Tá cloch mhíle mhór bainte amach ag lucht an Bhunachair Náisiúnta Téarmaíochta, Téarma.ie, agus 100,000,000 cuardach déanta ar an suíomh ó seoladh 13 bliain ó shin é. Bunaíodh Téarma.ie, faoin ainm Focal.ie, sa mbliain 2006, agus ó shin i leith táthar tar éis an t-inneall cuardaigh a úsáid 100,000,000 uair.
D’fhógair Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar maidin gur baineadh an chloch mhíle amach ar an 16 Aibreán i mbliana, agus gurbh é an focal ‘forc’ an focal a cuardaíodh.
Cuirtear téarmaí nua leis an mbunachar go rialta agus is minic a fhreagraítear do théarmaí nuachumtha a thagann chun cinn sa mBéarla agus i dteangacha eile le blianta beaga anuas, chomh maith le saintéarmaí a bhaineann le réimsí atá thar a bheith sonrach.
Tá Téarma.ie ar cheann de na háiseanna Gaeilge is sine ar an idirlíon agus é in úsáid le 13 bliain anuas ag daltaí scoile, mic léinn ollscoile, aistritheoirí gairmiúla, iriseoirí agus an gnáthphobal. Tá tuairim is 185,000 iontráil dhátheangach ar fáil ar Téarma.ie. Seoladh leagan nua den suíomh níos luaithe i mbliana.