Tá breis agus 1.27 milliún duine sa tír ar fad atá muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha.
Sin an tátal atá le baint as torthaí suirbhé nua a rinne an comhlacht taighde Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge atá á bhfoilsiú an tseachtain seo ar Tuairisc.ie.
Fuarthas amach sa suirbhé go bhfuil 20% den phobal sa Phoblacht (1,029,800 duine) agus 13% de dhaonra an tuaiscirt (247,400 duine) muiníneach as an nGaeilge a labhairt, rud a fhágann go bhfuil níos mó ná 1,277,200 duine sa tír iomlán atá muiníneach as a gcumas labhartha sa teanga.
I gcás an deiscirt, is laghdú 7% é sin ar líon na ndaoine a dúirt go raibh siad muiníneach as an teanga a labhairt anuraidh ach níl aon athrú tagtha ar an gcéatadán ó thuaidh.
Mar sin féin is líon suntasach daoine é 1.27 milliún – nó 18% de dhaonra an oileáin, atá os cionn 7 milliún anois – agus meastar gur figiúr níos cruinne é ná an líon daoine ó dheas a thug le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh labhairt na Gaeilge acu (1.87 milliún).
“Tá sé thar a bheith spreagúil go léirítear sa taighde seo go bhfuil breis agus 1.27m duine sa tír a deir go bhfuil muinín acu as a gcuid Gaeilge labhartha agus níl aon amhras orm ach go bhfuil baint ag na figiúirí sin leis an bhorradh atá ag teacht ar an Ghaelscolaíocht ar fud an oileáin,” arsa Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.
“Is é an Gaeloideachas cuisle agus croí na hathbheochana. Caithfidh muid níos mó a dhéanamh anois le deiseanna úsáide a chur ar fáil don phobal sin, le tacú leis an Ghaeltacht, le tacú leis an chóras oideachais agus le tacú le tuismitheoirí agus le teaghlaigh atá ag roghnú a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge don chéaduair.”
Ó thaobh líon na ndaoine atá muiníneach as an teanga a thuiscint, is é 35% an figiúr ó dheas agus 19% ó thuaidh.
Is daoine 18 mbliana d’aois agus níos sine a cuireadh faoi agallamh don taighde mar sin ní bhaineann na figiúirí le daoine óga atá go fóill ar scoil.
Foilseofar tuilleadh torthaí ón suirbhé le linn na seachtaine.