Anuraidh scríobh duine de bhunaitheoirí GaelGÁIRÍ alt mór-ráchairte ar an suíomh AnTuairsceoir.com.
Tá slua eile de Ghaeilgeoirí aitheanta anois acu.
Beidh an chéad oíche eile de GaelGÁIRÍ ann an Satharn seo chugainn, 7 Márta, óna 8.30 sa Róisín Dubh i nGaillimh le Kevin McAleer, Michael Mee agus Pádraig Breathnach chomh maith le hAideen McQueen, Máirtín Angolo, Andy Ó Faoláin agus eile.
1. An Greamaitheoir
Gníomhaí Gaeilge atá sa duine seo atá chun an teanga a chur ar ais ar a seanléim trí achar dromchla na tíre a chlúdach le greamáin/sticéirí Gaeilge.
Tá 27% de dhromchla na tíre clúdaithe leis na greamáin acu cheana féin, measann sé go mbeidh leis má éiríonn leis 5% eile a bhaint amach!
2. An Google-translatór
Déanann an duine seo iarracht Google translate a úsáid chun seirbhís iontach Ghaeilge a chur ar fáil.
Tarlaíonn gur leabhair, comharthaí bóthair, póstaeir fud fad an oileáin iad.
Ar an drochuair tá sé seo toisc a n-seafóide, gan bhrí, gan bhonn, gan nach ndéanann.
Seo Bobarúin ag briseadh a n-phoist! (Google Translate stailceann arís.)
Agus má thuigeann tú sin…
3. Gaeilgeoir “Gaeilge Amháin”
Measann siad gur fíorchairde iad an 700,000 duine sa ghrúpa seo. Roinneann siad gach pictiúr dá gclann sa ghrúpa agus fanann siad ina ndúiseacht don oíche ar fad le scrúdú a dhéanamh ar aon phostáil le nasc as Béarla… nó le bheith ar an gcéad duine le “fáilte don ghrúpa” a rá.
Daoine agus grúpa iontach mar sin féin!
4. An Meascaitheoir
Tá an Meascaitheoir dátheangach agus totally loveann siad an bealach gur féidir focail nua cosúil le cadever agus dáiríriously a úsáid.
Croí na Teanga, Tis you!
Ó fan soic, that’s something else entirely.
5. Coláisteoir Samhraidh
It’s go bhfuil mé completely as mo bhosca agus beidh imeachtaí ar mo chúrsa óna 6 ar maidin go dtína 7 ar maidin amárach.
Amhrán tí agus fataí don bhricfeasta, íosfaimid brat na tíre agus tuilleadh fataí um thráthnóna agus beidh céilí bun os cionn againn gléasta mar fhataí san oíche.
Díreach ná luaigh… voldemort.
6. An fada-droim-ar-ais-òir
Cè gur fhoghlaim an duine seo fadaì a scrìobh sa tslíííí cheart tharla rud èigin aisteach dòibh ar theacht na teicneolaìoctha agus scrìobhann siad gach fada droim ar ais.
Cèn fàth?
An è go measann siad gur rud roghnach atà ann, an Gàidhlig atà i gceist, nò an è seo an stìl hiosptair nua ag Gaeil?
Éirígí as!
7. An Conspóid-eoir
Tá tuairimí conspóideacha rialta ar an uile cheist faoi spéir ag an duine seo díreach in am do chláracha cainte TG4.
D’fhéadfaidís an lá uile a líonadh le conspóidí.
Is maith ann iad timpeall ar am na reifreann nuair is féidir Gaeilgeoir le tuairimí seafóideacha a tharraingt amach le bheith ina mála dornálaíochta don taobh eile.
Ach ní féidir go bhfuil na tuairimí seo acu i bhfírinne? An féidir?
8. An cá-bhfuil-na f@()&n fadasO*ir?
Is bre£” le gach duine t£$acs a fh”&^il *n duine seo fada???
Gach duine a scr???obhann mar seo t?? s?? uaf??sach nach bhfuil?
Ní fhreagraíonn éinne a gcuid téacsanna ach amháin an dream sin a bhfuil Ogham nó teanga na nÉigipteach líofa acu.
Abair “^%4$%$ !
9. An Sean-fháinne-eoir
An Gael Gaelach i ndealbh agus i ndéanamh.
