20 Dúblóg do na Gaeil

Is minic é ina rírá agus ina ruaille buaille ag lucht labhartha Gaeilge agus sinn ag cur agus ag cúiteamh lena chéile.

Más mian linn an núscar náscar a ruaigeadh as ár gcomhrá, bíodh na nathanna néata seo fite fuaite inár gcaint leis an teanga a dhéanamh níos suimiúla saibhre!

Cad a cheapfá dá ndéarfadh cara leat, ar éirí ar maidin duit, gur “súm sám” ceart thú as siocair nach ndeachaigh tú amach i dteannta do chuid cairde an oíche roimh ré?

Cad a déarfá dá mbeadh a fhios agat gur tháinig “luthairt lathairt” daoine ar ais chun an tí i ndiaidh gur dúnadh na clubanna oíche, agus ar an drochuair go raibh “rup rap” ar gach éinne acu agus gur deineadh “frois frais” den seomra folctha?

Bhuel, dhéanfá “spior spear” den scéal ar fad, ar ndóigh!

Le go mbeidh sibh féin in ann páirt a ghlacadh i gcomhráite mar sin, tá NÓS tar éis scór de na dúblóga agus de na nathanna macallacha is deise linn a roghnú daoibh.


1) rup rap – buinneach (diarrhoeaagus urlacan (vomiting).

legs

Bhí rup rap orm tar éis an kebab sin aréir.


2) súm sám – duine leamh nach bhfuil craic ná brí ar bith ann.

boring party

Tháinig sí amach linn aréir chun mo bhreithlá a cheiliúradh ach ba léir nach raibh fonn uirthi a bheith ann; is súm sám ceart í.


3) spior spear – atmaisféar trom a fheabhsú le focal éadrom, nó beag is fiú a dhéanamh de rud ar dhóigh ardnósach nó ar dhóigh láidir.

jambon

Rinne sé spior spear den jambon sa Spar; b’fhearr leis cuid Centra.


Rinne na Gaeil spior spear d’argóint an iriseora nach bhfuil an Ghaeilge úsáideach.


4) brille bhreaille – seafóid pháistiúil

Trump eile


Ní bhíonn le clos ó bhéal Trump ach brille bhreaille, dar le go leor daoine.


5) fionna feanna – faic na fríde, rud ar bith

Empty

Níor fágadh fionna feanna sa sparán.


6) giob geab – caint, comhrá, cabaireacht

teenages


Beidh giob geab as na scoláirí chomh luath agus a thiocfaidh siad amach as an halla scrúdaithe.


7) fudar fadar – praiseach

mess

Bímis ionraic faoi; tá do shaol ag dul ar fudar fadar ort! 


8) frois frais – bealach eile le ‘praiseach’ a rá

Ireland Water Tax Protest

Rinne an rialtas frois frais de cheist na dtáillí uisce.


9) lumpar lampar – giuirléidí, bailiúchán de rudaí éagsúla.

Knick

Ní bhfaighidh tú thuas san áiléar sin ach lumpar lampar.


10) fuile faile – ruaille buaille

seminar presentation


Is mór an fuile faile a bhí ann; ní raibh a fhios ag duine ar bith cad é a bhí ag titim amach.


11) furtla fartla – fuadar, tranglam. (Níl aon bhaint aige le broimeanna!)

rush

Tá furtla fartla ar an M50 inniu.


12) futa fata – caint ghasta, áthasach nó argóint

calm down


Éirigh as an bhfuta fata; an mbeidh deoch agat?


13) triopall treapall – praiseach de rudaí a bheadh fágtha i do dhiaidh agat.

Glastonbury

Dún do mhála mar is ceart agus ná bíodh sé ina thriopall treapall i do dhiaidh.


14) luthairt lathairt – raidhse, mórán.

bluebells

Bíonn luthairt lathairt cloigíní gorma sna coillte i mí an Mheithimh.


15) folcanta falcanta – neartmhar, láidir.

irish football

Tabharfaidh imreoirí na hÉireann ruathar go folcanta falcanta ar chúl na Sualainne sa chéad chluiche.


16) gíog ná míog – giolcadh, an fhuaim ard a dhéanann éan beag.

Brother's Watching TV

Ní raibh gíog ná míog astu fad is a bhí an cluiche ceannais ar siúl.


17) liútar éatar – trop, torann, raic agus rírá


Bhí gach liútar éatar as na paisinéirí nuair a chuala siad go mbeadh moill mhór ar an eitilt.


18) sciob sceab – tóir mhór nó éileamh mór faoi fhústar (fuss)

Bruce


Bhí sciob sceab ar na ticéid don Boss, ach ní thuigim féin é mar is seanleaid é.


19) trup trap – torann, callán

Loud

Mhúscail siad na comharsana go léir lena dtrup trap ar theacht abhaile dóibh ón gclub oíche.


20) tuf taf – an ceann is fuaimfhileata ar fad b’fhéidir…

Sledding: No Sleigh Needed! San Diego Zoo Polar Bear Belly Slides During Polar Snow Day

Tá an sneachta maith go leor ach is fearr liom tuf taf é ná ina phlub phlab.


An bhfuil dúblóga ar bith ar bharr do theanga? Roinnigí iad linn!

SCÉALTA EILE