an Stát ag dul a thabhairt ceart dúinn gan troid dáiríre – go dtí go bhfeiceann siad go bhfuil dainséar ann don chumhacht s’acu féin, ní bheidh suim acu inár streachailt.

Sa troid ar son cearta sibhialta sa Tuaisceart, ní raibh cearta na mban mar chuid d’éilimh ar bith a bhí ag an dá eagraíocht – Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann ná Daonlathas an Phobail go fiú.

Sa tréimhse ama chéanna bhí mná ar fud an domhain ag troid ar son Shaoradh na mBan – ní raibh siad fiú ag caint faoi chearta, bhí siad ag caint faoi shaoradh iomlán agus ag tabhairt buille i ndiaidh buille don phatrarcacht.

In 1967 fuair mná sa Ríocht Aontaithe – seachas an Tuaisceart ar ndóigh – an ceart le rogha a bheith acu faoina gcorp féin agus iad torrach.

Bhain siad an ceart le máithreachas a roghnú dóibh féin ar a dtéarmaí féin nó gan an máithreachas a roghnú ar chor ar bith.

Lean an dul chun cinn seo ar aghaidh i dtíorthaí eile sa tréimhse chéanna, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada san áireamh.

leirisu-rogha

Ar an oileán beag s’againne, áfach, caitear linn mar ghoradáin (incubators).

Tá an tobscor go fóill in éadan an dlí agus is féidir pianbhreith saoil a fháil sa Tuaisceart agus pianbhreith 14 bliain a fháil sa Deisceart más rud é go mbriseann tú an dlí.

Ní chuireann na dlíthe seo cosc ar thobscor, áfach, tarlaíonn siad an t-am ar fad.

Téann mná saibhre anonn go Sasana le tobscor a fháil agus faigheann mná eile piollaí ón idirlíon.

Cé go bhfuil na piollaí an-sábháilte ar fad – níos sábháilte ná aspairín mar shampla – thiocfadh le mná modh eile a ghlacadh agus iad aineolach ar na piollaí.

Is léir, mar sin de, nach gcuireann na dlíthe sin cosc ar an éileamh ar thobscor ach cuireann siad cosc ar an tsábháilteacht.

Nuair a fuair Savita Halappanavar bás in 2012 cionn is gur diúltaíodh tobscor di, mhaígh muid nach ligfeadh muid dá leithéid tarlú arís.

Nuair a chuala muid gur diúltaíodh di mar gur “tír chaitliceach” í Éire, neartaíodh an seasamh s’againn nach ligfimid don stát nó don eaglais roghanna a dhéanamh ar ár son.

Gach aon bhliain bíonn na daoine a chothaíonn agus a chaomhnaíonn na tuairmí as dáta seo ag líonadh ár sráideanna.

Bíonn fir na hEaglaise ag déanamh seanmóireachta, ag rá linn cad é le déanamh lenár gcorp, cé nach mbeidh orthu an rogha chéanna a dhéanamh choíche.

Bíonn a gcuid bréag ar fud na háite.

I mbliana, nílmid ag dul a ghlacadh leis.

Dé Sathairn seo i mBéal Feirste táimid ag glacadh ár sráideanna ar ais agus beidh mórshiúl againn ar son na rogha agus in éadan na mbréag agus na náire a ndéanann siad iarracht a chur orainn.

Nílimid ábalta bolscaireacht a chur amach ón phuilpid mar atá siadsan agus níl airgead na hEaglaise againn mar atá acu, ach táimid ar thaobh cheart na staire.

Bígí linn ar an lá i ndlúthpháirtíocht leis na mná atá ag taisteal, leis na mná atá ina gcoirpigh de réir an stáit.

Bígí linn leis an chéad chéim eile i Saoradh na mBan sa tír seo a bhaint amach!


Tiocfaidh Léirsiú ar son Rogha / Rally for Choice le chéile ag Páirc na mBullaí (Buoy Park), taobh le hOllscoil Uladh, Béal Feirste ag 1in Dé Sathairn 2 Iúil. Lean an feachtas ar @rallyforchoice

Tobscor: bíodh muinín againn as ár mná

SCÉALTA EILE