Tá fáinne chomh mór acu le roth gluaisteáin órga timpeall ar a muineál acu le rá leis an domhan mór gur Gaeilgeoir iad, cóta de bhréidín, seanaveist, báinín, bróga dúchais Arainn, téipthaifeadán dúchasach Gaelach déanta as báisteach agus 10 gcineál focal Gaeilge do phrátaí beaga.
Tá an sean-fháinne-eoir ag súil go mór lena bhreithlá 21u an bhliain seo chugainn a cheiliúrfar ina theach in Arizona.
10. An Cainteoir Dóchais
Rinne an duine seo an taighde cuimsitheach teangeolaíoch úd a dúirt nár labhair ach Brian agus Máire Gaeilge lena chéile ag an maidin caife sin i n”Gaeltacht” an Chláir.
Ainneoin sin agus gach drochchomhartha, creideann siad go diongbháilte daingean gur ar ais ar a seanléim a bheidh urlabhra aoibhinn Fódla gan mhoill.
11. An Bréagadóir
Téann thart ag rá rudaí ar nós nach bhfuil ach 26 litir sa Ghaeilge, gurb í an teanga is sine ar domhan í agus mar sin de.
(Mar eolas tá gach litir anois aici, agus níl inti ach an teanga scríofa is sine dá bhfuil againn sa taobh seo den Eoraip. Glac leis.)
12. An Mílitreoir
Ceaithfaidh nár léafaigh siad aon ruid ríamh agus nár dhíoraigh shiad mar nach bhfuil siad in ann focail ar bth a litriugh.
Ta an cumas cainnte thar na beartaigh acu agus an scríbh, sgéul eile ar fad é sin.
13. An Tatú-aire
Tá tatú breá mór i gcló trom aige trasna a chliabhraigh aige toisc go raibh sinsinseanuncail leis ar thaobh fhear an phoist a aintín thíos faoin tír.
Ráiteas breá filíochta i gcló ealaíonta a léiríonn an saoldearcadh saor agus spioradáltacht nua-aoiseach atá aige.
Is é an t-aon trua ná gur ghlac sé comhairle an googletraslatór thuas. Teip Eipiceach.
Ó, agus tá an fear rua seo ag seinm i bPáirc an Chrócaigh go luath.
14. An Brist-eoir
Is fear Gaeilge briste(sic) ná Bhéarla chliste (sic) an síormhana ag an duine seo.
Ar ndóigh fágann an mana seo acu gur gá dóibh diúltú aon aird a thabhairt ar aon riail ghramadaí nó bheifí ag baint a bonn den teanga.
An t-aon riail a bhí ar eolas acu riamh ná ‘ar + séimhiú’, dhearmadaigh siad é, ar son na cúise, tuigeann tú.
15. An MylesnagCoplaeen-litreoir
Thaw on dinuh sho on-at fween mal-ock a screen-on sheed an tong-gah. Dane-on sheed ear-ockt mask-on marry a cur air gwee-ne. Kane fah nock nighryon shed os?
Óicé tuigimid anois gur tú an duine is cliste sa rang, éirigh as anois mar a dhéanfadh Gael maith.
16. Seanchló-aire
Is fearr go mór an duine seo an seanchló, labhraíonn sé lena anam, deir sí linn, is féidir na glúnta de Ghaeil agus de shióga agus de fhianna a chlos ag rince agus ag pocléimnigh ar fheiceáil an chló uasail uaibhrigh seo.
As Meiriceá dóibh ar ndóigh, díreach ná habair leo gur cló de chuid Bhanríon Shasana é seo nó rachaidh siad ar thóir oghaim.
17. Canúnóir a mhac
An duine seo tá gearrscéalta uile an Chadhnaigh nite bruite agus ite acu agus sactha siar ina scornach maille le ráiteasaí uile Stoc na Cille agus na paimfléid uile fiú.
Caitheann siad amach ar an leathanach agus ar an saol mór iad mar nach ionann aon Ghaeilge agus dea-Ghaeilge ach cruaGhaeilge chasta an Chadhnaigh a bhfuil seacht sramaí na seanaoise ar fad air.
Gnáth-abairt is féidir a bheith súil léi uathu ná “Sé an chaoi nach mise is fearr a chaitheamh amach cois caoláire móire arae abubúna dar an pota Phádraig, ní mé an ar áit na an-deaGhaeilge atá mé curtha.”
Is ionann sin agus beannacht.
18. An Ponc
Dá gcuirfeá ceist ar an duine seo céard é an rud is fearr faoin teicneolaíocht ní luafaidh siad oideachas foinse-oscailte, an feabhas ar an leigheas nó rud ar bith mar sin ach gur féidir anois an feall a imríodh ar an seanchló a chur ina cheart.
Sin é, an seanchló a thabhairt ar ais.
Deir siad ar gur teacht na clóscríbhneoireachta a chuir as don phonc uasal ach gur féidir na séimhithe uile a bhaint anois. Yé!
Fiú a n-ainmneacha ar Facebook tá siad sa seanchló agus poncanna ar fud an bhaill ainneoin gan séimhithe féin bheith san ainm roimhe!
19. An Rí
Seans go samhlófá gur duine as síscéalta an duine seo ach is as oileán amuigh ó chósta Chiarraí é, áit ar roghnaíodh é mar rí ar an 123 duine a chónaíonn ar Oileán na mBó.
Fidléir den chéad scoith leis!
20. Tá Gaeilge iontach!!!! Croí****
An cheist is túisce a ritheann leis an duine seo ná cén fáth nach labhraíonn daoine eile Gaeilge?
Cén fáth nach labhraíonn gach uile dhuine Gaeilge?
Agus an ceart ar fad acu, ach briseann sé mo chroí an míniú de na blianta den náire iarchoilíneach a thabhairt dóibh agus coincheap soineanta an domhain s’acu a réabadh ó chéile.
21. Gaeilgeoir le Béarla saibhir na Gaeltachta
Duine breá Gaeltachta go bhfuil Gaeilge chomh saibhir blasta sin acu nach dtuigfeá an Béarla ina nGaeilge.
Tuigeann tú go maith gur an-dea-Ghaeilge ar fad atá ag duine nuair nach dtuigeann tú an Béarla in a gcuid cainte.
Bruasa blasta bhlas na Gaeltacht ag crapadh gach défhoghar gallda orthu.
Moladh go deo leo.
22. Uachtarán an Ólachtais
Boc mór na nGael, slabhra mór bling bling timpeall a mhuiníl. Ólfaidh tú pionta nó déanfaidh tú líne cóic leo ó bhairille na rinceoirí ar an sean-nós ag a 7 a chloig ar maidin.
Cuma bhreá shláintiúil orthu ag seoladh leabhair faoi chanúint pharóiste na Cille Duibhe idir 1890 agus 1930 ar a 9 an mhaidin dár gcionn.
23. An-níl-mé-maith-liom-focal-cosúil-le-Béarla-óir
Tá mé Gaeilge iontach, cén fáth an Béarla an frasaí tá sé béarlachas.
Cén fáth an focal pictiúr?
Tá sé béarlachas, nach bhfuil íomháfadasoladachibhfráma níos fearr?
Fan soicind ní i bhfráma, i slata adhmaid timpeall ar phictiúr?
Nach tá sé?
24. Buaiteoir an Ólachtais
Buann gach duais ag an Oireachtas, ní fheiceann tú riamh í ach ag an Oireachtas, measann tú go gcónaíonn sí sa Ródaí sin agus go mbíonn sí díreach pacáilte isteach ann go scaoiltear amach í don chéad fheile bhliantúil eile!
25. Gaeilgeoir Meánaicmeach
D’fhreastail sé ar Ghaelscoil ‘phríobháideach’ i mBÁC.
Cuireann a chuid páistí ag imirt cruicéid agus rugbaí agus crócét.
Éiríonn as Gwaeilge a labhairt.
Sileann an leanbh Gaeilge deoir.
26. Tabhair-dom-cairde-óir
Ar nós gach aon ghrúpa sa tsochaí, bíonn daoine ann toisc nach féidir leo cairde a fháil in aon ghné eile den saol.
Óicé isteachaigí libh ar fad.
Díreach ná labhair leis an gcuid eile againn is féidir libh seasamh thall sa chúinne.
Iontach.
27. Gael Protastúnach
Is Protastúnach iad agus tá Gaeilge acu.
Wow. Níor chóir go mbeadh sé ina wow ach tá.
Bíodh deireadh leis an wow.
Má léigh tú chomh fada tá dualgas dlí ort dul go GaelGÁIRÍ. (*Ní faoin nGaeilge féin a bhíonn mórchuid an ghrinn DAS!) Ticéid ar fáil anseo.
Is féidir an chéad alt a léamh anseo.